Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúis líon-éadaigh fad ó shoin.
Title
Déantúis líon-éadaigh fad ó shoin.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÉANTÚIS LÍON-ÉADAIGH FAD Ó SHOIN. Is iomdha nós bhí ag na daoine insan am do chuaidh tharainn le iad féin do chothughadh agus achan rud eile conghbháil ag dul ar aghaidh ins an saoghal seo. Ar an adhbhar sin ba thairbheach an rud an líon, acht ba mhaslach an obair do bhí leis sula mbíodh sé reidh le cur go dtí ao margadh le n-a dhíol. I ndhiaidh an talamh do treabhadh agus é fhagháil réidh fa dhéin an tsíl corr-uair badh dheacar é fhagháil mar bhí sé daor agus gann. Acht mar sin féin ba bhrathach le na daoine chur suas leis mar bhí fagháltas mór le baint as, acht le saothar cruaidh fadalach. Ins an am sin bhí ar gcuid éadaigh uilig déanta ins an bhaile againn féin, ag ar n-aithreacha agus ar máithreacha agus is doiligh rud fagháil níos deise ná léine bán lín-éadaigh. I ndiadh an síol do chur caiththí é chonghbháil glan ó lustaracha nó millfeadh siad an barr sula bhéadh sé láidir. Nuair bheadh sé apaidh annsoin chaithfidhe é bhaint as an talamh; agus b'obair mhaith do ochtar aon bharaille bhaint i n-aon lá amháin, sin mar déartha, ocht ngalúin fichead, agus chuirfeadh sé fá thuairm ar acra. I ndhiaidh é bhaint leigeadh siad n-a seasamh ar an choibhrean é ar feadh lá nó beirt le n-a dhéanamh cruaidh roimh a bháthadh. Ar an adhbhar sin dhéanfaidhe poll áit éigint do mbeadh uisge le fhagháil le na líonadh agus nuar bheadh sé lán chuir- fidhe an líon isteach sa pholl, le bun faoi. Nuair a bheadh go leór dhe ins an pholl chaithfidhe clocha chur air le n-a chonghbháil faoi'n uisce. Nuar bheadh sé ocht nó naoi n-oidhcheannaí 'san uisce aithneochadh na daoine le breith air an uair do bheadh sé bog go leór le baint as an pholl. Leig- fidhe ar siubhal cuid mhaith do'n uisce agus i ndhiaidh na clocha thógáil de, chaithfeadh fir dul isteach sa pholl agus é chaitheamh amach ar an bhruach; obair mhaslach chontrabhartach í seo mar bheadh siad fliuch ó cheann go cois. Annsoin glacthaoi go dtí páirc le n-a spréadh amach go teanna agus thógfadh sé oiread daoine le na chraitheadh agus ghlac sé le n-a bhaint. Nuar do bheadh sé trí nó ceathar a laethe 'n-a luighe mar sin, thógtaoi é agus déantaoi cruach dhe ann- soin. Luighfeadh sé mar seo go bhfuigheadh siad faill le é bhrughadh agus ins an tsean- aimsir ba í seo an obair ba chruaidhe thoisigh duine ar bith uirthi ariamh. Corr-uair bheadh beirt fhear ag an obair seo i gcuideachta a chéile, acht ba bhrathach le achan dhuine a chuid féin do dhéanamh. "Bréaca" bheireadh siad mar ainm ar an acra seo le n-a bhrughadh agus bhí sé déanta do adhmad chruaidh ar nós ceann tseisrighe, acht gan as acht aon chrann amháin. I ndiaidh é bhrughadh ar leacacha loma leis an acra seo thrimeochadh siad é ag an teinidh dá mbeadh sé bog nó fliuch. Annsoin dhéanfadh siad sliosóg dó, le thoiseacht dá ghlanadh. Bhí an t-acra le n-a ghlanadh déanta do adhmad fosta, rud inteacht (iongantach) i ndiaidh chosamhalacht chlaidhimh agus "scuitse" bheireadh siad mar ainm air. Bhí clár scuitse curtha suas mar seo corr-uair: bheadh clár ann fá thuairm ar cheithre troighte ar fad agus troigh ar léithead. Gheobhadh siad cathaoir láidir agus cheangalochadh an clár do dhruim na cathaoir- each agus gheobhadh siad greim ar an tsliseóig i lár agus thosoghadh ar a bhualadh leis an scuitie go mbhéadh sé leath-ghlan. Annsoin thionntochadh siad an taobh eile mar an gcéadna. (Ní críoch). Seaghán Mac an Ultaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services