Historical Irish Corpus
1600 - 1926

IV. Mar do chéad-ghlac Cúchulainn Airm Faobhair, agus mar d'éirigh dho amuigh.

Title
IV. Mar do chéad-ghlac Cúchulainn Airm Faobhair, agus mar d'éirigh dho amuigh.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 509


IV. — MAR DO CHÉAD-GHLAC CÚCHULAINN
AIRM FAOBHAIR, agus MAR D'ÉIRIGH
DHO AMUIGH.



"Do dhein sé éacht eile amh," arsa Fiacha Mac
Firbhe. "Bhí Cathbhadh draoi i bhfochair a mhic .i. Con-
chubhar Mac Neasa. Céad fear gasta (?) 'n-a thim-
cheall ag foghluim draoidheachta uaidh. B'in é líon do
mhúineadh Cathbhadh. D'fhiafraigh duine áirithe dá mhac-
aibh léighinn de, 'Cad de go mbeadh an lá so go
maith?' Do fhreagair Cathbhadh: 'Pé óglaoch do
ghlacfaidh airm faobhair an lá so go mbeadh a ainm
ar fuid Éireann ar ghníomhartha gaiscidh, agus go mbeadh
árd-chlú air go bráth.'



"D'airigh Cúchulainn soin. Do chuaidh ag triall ar
Chonchubhar ag iarraidh airm. Dubhairt Conchubhair:
'Cia dubhairt soin leat?' 'M'oide Cathbhadh,' arsa
Cúchulainn. 'Tá's agam,' arsa Conchubhar. Thug sé
gath agus sciath dho. Do chroith sé ar lár an tighe iad ar
chuma nár éaluigh ean-cheann de na cúig armaibh
déag a bhíodh i dteaghlach Chonchubhair 'n-a fhlúirse i
gcóir airm-bhriseadh nó chun duine do chóiriughadh i
n-airm gaiscidh. Do tugadh treallamh Chonchubhair
féin do. Do sheasamh soin 'n-a choinnibh agus do chroith é,
agus do bheannuigh an ríogh dar threallamh é, agus dubhairt:
'Beannacht ar an dtuaith agus ar an gcinéal darab
rí an fear gur leis an treallamh so.' 'N-a dhiaidh
soin, tháinig Cathbhadh chuca, agus dubhairt: 'An faobhar
a ghabhann an t-óglaoch?' arsa Cathbhadh. "Seadh,
arsa Conchubhar. 'Ní hádhmharach do mhac a mháthar
soin,' ar seisean. 'Cad 'n-a thaobh? Nach tusa a
dubhairt Leis é?' 'Ní mé cheana,' arsa Cathbhadh.
'Cad fé ndeara dhuit an bhréag a imirt orm, a
shíobhra?' arsa Conchubhar le Cúchulainn. 'A rí Fhéinne,
ní bréag é,' arsa Cúchulainn. 'Dubhairt sé le n-a
mhacaibh léighinn ar maidin é, agus do chualadh-sa é ar an
dtaobh theas d'Eamhain, is tánag chughat-sa láithreach,'
'Maith an lá é go deimhin,' arsa Cathbhadh. 'Is follus
gurab oirdhearc mór-chlúmhail a bheidh an té ghlacfaidh
faobhar indiu, acht amháin go mbeidh duthain (neamh-
bhuan). 'Go maith,' arsa Cúchulainn. 'Dá mbadh
oirdhearc dam, badh mhaith liom é, mara mbeadh acht
lá saoghail agam.'



"Lá eile d'fhiafruigh duine áirithe de sna draoithibh
cad de go mbeadh an lá soin go maith. 'Pé duine
raghaidh i gcarbad indiu,' arsa Cathbhadh, 'beidh a ainm
ar fuid Éireann go bráth.' D'airigh Cúchulainn é sin.
Do chuaidh ag triall ar Chonchubhar agus dubhart leis:
'A rí Chonchubhair,' ar seisean, 'carbad damh-sa.'
Tugadh an carbad chuige. Do chuir sé a lámh idir dhá
leathchlaidhe an charbaid, agus do bhris an carbad 'n-a
láimh. Do bhris sé an dá charbad déag ar an nós soin.
Tugtar carbad Chonchubhair chuige. Níor ghéill sé sin
do.



