Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cionnus mar do mharbh Cú Chulainn cú an ghabhann, agus mar fuair sé a ainm.
Title
Cionnus mar do mharbh Cú Chulainn cú an ghabhann, agus mar fuair sé a ainm.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CIONNUS MAR DO MHARBH CÚ CHULAINN CÚ AN GHABHANN, agus MAR FUAIR SÉ A AINM. "Is aithnid dúinn an t-ógánach soin," arsa Conall Cearnach," agus ní misde sinn an t-aitheantas; dalta dhúinne is eadh é." Níor chian tar éis an ghnímh d'innis Feargus anois go ndearnaidh iongnadh eile. An tráth d'ullmhuigh Culann gabha fleadh i gcóir Chonchubhair, dubhairt Culann 'n-a dhiaidh soin nach sluaighthe do thabharfadh chun na fleidhe, mar nach de bharr thalaimh ná fearainn a tháinig dho an fhleadh do sholáthar, acht de thoradh a dhá lámh agus a teannachair féin. D'imthigh Conchubhar ag triall air 'n-a dhiaidh soin agus líon caogad carbad uime de'n chuid dob' uaisle agus dob' oirdheirce dá churadhaibh. Ráinig Conchubhar an cluithche-mháigh annsoin. Ba ghnáth-bhéas do, ag imtheacht agus ag teacht tar n-ais dó, beannughadh na n-ógánach do lorg. Do chonnaic Cú Chulainn ag imirt liathróide i gcoinnibh na dtrí gcaogad ógánach, agus mar do bhuaidh ortha. An uair ba chleas an phuill d'imiridís, do líonadh seisean an poll dá liathróidíbh-san, agus ní fhéadaidís é chosaint. Nuair do bhíti ag aimsiughadh an phuill 'n-a choinnibh- sean, do chosnadh seisean i n-a aonar é, i slige ná téidheadh fiú na liathróide ann. Nuair do bhíti ag imreasgbháil do leagadh seisean i n-a aonar na trí caogad ógánach. Agus ní bhfaghadh líon a threascartha teacht le chéile timcheall air-sean. Nuair ba chleas an éadaigh do bhíodh aca, do bhaineadh seisean díobh go dtí go mbídís tárnocht, agus ní bhfaghaidís-san fiú na deilge bhaint dá bhrat-san. Ba bhreagh le Conchubhar soin. Dubhairt go gcuir- feadh críoch ar a ghníomhartha tráth shroisfeadh aois fir. Dubhradar go léir go gcuirfeadh. Dubhairt Conchubhar le Cú Chulainn: "Tair liom," ar seisean, "chun na fleidhe seo go bhfuilimíd ag triall air, ó taoi it' oigheach." "Ní'l mo sháith de'n chluiche agam fós, a rígh Chonchubhair," ar san t-ógánach. "Raghad- sa 'nbhur ndiaidh." Nuair rángadar uile an fhleadh 'n-a dhiaidh-san, dubhairt Culann le Conchubhar: "Bhfuil éinne ag teacht 'nbhur ndiaidh?" ar seisean. "Ní'l," arsa Conchubhar. Níor chuimhnigh ar choinne a dhalta n-a dhiaidh. "Tá ár-chú liom-sa annso," arsa Culann; "trí slabhraidhe air, agus triúr chun gach slabhradh dhíobh, Scaoiltar air mar gheall ar na buaibh agus na tréadtha so againn agus dúntar an lios." Leis sin tháinig an t-ógánach. Do thug an cú fogha fé. Do thiomáin seisean leis ag tabhairt aire dá chluiche. Do chaitheadh uaidh a liathróid agus do chaitheadh a lorg (maide) n-a diaidh i slighe go mbuaileadh sé í. Nior mhó faid béime aca 'ná a chéile. Do chaitheadh sé a bhunsach n-a ndiaidh, agus do bheireadh uirthi sara dtuiteadh sí. Agus níor stad dá chluiche ar son go raibh an cú ag déanamh air. Ar n-a fheicsin sin do Chonchubhar agus dá mhuinntir, níor bh'éidir leó corruidhe. Shíleadar ná fuighthí n-a bheathaidh é rompa, bíodh go n-osclófaidhe an lios féin. Acht nuair tháinig an cú chuige-sean, do chaith uaidh a liathróid agus a lorg, agus do rug greim ar an gcoin n-a dhá láimh .i. lámh ar ubhal scórnaighe air agus an láimh eile ar a chúl soin. Do bhuail sé an cú i gcoinnibh columhan a bhí len' ais, ionnus gur scéidh gach ball de ar leith. Deirtar mar an gcéadna gurab amhlaidh a chaith sé a liathróid n-a bhéal siar agus go rug sí a ionatar tríd. D'imthigh na hUltaigh fé n-a dhéin, cuid aca thar an lios, agus cuid eile aca tré dhorus an leasa. Rugadar ag triall ar Chonchubhar é. Do dheineadar an-ghleó iongantais de mhac deirbhshéar an ríogh a bheith i mbaoghal báis d'fhagháil. Annsoin do chuaidh Culann isteach. "Fáilte romhat, a ógánaigh, tar cheann chroidhe do mháthar. Ní maith do dheineas agus an fhleadh d'ullmhughadh. Beatha amudha is eadh mo bheatha-sa agur saothar i n-aistear mo shaothar-sa i ndiaidh mo chon. Ba dhíol onóra agus cosanta dham," ar sé, "an fear muinntire do rugadh uaim .i. mo chú. Ba cheap dín agus dídean dár n-áirnéis agus dár dtréadtha é. B'é cosantóir gach beithidhigh dúinn ar máigh nó i dtigh é." "Ní mór é a bhrígh sin," ar san t-ógánach. "Tógfad- sa coileán de'n cuaine chéadna dhuit, agus bead-sa im' chú-chosanta ar do cheathra agus dot' chosnamh féin leis go dtí go bhfásfaidh an coileán soin agus go mbeidh in-ghníomha. Déanfad faire ar Mhaigh Mhuirtheimhne uile agus ní bhearfar uaim tréad ná ealta as —" "Cú Chulainn, t-ainm-se feasta," arsa Cathbhad. "Maith liom é féin mar ainm orm," arsa Cú Chulainn. "An té do dhein soin ar shlánughadh a shé mbliadhan dó, níor bh'iongnadh go ndéanfadh deagh-ghníomhartha tráth shlánuigh a sheacht mbliadhna déag," arsa Conall Cearnach. [Seo roinnt nótaí eile fuaramar ó'n Stracánach ar an ngiota bhí i gcló againn an mhí seo ghabh thar- ainn. Dálta "tharngair," tá "tarachair" nó "trá- thair" againn ar "auger." "Do raghadh sí i bpoll tráithre uaidh" adeirtar. Agus tá "teannachair" againn ar an bhfocal "pincers." Tá ceartughadh le déanamh ar aon fhocal amháin a bhí mí-cheart san aistriughadh go Nua-Ghaedhilg i n-uimhir na míosa so chuaidh thart. Ní "go ndeachais," acht "go dtéigir" nó "go dtéigh tú" nó "go raghair" badh chóir a chur ar an tsean-Ghaedhilg "co ndechais."]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services