Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ní hIonann Gnás Dé agus Gnása an tSaoghail.
Title
Ní hIonann Gnás Dé agus Gnása an tSaoghail.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NÍ hIONANN GNÁS DÉ agus GNÁSA AN tSAOGHAIL. Chomh luath is sgoitheadar an t-áth, chon- aiceadar an bacach bocht agus an sparán airgid aige, agus, cidh gur innis sé an sgéal dóibh go fírinneach, ní thiubhrfadh siad áird nó beann air, acht thóigeadar leó é 'n-a phríosúnach ar an mball. Bhí an t-aonrachán ag amharc ar an méid seo, acht níor chorruigh sé is níor labhair sé focal, mar dubhairt sé leis féin go bhfan- fadh sé go bhfeicfeadh sé an chaoi do shaor- fadh Dia an bacach is go bhfoillseóghadh Sé a neamh-chiontacht, mar go raibh sé lán-chinnte nach leigfeadh Sé anachan do dhéanamh air. Acht, mo léan géar! Do dhaoradh is do chrochadh an duine bocht ins an éagcóir; is ba mhór do ghoill an sgéal ar an aonrachán nuair a chualaidh sé é. Níor fhéad sé urnaigh nó léigheadh do dhéanamh acht ag síor-mhachtnamh agus ag cuimh- neamh ar an éagcóir do rinneadh, gur chaill sé a chreideamh agus a dhóchas faoi dheireadh go hiomlán. Smaoin sé nach raibh i n-a bheatha acht cailleadh aimsire go dí-chéillidhe, agus nach leanfadh sé dó ní ba mhó, is go rachfadh sé amach faoi an saoghal, acht nach gcuirfeadh sé suim nó iongnadh ar bith i bhfealltanas nó i n-éagcóir dá bhfeicfeadh sé choidhche arís iad. Chruinnigh sé le chéile a chuid leabhra isteach ins an mála, is chaith sé iad síos ins an poll ba dhoimhne fuair sé 'san abhainn, is ghluais sé roimhe go bhfeicfeadh sé cad do bhí le feiceál sa domhan mór. Ní raibh sé ag siubhal i bhfad an chéad lá gur bhuail sé suas ar neach do bhí 'n-a siubhluidhe mar é féin. Ba fhear óg, fian- tach an duine sheo, is bhí sé chomh carthannach,
ceannsa, céillidhe, is a chomhrádh chomh slacht- mhar, sultmhar soin gur cheapadar le chéile siubhal i gcuideachta. Do thaithneadar le chéile chomh mór san nár mhoithigheadar go raibh an oidhche ag tuitim ortha, is b'éigin dóibh dearcadh tharsta le dídion na hoidhche fhagháil. Bhuaileadar isteach i dtigh bhiadh- taigh an-ghoir dóibh dhá iarraidh. Chuir fear an tighe fáilte flaitheamhail, farsaing rompa, is fuaradar a rogha bídh is díge le caitheamh, is freasdal is leap- thacha dá réir sin. Tugadh corn greanta de'n ór bhuidhe lan de fhíon Spáineach le n-ól do gach duine aca ar dul a luighe dhóibh, agus ba hé an sgéal céadna é ar éirighe dhóibh ar maidin. Ar imtheacht dóibh, d'fhiafruigh fear an tighe dhíobh an raibh rud ar bith teastáil uatha, nó ba mhaith leó fhagháil nach bhfuara- dar; mar má bhí go raibh sé le fagháil aca ar a iarraidh, mar ba hé siúd gnás a thighe- sa i gcomhnuidhe. Thugadar a mbuidheachas dó, is dubharadar nach raibh adhbhar ceasacht ar bith aca, go rabhadar lán sasta dá n-oidheacht. Ar ghabháil amach an dorus bhreathnuigh an deóruidhe an fear óg ag tógáil an chuirn de'n bhórd, is dá chur faoi n-a fhallaing. Bhí sé ar tí labhairt leis go teann, feargach, nuair do chuimhnigh sé ar a rún, is chuir sin tost air. Shiubhladar i gcaitheamh an lae sin, is má ba shuairc, slachtmhar an coigchríoch óg an chéad lá, bhí sé fá dhó ní ba shuairce an dara lá i n-a chuid chainnte is chomhrádh, is shiubh- ladar go teacht an tráthnóna. Thoisigh sé ag cur fearthanna ortha, is bhíodar fuar, fliuch nuair bhuaileadar isteach i dtigh oidheacht ag iarraidh dídion go lá. Acht mo léan, ní bhfuaradar acht fáilte fuar, gortach, gruaimeach, ní hionann agus an chéad oidhche. Cuireadh i seomra fallamh, fairsing, fuar, lom iad, gan do bhiadh aca acht arán donn, is crúsca mór uisge le n-ól. Chodladar ar an chlár lom, is chuireadar an oidhche tharsta anróiteach go leór. Ní dhearnadar mórán faillighe ann, chomh luath is do tháinig solus an lae, acht ar imtheacht dóibh, tharraing an coigchríoch an corn óir amach, is d'fhág sé n-a sheasamh é ar an chlár 'n-a dhiaidh. Cí gur chuir seo iongnadh ar an duine eile, níor labhair sé focal dá thaobh, agus siúd 'un bealaigh iad ar an treas lá. An oidhche seo ar dul ag iarraidh dídion dóibh i dteach, chuir fear an tighe fáilte rompa go sáimh, socair, i n-onóir do Dhia, agus thug sé leis isteach 'un a sheomra féin iad. 