Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teach Sagamsa

Title
Teach Sagamsa
Author(s)
Connachtach,
Pen Name
Connachtach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teach Sagamsa



A Fhir an Chlaidhimh,
Budh dheas an rud é, sílim, dá mbéadh conspóid
againn anois agus arís faoi an gcaoi in a bhfuil an
Ghaedhilg dh'á labhairt ins gach áit ar fuid na tíre, agus
faoi na cor-chaintibh atá le fághail ann so agus ann súd, agus
nach dtuigtear go maith in áiteachaibh eile. Is í caint
na ndaoine theastuigheas uainn. Ar an ádhbhar sin
chuir mé spéis mhór ins na litreachaibh a bhí ins an
gCLAIDHEAMH an tseachtmhain seo chuaidh tharrainn agus an
tseachtmhain roimhe sin, ag trácht faoi "theach sagamsa."


L. 179


Deir "Laigheanach" nach é "teach so agamsa" atá
ann ar chor ar bith, agus go deimhin sílim, go bhfuil ceart agus
ciall aige insa méid adubhairt sé faoi sin, agus rud eile
dhe, dá mbudh é "so" a bhéadh ann bhéadh "an" roimh
"teach" mar bhíonn sé i gcomhnuidhe roimh an ainm, i
gcor-cainte mar é, nuair bhíos "so" na dhiaidh, acht mar
fheicfidh tú ní bhíonn "an" ann ar chuma ar bith. Acht
nuair adubhairt sé nach gcuala sé "teach sagamsa"
agus a leithéidí ariamh ag muintir Chonnacht, go deimhin chuir
sé iongantas mór orm. Tá sé chomh coitcheanta ann, i
g-Condae Mhuigh-Eó ar aon nós, leis an uisge ins na
bogachaibh ann. Seo é cuid de na bealachaibh 'na chuala
mise go minic é: - "Dóigheadh teach sagainne aréir,"
"Rinneadh suas áit sagainne an bhliadhain faoi dheireadh."
"Ní'l do theach-sa chomh deas le teach sagamsa," agus c.



Do réir "Laigheanaigh" is ionann iad "teach
sagamsa" agus "an teach is agamsa" nó "teach is
agamsa," acht feicfidh tú ar na somplaibh thug mé thuas
nach mbíonn na t-artaigeal "an", 'na theanta ar chor
ar bith, agus dár ndóigh dá mbéadh féin ní ceart "is" a
chur in éinfheacht le h-"ag" nuair is mian le duine
a rádh go bhfuil rud ar bith do chuid duine eile nó dhá
chuid féin. Is é "le" is ceart a chur in éinfheacht
le h-"is" ar an mbealach so i gcomhnuidhe. Is fíor nach
mbíonn an "n" san artaigeal le clos go minic ag
daoinibh labhras Gaedhilg go maith, acht bíonn sé le clos
i gcomhnuidhe, i gConnachtaibh ar aon nós, nuair bhíos an
t-artaigeal roimh nó nuair leanas sé guth.



Anois, munab' é "teach so agamsa" atá ann, agus
munab é "an teach is agamsa" atá ann, ceurd tá
ann ar chor ar bith? Is é mo bharamhail-sé, agus sílim go
bhfuil mé ar an mbealach ceart, nach bhfuil ann acht
"teach-sa agamsa" = "teach-s'agamsa," nó "teach-
sa 'gamsa." I gCondae Mhuigh-Eó is ionann iad,
"teach sibhse" agus "bhur dteach," "bó siadsan" agus "a
mbó," "capall seisean" agus "a chapall" agus a leitheidí.
Má's ceart iad so, sílim go bhfuil an ceart agam
féin nuair adeirim gurab ionann iad "teach sagamsa"
agus "teach-sa agamsa."



B'fhéidir go ndéarfadh duine éigin má's é "-sa"
atá ann, béadh an "s" caol nuair leanas sé guth caol,
acht is minic nach mbíonn i gConnachtaibh, go háirighthe
nuair thiocfadh guth leathan eile 'na dhiaidh an "a."
Deirtear mo "bharamhail-sa" agus "mo láir-sa", agus a
leitheidí in ionad mo "bharamhail-se" agus "mo láir-se."



Connachtach



Bealtaine 23, 1899

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services