DÉANTÚIS LÍON-ÉADAIGH FAD Ó SHOIN.
Is iomdha nós bhí ag na daoine insan am
do chuaidh tharainn le iad féin do chothughadh
agus achan rud eile conghbháil ag dul ar
aghaidh ins an saoghal seo. Ar an adhbhar
sin ba thairbheach an rud an líon, acht ba
mhaslach an obair do bhí leis sula mbíodh sé
reidh le cur go dtí ao margadh le n-a dhíol.
I ndhiaidh an talamh do treabhadh agus é
fhagháil réidh fa dhéin an tsíl corr-uair badh
dheacar é fhagháil mar bhí sé daor agus gann.
Acht mar sin féin ba bhrathach le na daoine
chur suas leis mar bhí fagháltas mór le
baint as, acht le saothar cruaidh fadalach.
Ins an am sin bhí ar gcuid éadaigh uilig
déanta ins an bhaile againn féin, ag ar
n-aithreacha agus ar máithreacha agus is
doiligh rud fagháil níos deise ná léine bán
lín-éadaigh.
I ndiadh an síol do chur caiththí é chonghbháil
glan ó lustaracha nó millfeadh siad an
barr sula bhéadh sé láidir. Nuair bheadh sé
apaidh annsoin chaithfidhe é bhaint as an
talamh; agus b'obair mhaith do ochtar aon
bharaille bhaint i n-aon lá amháin, sin mar
déartha, ocht ngalúin fichead, agus chuirfeadh
sé fá thuairm ar acra. I ndhiaidh é bhaint
leigeadh siad n-a seasamh ar an choibhrean é
ar feadh lá nó beirt le n-a dhéanamh cruaidh
roimh a bháthadh. Ar an adhbhar sin dhéanfaidhe
poll áit éigint do mbeadh uisge le fhagháil
le na líonadh agus nuar bheadh sé lán chuir-
fidhe an líon isteach sa pholl, le bun faoi.
Nuair a bheadh go leór dhe ins an pholl
chaithfidhe clocha chur air le n-a chonghbháil
faoi'n uisce. Nuar bheadh sé ocht nó naoi
n-oidhcheannaí 'san uisce aithneochadh na
daoine le breith air an uair do bheadh sé
bog go leór le baint as an pholl. Leig-
fidhe ar siubhal cuid mhaith do'n uisce agus
i ndhiaidh na clocha thógáil de, chaithfeadh fir
dul isteach sa pholl agus é chaitheamh amach
ar an bhruach; obair mhaslach chontrabhartach
í seo mar bheadh siad fliuch ó cheann go cois.
Annsoin glacthaoi go dtí páirc le n-a
spréadh amach go teanna agus thógfadh sé
oiread daoine le na chraitheadh agus ghlac
sé le n-a bhaint. Nuar do bheadh sé trí
nó ceathar a laethe 'n-a luighe mar sin,
thógtaoi é agus déantaoi cruach dhe ann-
soin. Luighfeadh sé mar seo go bhfuigheadh
siad faill le é bhrughadh agus ins an tsean-
aimsir ba í seo an obair ba chruaidhe thoisigh
duine ar bith uirthi ariamh.
Corr-uair bheadh beirt fhear ag an
obair seo i gcuideachta a chéile, acht ba
bhrathach le achan dhuine a chuid féin do
dhéanamh. "Bréaca" bheireadh siad mar
ainm ar an acra seo le n-a bhrughadh agus
bhí sé déanta do adhmad chruaidh ar nós
ceann tseisrighe, acht gan as acht aon chrann
amháin. I ndiaidh é bhrughadh ar leacacha
loma leis an acra seo thrimeochadh siad é
ag an teinidh dá mbeadh sé bog nó fliuch.
Annsoin dhéanfadh siad sliosóg dó, le
thoiseacht dá ghlanadh. Bhí an t-acra le n-a
ghlanadh déanta do adhmad fosta, rud
inteacht (iongantach) i ndiaidh chosamhalacht
chlaidhimh agus "scuitse" bheireadh siad mar
ainm air. Bhí clár scuitse curtha suas mar
seo corr-uair: bheadh clár ann fá thuairm
ar cheithre troighte ar fad agus troigh ar
léithead. Gheobhadh siad cathaoir láidir agus
cheangalochadh an clár do dhruim na cathaoir-
each agus gheobhadh siad greim ar an tsliseóig
i lár agus thosoghadh ar a bhualadh leis an
scuitie go mbhéadh sé leath-ghlan. Annsoin
thionntochadh siad an taobh eile mar an
gcéadna.
(Ní críoch).
Seaghán Mac an Ultaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11