'Réis biadh do chaitheamh d'éirigh comhrádh caoin, céillidhe eatortha. Bhí leanbh óg i gcliabhán ann, is b'fhuras aithneachtáil go raibh mórán stró is bród ag a athair as, nídh nár bh'iongnadh, mar nach raibh de chlann aige acht é. Chuadar a luighe is ar maidin nuair bhíodar ag triall i n-éadan a n-aistear dubhairt fear an tighe, mar go raibh abhainn chontabhairteach rompa ins an tslighe go gcuirfeadh sé duine dá mhuinntir le n-a dtreórughadh thairsti. Thugadar fír-bhuidh- eachas dó, is d'fhágadar slán leis, acht ar imtheacht amach do'n choigchríoch chuaidh sé le hais an chliabháin, is chuir sé a lámh ar sgór- nach an leinbh gur thacht sé an t-anam as. Chonnaic an deóraidhe é, is ba dhoiligh leis gan briseadh amach air le feirg, acht chuimhnigh sé ar a mhóide, is níor leig sé smid as. Ghluaiseadar rompa gur shroicheadar an abhainn, is bhí giolla fir an tighe a taisbeánt na poill ba dhoimhne, is ba chontabhairtighe dhóibh nuair a tháinig an coigchríoch taobh thiar dhe, is theilg sé isteach é i lár na habhna gur báitheadh é. Ar an mball thiompuigh an deóruidhe air: "Ní féidir liom d'fhoilint níos fuide," ar
sé; acht nuair do dhearc sé air ba haingeal lonnrach, gléigeal do bhí 'n-a sheasamh as a chomhair, ag amharc air le carthannas is truaighe. Do chrom an deóruidhe a cheann go humhal, roimhe, is labhair an t-aingeal go ciúin leis: "A dhuine bhocht, díchéillidhe, ghlac an tUille-chomhachtach truaighe dho do bhuaidhirt- intinne i dtaobh neithe saoghalta nach dtig led' intleacht thuigsint. Cuireadh mise 'mo theachtaire chugat le do dhallacht d'fhuas- gailt is do leigheasughadh. An chéad rud do rinnidh do mhealladh, bás an tseanduine bhocht i ngeall le coir nach raibh sé cionntach leis. Tá sé os cionn fiche bliadhain ó mharbhuigh sé athair an duine uasail sin do chaill an t-airgead, agus cí go raibh aithreachas a sháith air, níor aidmhigh sé ariamh é, is ní dhearnaidh sé leór-ghníomh ann. Acht sulmar crochadh é, d'admhuigh sé cóir-dhíoghaltas Dé, agus an ceart-phionús do tháinig air. Ní thráchtaim ar an ghaduidhe acht amháin gur fuisge an ghrásta dho chroidhe na féile ná do chroidhe na sainte. I dtaobh mhuinntir na dtighthe sin ar chodhlamair annta, ní raibh ins an gcéad fhear acht glagaire mórchúiseach an-mhianach a bhí ag maoidheamh a chuid shaidh- bhris is éadáil, agus ag méadughadh a cháile is a chlú shaoghalta, gan déirceacht nó grádh Dé 'n-a chroidhe. Acht ó ghoideas an sgála óir uaidh beidh sé níos measartha faoi sgapadh a mhaoin ar an tsaoghal go dtioc- faidh sé faoi dheireadh gan mórán suim do chuir i maoin nó i gcáil saoghalta. An dara fear — eisean do bhí 'n-a chocaire cruaidh gortach; ó d'fhágas an corn aige i n-aisge ní bheidh sé chomh cumhang-chroidheach a choidhche ó so amach. An duine macánta úd ar chodhlamair aréir leis - is fear cneasta, cóir, crábhthach é, a bhfuil fír-dhéirc 'n-a chroidhe, acht bhí an leanbh ag dul eadair é féin is Dia. Bhí an bheirt i ngábhadh a gcaillte muna mbeadh gur tóigeadh uaidh é, is admhuigheann sé cheana féin — cí gur le croidhe cráidhte é, gur fearr mar atá, is géilleann sé go foighdeach do thoil Dé. An giolla seo do báitheadh as do chomhair, is do ghoill chomh mór san ort, tá ceilg- connradh ar bun san áit seo ag buidhean gaduidhthe leis an teach do chreachadh is do shlad. Bhí súil aca go leigfeadh an fear óg so isteach iad ar dhuais airgid do bhíodar le tairgsint dó, is badh bhaoghalach go dtuitfeadh sé fá'n gcathughadh, is go mar- bhóghthaidhe fear an tighe. Anois tá cosg curtha leis an obair, agus má táir sásta leis an míniughadh seo ar neithibh nár fhéadais a dtuigsint, fill ar d'ais go dtí d'áit comh- nuighthe sa gcoill, agus ná bíodh imnidhe ar bith i dtaobh a leithéidí arís, mar nach ionann gnás Dé agus gnása an tsaoghail." Ghlac an deóruidhe a chomhairle. Chuaidh sé go dtí an abhainn, agus tharraing sé aníos as a chuid leabhra, is fuair sé iad chomh slán is bhíodar riamh, gan fiú a bhfliuchtha ortha. Chaith sé a shaoghal sa mbothach i lár na coille, agus is dócha go bhfuair sé na flaithis 'réis a bháis — agus go mbadh hamhlaidh dhúinne é. SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ. A CHRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services