Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ní hIonann Gnás Dé agus Gnása an tSaoghail.

Title
Ní hIonann Gnás Dé agus Gnása an tSaoghail.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NÍ hIONANN GNÁS DÉ agus GNÁSA
AN tSAOGHAIL.



Chomh luath is sgoitheadar an t-áth, chon-
aiceadar an bacach bocht agus an sparán
airgid aige, agus, cidh gur innis sé an sgéal
dóibh go fírinneach, ní thiubhrfadh siad áird
nó beann air, acht thóigeadar leó é 'n-a
phríosúnach ar an mball.



Bhí an t-aonrachán ag amharc ar an méid
seo, acht níor chorruigh sé is níor labhair sé
focal, mar dubhairt sé leis féin go bhfan-
fadh sé go bhfeicfeadh sé an chaoi do shaor-
fadh Dia an bacach is go bhfoillseóghadh Sé a
neamh-chiontacht, mar go raibh sé lán-chinnte
nach leigfeadh Sé anachan do dhéanamh air.
Acht, mo léan géar! Do dhaoradh is do
chrochadh an duine bocht ins an éagcóir; is
ba mhór do ghoill an sgéal ar an aonrachán
nuair a chualaidh sé é.



Níor fhéad sé urnaigh nó léigheadh do
dhéanamh acht ag síor-mhachtnamh agus ag cuimh-
neamh ar an éagcóir do rinneadh, gur chaill
sé a chreideamh agus a dhóchas faoi dheireadh go
hiomlán.



Smaoin sé nach raibh i n-a bheatha acht
cailleadh aimsire go dí-chéillidhe, agus nach
leanfadh sé dó ní ba mhó, is go rachfadh sé
amach faoi an saoghal, acht nach gcuirfeadh
sé suim nó iongnadh ar bith i bhfealltanas
nó i n-éagcóir dá bhfeicfeadh sé choidhche
arís iad. Chruinnigh sé le chéile a chuid
leabhra isteach ins an mála, is chaith sé iad
síos ins an poll ba dhoimhne fuair sé 'san
abhainn, is ghluais sé roimhe go bhfeicfeadh
sé cad do bhí le feiceál sa domhan mór.



Ní raibh sé ag siubhal i bhfad an chéad lá
gur bhuail sé suas ar neach do bhí 'n-a
siubhluidhe mar é féin. Ba fhear óg, fian-
tach an duine sheo, is bhí sé chomh carthannach,


L. 496


ceannsa, céillidhe, is a chomhrádh chomh slacht-
mhar, sultmhar soin gur cheapadar le chéile
siubhal i gcuideachta. Do thaithneadar le
chéile chomh mór san nár mhoithigheadar go
raibh an oidhche ag tuitim ortha, is b'éigin
dóibh dearcadh tharsta le dídion na hoidhche
fhagháil. Bhuaileadar isteach i dtigh bhiadh-
taigh an-ghoir dóibh dhá iarraidh.



Chuir fear an tighe fáilte flaitheamhail,
farsaing rompa, is fuaradar a rogha bídh
is díge le caitheamh, is freasdal is leap-
thacha dá réir sin. Tugadh corn greanta
de'n ór bhuidhe lan de fhíon Spáineach le
n-ól do gach duine aca ar dul a luighe dhóibh,
agus ba hé an sgéal céadna é ar éirighe
dhóibh ar maidin.



Ar imtheacht dóibh, d'fhiafruigh fear an
tighe dhíobh an raibh rud ar bith teastáil
uatha, nó ba mhaith leó fhagháil nach bhfuara-
dar; mar má bhí go raibh sé le fagháil aca
ar a iarraidh, mar ba hé siúd gnás a thighe-
sa i gcomhnuidhe. Thugadar a mbuidheachas
dó, is dubharadar nach raibh adhbhar ceasacht
ar bith aca, go rabhadar lán sasta dá
n-oidheacht. Ar ghabháil amach an dorus
bhreathnuigh an deóruidhe an fear óg ag
tógáil an chuirn de'n bhórd, is dá chur faoi
n-a fhallaing. Bhí sé ar tí labhairt leis go
teann, feargach, nuair do chuimhnigh sé ar a
rún, is chuir sin tost air.



Shiubhladar i gcaitheamh an lae sin, is má
ba shuairc, slachtmhar an coigchríoch óg an
chéad lá, bhí sé fá dhó ní ba shuairce an dara
lá i n-a chuid chainnte is chomhrádh, is shiubh-
ladar go teacht an tráthnóna. Thoisigh sé
ag cur fearthanna ortha, is bhíodar fuar,
fliuch nuair bhuaileadar isteach i dtigh
oidheacht ag iarraidh dídion go lá. Acht mo
léan, ní bhfuaradar acht fáilte fuar, gortach,
gruaimeach, ní hionann agus an chéad oidhche.
Cuireadh i seomra fallamh, fairsing, fuar,
lom iad, gan do bhiadh aca acht arán donn, is
crúsca mór uisge le n-ól. Chodladar ar
an chlár lom, is chuireadar an oidhche tharsta
anróiteach go leór. Ní dhearnadar mórán
faillighe ann, chomh luath is do tháinig solus
an lae, acht ar imtheacht dóibh, tharraing an
coigchríoch an corn óir amach, is d'fhág sé
n-a sheasamh é ar an chlár 'n-a dhiaidh.



Cí gur chuir seo iongnadh ar an duine
eile, níor labhair sé focal dá thaobh, agus
siúd 'un bealaigh iad ar an treas lá. An
oidhche seo ar dul ag iarraidh dídion dóibh i
dteach, chuir fear an tighe fáilte rompa go
sáimh, socair, i n-onóir do Dhia, agus thug
sé leis isteach 'un a sheomra féin iad.



