Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mairbhne.
Title
Mairbhne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Mac Seóin, Tomás
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAIRBHNE Do cheap SEÓSAMH RUADH Ó COBHANAIGH ar thriúr fear agus bean a marbhuigheadh i mbruighn a bhí i mBéal Átha an Casaigh. I. Má b'eól dam mairbhinn do cheapadh as ráidhte i gcéill Ar bhuidhne d'fhearaibh ba chalma is b'áilne scéimh, 'S ar mhaighre chailce do threascaradh lamhachta tréith, I mBéal Átha an Chasaigh, mo dheacair! le lámhach na bpléar. II. Na pléir do cuireadh le fuinneamh go luath 'n-a gcroidhe, Le feall gan cumann i gcuma ná trachtfaidís, Gan claon, gan mioscais, gan imirt, gan cártaibh dighe, Acht iad go grádhmhar sultmhar i gcumann 's i bpáirt le Críost. III. A Chríost, do ceangaladh go daingean docht cruaidh ar chrois, Agus Do chuid fola dhá doirteadh ar an dtalamh 'n-a dubh-shrothaibh, Go mbainir díol as an aicme do threascair gan truagh na cuirp, I mBéal Átha an Chasaigh ar mhachaire an éirligh dhuibh. IV. Is dubh an bratainn do chaitheadar na pílers ann; Bhí an diabhal d'á ndalladh, is 'iad ceangailte ar shéirse cam; B'é Mac Uí Cheallaigh fé ndeara go léir an feall — Nár fhaghaidh sé bás 'n-a leabaidh ná éan-phearsa go bráth dá chlann. V. A chlann na gcarad, is eagal liom ruathar nimhe Do teacht dá dheascaibh, mo dhanaid! go luath sa tír; Bhíos i mBéal Átha an Chasaigh, idir shagairt is éigse im' shuidhe, Nuair a chualadh 'dir Ghallaibh ná fuighidís scannail go bráth dá dhruim. VI. De dhruim na fola do doirteadh annsúd 'n-a shruth Bhí éclips dorcha mogallach gránda dubh; Ní raibh lonnradh soluis, mo dhochar! ó Phoébus ann; Do bhí an spéir 'n-a teimheal, is doilbheas duairc ar fud. (?) VII. Fuid na marbh bhí an-chuid laochra groidhe Fé chneámhna dearga, is anaithe mhór 'n-a gcroidhe; Ní fhéadfaidís seasamh ná taisteal, mo thruagh! sa tslighe Fé dhéin an bhaile mar bhfuighIdís earradh agus ól gach dighe. VIII. Ní deoch mearathail fé ndeara dhóibh bheith riamh 'n-a gcuirp, Acht ainbhfios na nGalla-phoc d'fhúig iarsma ar ár dtruip; Athair Mhic do cheannuigh sinn go daor ar chrois, Go dtugair gradam ins na Flaithis dóibh, is ciall dá sliocht. IX. Sliocht Ghallda claon do thraoch gan truagh na cuirp I mbeárnain bhaoghail, is thug léir-scrios luain ar an dtruip; A ghrádh Mhic Dé 's a Réalthain bhuan an Chirt, Go dtugair sásamh séimh dho'n tréad so buadhartha indiu. X. Is buadhartha táid ár gcáirde, ag caoi 's ag éigheamh, 'Sh a gcreachadh ar lár san áit nár síleadh é; A Righ na nGrás! a chairde, guidhidh chum Dé, Cruaidh-bhreith brághad ar an námhad do sgaoil na pléir. XI. Le pléir ghorma do loisceadh is do traochadh iad, I ndoilbheas go docraideach tre léire a bpian; Bhí péarla oirdheirc i bhfogus dóibh de phréimh na gcliar, D'ullmhuigh iad go solusmhar le séala ó Dhia. XII. A Dhia ghléigil na Féile, is a Athair na nGrás, Do chéasadh 'nár dtaobh agus do bráthadh chum báis, Go dtugair léir-scrios gan faeseamh ar ghraithin an áir Do thraoch iad le pléir gan iad cionntach sa chás. XIII. Is cás solusmhar go follus glan do chléir chirt Chríost, Toirrcheas mná bhrollaigh ghil, agus é ar a cín; A fuil oirdheirc do bheith doirtithe agus pléir 'na- croidhe Ag an folaire beag truchailthe de thréad an fheíll. XIV. Le feall do cailleadh, mo dhanaid! na céadta fear, Agus mná na leanbh gan taise gan truagh aca ar sraith, Tá na haonta caithte do réir chantain na naomh 'n-a gceacht; Ta an báire casta, agus geallaim go ndíolfaid as. TOMÁS MAC SEÓIN do sholáthruigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services