Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teach Sagamsa
Title
Teach Sagamsa
Author(s)
Connachtach,
Pen Name
Connachtach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Teach Sagamsa A Fhir an Chlaidhimh, Budh dheas an rud é, sílim, dá mbéadh conspóid againn anois agus arís faoi an gcaoi in a bhfuil an Ghaedhilg dh'á labhairt ins gach áit ar fuid na tíre, agus faoi na cor-chaintibh atá le fághail ann so agus ann súd, agus nach dtuigtear go maith in áiteachaibh eile. Is í caint na ndaoine theastuigheas uainn. Ar an ádhbhar sin chuir mé spéis mhór ins na litreachaibh a bhí ins an gCLAIDHEAMH an tseachtmhain seo chuaidh tharrainn agus an tseachtmhain roimhe sin, ag trácht faoi "theach sagamsa."
Deir "Laigheanach" nach é "teach so agamsa" atá ann ar chor ar bith, agus go deimhin sílim, go bhfuil ceart agus ciall aige insa méid adubhairt sé faoi sin, agus rud eile dhe, dá mbudh é "so" a bhéadh ann bhéadh "an" roimh "teach" mar bhíonn sé i gcomhnuidhe roimh an ainm, i gcor-cainte mar é, nuair bhíos "so" na dhiaidh, acht mar fheicfidh tú ní bhíonn "an" ann ar chuma ar bith. Acht nuair adubhairt sé nach gcuala sé "teach sagamsa" agus a leithéidí ariamh ag muintir Chonnacht, go deimhin chuir sé iongantas mór orm. Tá sé chomh coitcheanta ann, i g-Condae Mhuigh-Eó ar aon nós, leis an uisge ins na bogachaibh ann. Seo é cuid de na bealachaibh 'na chuala mise go minic é: - "Dóigheadh teach sagainne aréir," "Rinneadh suas áit sagainne an bhliadhain faoi dheireadh." "Ní'l do theach-sa chomh deas le teach sagamsa," agus c. Do réir "Laigheanaigh" is ionann iad "teach sagamsa" agus "an teach is agamsa" nó "teach is agamsa," acht feicfidh tú ar na somplaibh thug mé thuas nach mbíonn na t-artaigeal "an", 'na theanta ar chor ar bith, agus dár ndóigh dá mbéadh féin ní ceart "is" a chur in éinfheacht le h-"ag" nuair is mian le duine a rádh go bhfuil rud ar bith do chuid duine eile nó dhá chuid féin. Is é "le" is ceart a chur in éinfheacht le h-"is" ar an mbealach so i gcomhnuidhe. Is fíor nach mbíonn an "n" san artaigeal le clos go minic ag daoinibh labhras Gaedhilg go maith, acht bíonn sé le clos i gcomhnuidhe, i gConnachtaibh ar aon nós, nuair bhíos an t-artaigeal roimh nó nuair leanas sé guth. Anois, munab' é "teach so agamsa" atá ann, agus munab é "an teach is agamsa" atá ann, ceurd tá ann ar chor ar bith? Is é mo bharamhail-sé, agus sílim go bhfuil mé ar an mbealach ceart, nach bhfuil ann acht "teach-sa agamsa" = "teach-s'agamsa," nó "teach- sa 'gamsa." I gCondae Mhuigh-Eó is ionann iad, "teach sibhse" agus "bhur dteach," "bó siadsan" agus "a mbó," "capall seisean" agus "a chapall" agus a leitheidí. Má's ceart iad so, sílim go bhfuil an ceart agam féin nuair adeirim gurab ionann iad "teach sagamsa" agus "teach-sa agamsa." B'fhéidir go ndéarfadh duine éigin má's é "-sa" atá ann, béadh an "s" caol nuair leanas sé guth caol, acht is minic nach mbíonn i gConnachtaibh, go háirighthe nuair thiocfadh guth leathan eile 'na dhiaidh an "a." Deirtear mo "bharamhail-sa" agus "mo láir-sa", agus a leitheidí in ionad mo "bharamhail-se" agus "mo láir-se." Connachtach Bealtaine 23, 1899
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services