'Réis biadh do chaitheamh d'éirigh comhrádh
caoin, céillidhe eatortha. Bhí leanbh óg i
gcliabhán ann, is b'fhuras aithneachtáil go
raibh mórán stró is bród ag a athair as, nídh
nár bh'iongnadh, mar nach raibh de chlann aige
acht é. Chuadar a luighe is ar maidin nuair
bhíodar ag triall i n-éadan a n-aistear
dubhairt fear an tighe, mar go raibh abhainn
chontabhairteach rompa ins an tslighe go
gcuirfeadh sé duine dá mhuinntir le n-a
dtreórughadh thairsti. Thugadar fír-bhuidh-
eachas dó, is d'fhágadar slán leis, acht ar
imtheacht amach do'n choigchríoch chuaidh sé le
hais an chliabháin, is chuir sé a lámh ar sgór-
nach an leinbh gur thacht sé an t-anam as.
Chonnaic an deóraidhe é, is ba dhoiligh leis
gan briseadh amach air le feirg, acht chuimhnigh
sé ar a mhóide, is níor leig sé smid as.



Ghluaiseadar rompa gur shroicheadar an
abhainn, is bhí giolla fir an tighe a taisbeánt
na poill ba dhoimhne, is ba chontabhairtighe
dhóibh nuair a tháinig an coigchríoch taobh thiar
dhe, is theilg sé isteach é i lár na habhna gur
báitheadh é.



Ar an mball thiompuigh an deóruidhe air:
"Ní féidir liom d'fhoilint níos fuide," ar


L. 497


sé; acht nuair do dhearc sé air ba haingeal
lonnrach, gléigeal do bhí 'n-a sheasamh as a
chomhair, ag amharc air le carthannas is
truaighe.



Do chrom an deóruidhe a cheann go humhal,
roimhe, is labhair an t-aingeal go ciúin leis:



"A dhuine bhocht, díchéillidhe, ghlac an
tUille-chomhachtach truaighe dho do bhuaidhirt-
intinne i dtaobh neithe saoghalta nach dtig
led' intleacht thuigsint. Cuireadh mise
'mo theachtaire chugat le do dhallacht d'fhuas-
gailt is do leigheasughadh.



An chéad rud do rinnidh do mhealladh,
bás an tseanduine bhocht i ngeall le coir
nach raibh sé cionntach leis. Tá sé os cionn
fiche bliadhain ó mharbhuigh sé athair an duine
uasail sin do chaill an t-airgead, agus cí
go raibh aithreachas a sháith air, níor aidmhigh
sé ariamh é, is ní dhearnaidh sé leór-ghníomh
ann. Acht sulmar crochadh é, d'admhuigh sé
cóir-dhíoghaltas Dé, agus an ceart-phionús
do tháinig air.



Ní thráchtaim ar an ghaduidhe acht amháin
gur fuisge an ghrásta dho chroidhe na féile
ná do chroidhe na sainte. I dtaobh mhuinntir
na dtighthe sin ar chodhlamair annta, ní raibh
ins an gcéad fhear acht glagaire mórchúiseach
an-mhianach a bhí ag maoidheamh a chuid shaidh-
bhris is éadáil, agus ag méadughadh a cháile
is a chlú shaoghalta, gan déirceacht nó grádh
Dé 'n-a chroidhe. Acht ó ghoideas an sgála
óir uaidh beidh sé níos measartha faoi
sgapadh a mhaoin ar an tsaoghal go dtioc-
faidh sé faoi dheireadh gan mórán suim do
chuir i maoin nó i gcáil saoghalta.



An dara fear — eisean do bhí 'n-a chocaire
cruaidh gortach; ó d'fhágas an corn aige i
n-aisge ní bheidh sé chomh cumhang-chroidheach
a choidhche ó so amach.



An duine macánta úd ar chodhlamair aréir
leis - is fear cneasta, cóir, crábhthach é, a
bhfuil fír-dhéirc 'n-a chroidhe, acht bhí an leanbh
ag dul eadair é féin is Dia. Bhí an bheirt i
ngábhadh a gcaillte muna mbeadh gur tóigeadh
uaidh é, is admhuigheann sé cheana féin — cí
gur le croidhe cráidhte é, gur fearr mar
atá, is géilleann sé go foighdeach do thoil
Dé.



An giolla seo do báitheadh as do chomhair,
is do ghoill chomh mór san ort, tá ceilg-
connradh ar bun san áit seo ag buidhean
gaduidhthe leis an teach do chreachadh is do
shlad. Bhí súil aca go leigfeadh an fear
óg so isteach iad ar dhuais airgid do bhíodar
le tairgsint dó, is badh bhaoghalach go
dtuitfeadh sé fá'n gcathughadh, is go mar-
bhóghthaidhe fear an tighe. Anois tá cosg
curtha leis an obair, agus má táir sásta
leis an míniughadh seo ar neithibh nár fhéadais
a dtuigsint, fill ar d'ais go dtí d'áit comh-
nuighthe sa gcoill, agus ná bíodh imnidhe ar
bith i dtaobh a leithéidí arís, mar nach ionann
gnás Dé agus gnása an tsaoghail."



Ghlac an deóruidhe a chomhairle. Chuaidh
sé go dtí an abhainn, agus tharraing sé
aníos as a chuid leabhra, is fuair sé iad
chomh slán is bhíodar riamh, gan fiú a bhfliuchtha
ortha. Chaith sé a shaoghal sa mbothach i lár
na coille, agus is dócha go bhfuair sé na
flaithis 'réis a bháis — agus go mbadh hamhlaidh
dhúinne é.



SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.



A CHRÍOCH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services