Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. AN MODH RÉIDH leis an nGaedhilge do mhúnadh, do scríobh Pádraic Mac an Fhailghe. Baile Átha Cliath: An Cló-Chumann. Sé pighne ar fad. Seo leabhar ar shlighe nua chun na Gaedhilge a mhúineadh. Tá ana-chuid suime á chur i múinteóireacht an Gaedhilge le déidheannaighe; táthar ag aighneas is ag díospóireacht go héachtach i dtaobh na ceiste seo. Ní héan droch-chomhartha é sin mar taispeánann go bhfuilimíd dáríribh chun na Gaedhilge a leathadh ar fuid na tíre go léir agus gur mhaith linn fios d'fhagháil ar an gcuma b'fhearr chuige. Ná síltar go mbeidh éin-cheann díobh ag déanamh cumhangthais ar an gceann eile. Beidh slighe a ndóthain dóibh go léir ann. Leabhairín ana-thairbheach is eadh an leabhairín seo an Mhodh Réidh. Ní labhartar éin-nídh ó thosach bárra leis na scoláirí acht Gaedhilg. Ní bhíd i bhfad ag foghluim ar an gcuma so nuair bhíonn a gcluasa oilte go leór ar fhuaim na teangan, agus as cuma dhóibh cad do bhuailfidh umpa as soin amach. Do réir deallraimh, is deacair rudaí simplidhe a sholáthar chun tosnughadh ar theangaidh ar an gcuma so. Bheidh cuid de na habairtibh go crapathe agus go haindeis i n-indeóin díchill duine. Tá rudaí crapaithe san leabhairín seo; acht ní fhágann soin é gan bheith n-a áise mhaith chun na Gaedhilge a mhúineadh acht é chur i láimh dhuine go bhfuil a fhios aige cad do bhaineann le múinteóireacht. Is iad muinntir An Cló- Chumainn a chuir i gcló é, agus go deimhin ní holc a chuireadar chuige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services