"Chuaidh sé isteach san gcarbad 'n-a dhiaidh soin, agus
ara (.i. tiománuidhe) Chonchubhair i n-éinfheacht leis.
Ibhar a b'ainm do-san. D'iompuigh an t-ara an
carbad fé-sean. 'Tar amach as an gcarbad an taca
so,' ar san t-ara. 'Tá na heachra caomh (luachmhar),
táim-se caomh leis, mac caomh is eadh mé,' arsa Cú-
chulainn. Tiomáineam timcheall nEamhna amháin, is
gheobhair luach do shaothair.' Annsoin do chuaidh an
t-ara, agus do chuir Cúchulainn d'fhiachaibh air dul
ar shlighe 'n-a bhféadfaidhe ceileabhradh do na hógán-
aigh agus 'go mbeannuighdís na hógánaigh dam.' D'iarr
sé air teacht an tslighe chéadna aris. Ar a dteacht
dóibh, dubhairt Cúchulainn leis an ara: 'Tabhair an
tslat ar an eachraidh,' ar seisean. 'Caidé an treó?'
ar san t-ara. 'An fhaid do théidheann an bóthar,' arsa
Cúchulainn.



"Tángathas as soin go Sliabh Fuaid. Fuarathas
Conall Cearnach ann. Ar Chonall do bhí cosaint an
chúigidh an lá úd, mar do bhíodh gach gaiscideach d'Ul-
taibh ar feadh lae ar Shliabh Fuaid chun díon a dhéanamh
ar an té thagadh ann le dán filidheachta, nó chun comh-
raic le duine, i slighe gurab ann do bhuailfeadh uime,
agus ní raghadh éinne chun Eamhna, ná tabharfadh an té
bheadh ar Shliabh Fuaid fé ndeara é. 'Go raibh de shéan
duit soin,' arsa Conall, 'de bhuaidh is de choscar.'
'Éirigh-se san ndún, a Chonaill, agus leig dhamh-sa faire
dhéanamh annso.' 'Badh leór soin,' arsa Conall, 'dá
mbadh chun anacail duine le dán filidheachta é; acht
dá mbadh chun comhraic le fear é tá soin ró-luath
dhuit fós.' 'B'éidir ná beidh gábhadh leis siúd ar éan-
chor,' arsa Cúchulainn. 'Téanam ar éan-chuma, go
bhfeicfeam bruacha Loch Eachtra uainn. Is gnátha
ógánaigh uaisle ag stad ann.' 'Go maith,' arsa
Conall.



"D'imthigheadar leó annsoin. Do chaith seisean cloch
as a thabhail (gléas teilgin) agus brisead leath-
chlaidhe charbaid Chonaill Chearnaigh. 'Cad chuige dhuit
cloch a chaitheamh, a mhacáin?' arsa Conall. 'Chun mo
lámh agus dírigheacht mo urchair do fhromadh,' arsa Cú-
chulainn. 'Agus is gnás agaibh-se Ultaigh gan dul
trí bhaoghal ar marcaigheacht.' Éirigh-se go hEamhain
arís, a Chonaill, a chara, agus fág-se annso mise ag
faire.' 'Go maith, máiseadh,' arsa Conall. I n-a
dhiaidh-san ní dheaghaidh Conall Cearnach thar an áit
úd.



"Annsoin do chuaidh Cúchulainn go dtí Loch Eachtra,
acht ní bhfuair éinne ann roimhe. Dubhairt an t-ara
le Cúchulainn dul go hEamhain go bhfuighidís deoch
ann. 'Ní ragham,' arsa Cúculainn. 'Acht cad é an
sliabh é siúd thall?' 'Sliabh Modhuirn,' ar san t-ara.
'Téanam go sroisfam é' arsa Cúchulainn. Do
ghluaiseadar leó chun gur shroiseadar é. Tar éis
dóibh an sliabh a shroisint, dubhairt Cúchulainn: Cad
é an carn geal é siúd thall i n-uachtar an tsléibhe?'
'Fionncharn,' ar san t-ara. 'Caidé an mhágh í siúd
thall?' ar sa Cúchulainn. 'Magh mBreagh,' ar san
t-ara. D'iarr air annsoin ainm gach príomh-dhúna (dá
raibh) idir Theamhair is Cheanannas. Do chuir eólas ar
dtúis ar a n-iathaibh is ar a n-áthaibh, ar a n-ionadaibh
oirdhearca is ar a dtreabhaibh, ar a ndúnaibh is ar a
n-árd-dhaingnibh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services