Do cheap SEÓSAMH RUADH Ó COBHANAIGH ar thriúr
fear agus bean a marbhuigheadh i mbruighn a bhí
i mBéal Átha an Casaigh.
I.
Má b'eól dam mairbhinn do cheapadh as ráidhte i
gcéill
Ar bhuidhne d'fhearaibh ba chalma is b'áilne scéimh,
'S ar mhaighre chailce do threascaradh lamhachta tréith,
I mBéal Átha an Chasaigh, mo dheacair! le lámhach na
bpléar.
II.
Na pléir do cuireadh le fuinneamh go luath 'n-a
gcroidhe,
Le feall gan cumann i gcuma ná trachtfaidís,
Gan claon, gan mioscais, gan imirt, gan cártaibh
dighe,
Acht iad go grádhmhar sultmhar i gcumann 's i bpáirt
le Críost.
III.
A Chríost, do ceangaladh go daingean docht cruaidh
ar chrois,
Agus Do chuid fola dhá doirteadh ar an dtalamh
'n-a dubh-shrothaibh,
Go mbainir díol as an aicme do threascair gan
truagh na cuirp,
I mBéal Átha an Chasaigh ar mhachaire an éirligh dhuibh.
IV.
Is dubh an bratainn do chaitheadar na pílers ann;
Bhí an diabhal d'á ndalladh, is 'iad ceangailte ar
shéirse cam;
B'é Mac Uí Cheallaigh fé ndeara go léir an feall —
Nár fhaghaidh sé bás 'n-a leabaidh ná éan-phearsa go
bráth dá chlann.
V.
A chlann na gcarad, is eagal liom ruathar nimhe
Do teacht dá dheascaibh, mo dhanaid! go luath sa tír;
Bhíos i mBéal Átha an Chasaigh, idir shagairt is éigse
im' shuidhe,
Nuair a chualadh 'dir Ghallaibh ná fuighidís scannail
go bráth dá dhruim.
VI.
De dhruim na fola do doirteadh annsúd 'n-a shruth
Bhí éclips dorcha mogallach gránda dubh;
Ní raibh lonnradh soluis, mo dhochar! ó Phoébus ann;
Do bhí an spéir 'n-a teimheal, is doilbheas duairc ar
fud. (?)
VII.
Fuid na marbh bhí an-chuid laochra groidhe
Fé chneámhna dearga, is anaithe mhór 'n-a gcroidhe;
Ní fhéadfaidís seasamh ná taisteal, mo thruagh! sa
tslighe
Fé dhéin an bhaile mar bhfuighIdís earradh agus ól gach
dighe.
VIII.
Ní deoch mearathail fé ndeara dhóibh bheith riamh 'n-a
gcuirp,
Acht ainbhfios na nGalla-phoc d'fhúig iarsma ar ár
dtruip;
Athair Mhic do cheannuigh sinn go daor ar chrois,
Go dtugair gradam ins na Flaithis dóibh, is ciall
dá sliocht.
IX.
Sliocht Ghallda claon do thraoch gan truagh na cuirp
I mbeárnain bhaoghail, is thug léir-scrios luain ar an
dtruip;
A ghrádh Mhic Dé 's a Réalthain bhuan an Chirt,
Go dtugair sásamh séimh dho'n tréad so buadhartha
indiu.
X.
Is buadhartha táid ár gcáirde, ag caoi 's ag éigheamh,
'Sh a gcreachadh ar lár san áit nár síleadh é;
A Righ na nGrás! a chairde, guidhidh chum Dé,
Cruaidh-bhreith brághad ar an námhad do sgaoil na
pléir.
XI.
Le pléir ghorma do loisceadh is do traochadh iad,
I ndoilbheas go docraideach tre léire a bpian;
Bhí péarla oirdheirc i bhfogus dóibh de phréimh na
gcliar,
D'ullmhuigh iad go solusmhar le séala ó Dhia.
XII.
A Dhia ghléigil na Féile, is a Athair na nGrás,
Do chéasadh 'nár dtaobh agus do bráthadh chum báis,
Go dtugair léir-scrios gan faeseamh ar ghraithin an
áir
Do thraoch iad le pléir gan iad cionntach sa chás.
XIII.
Is cás solusmhar go follus glan do chléir chirt
Chríost,
Toirrcheas mná bhrollaigh ghil, agus é ar a cín;
A fuil oirdheirc do bheith doirtithe agus pléir 'na-
croidhe
Ag an folaire beag truchailthe de thréad an fheíll.
XIV.
Le feall do cailleadh, mo dhanaid! na céadta fear,
Agus mná na leanbh gan taise gan truagh aca ar
sraith,
Tá na haonta caithte do réir chantain na naomh 'n-a
gceacht;
Ta an báire casta, agus geallaim go ndíolfaid as.
TOMÁS MAC SEÓIN do sholáthruigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11