Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



AN MODH RÉIDH leis an nGaedhilge do mhúnadh,
do scríobh Pádraic Mac an Fhailghe. Baile Átha
Cliath: An Cló-Chumann. Sé pighne ar fad.



Seo leabhar ar shlighe nua chun na Gaedhilge a
mhúineadh. Tá ana-chuid suime á chur i múinteóireacht
an Gaedhilge le déidheannaighe; táthar ag aighneas is
ag díospóireacht go héachtach i dtaobh na ceiste seo.
Ní héan droch-chomhartha é sin mar taispeánann go
bhfuilimíd dáríribh chun na Gaedhilge a leathadh ar
fuid na tíre go léir agus gur mhaith linn fios
d'fhagháil ar an gcuma b'fhearr chuige. Ná síltar go
mbeidh éin-cheann díobh ag déanamh cumhangthais ar an
gceann eile. Beidh slighe a ndóthain dóibh go léir
ann.



Leabhairín ana-thairbheach is eadh an leabhairín seo an
Mhodh Réidh. Ní labhartar éin-nídh ó thosach bárra
leis na scoláirí acht Gaedhilg. Ní bhíd i bhfad ag
foghluim ar an gcuma so nuair bhíonn a gcluasa
oilte go leór ar fhuaim na teangan, agus as cuma dhóibh
cad do bhuailfidh umpa as soin amach.



Do réir deallraimh, is deacair rudaí simplidhe a
sholáthar chun tosnughadh ar theangaidh ar an gcuma so.
Bheidh cuid de na habairtibh go crapathe agus go haindeis
i n-indeóin díchill duine. Tá rudaí crapaithe san
leabhairín seo; acht ní fhágann soin é gan bheith n-a
áise mhaith chun na Gaedhilge a mhúineadh acht é chur i
láimh dhuine go bhfuil a fhios aige cad do bhaineann
le múinteóireacht. Is iad muinntir An Cló-
Chumainn a chuir i gcló é, agus go deimhin ní holc a
chuireadar chuige.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services