CIONNUS MAR DO MHARBH CÚ CHULAINN
CÚ AN GHABHANN, agus MAR FUAIR
SÉ A AINM.
"Is aithnid dúinn an t-ógánach soin," arsa Conall
Cearnach," agus ní misde sinn an t-aitheantas;
dalta dhúinne is eadh é." Níor chian tar éis an ghnímh
d'innis Feargus anois go ndearnaidh iongnadh eile.
An tráth d'ullmhuigh Culann gabha fleadh i gcóir
Chonchubhair, dubhairt Culann 'n-a dhiaidh soin nach
sluaighthe do thabharfadh chun na fleidhe, mar nach de
bharr thalaimh ná fearainn a tháinig dho an fhleadh do
sholáthar, acht de thoradh a dhá lámh agus a teannachair
féin. D'imthigh Conchubhar ag triall air 'n-a dhiaidh
soin agus líon caogad carbad uime de'n chuid dob'
uaisle agus dob' oirdheirce dá churadhaibh.
Ráinig Conchubhar an cluithche-mháigh annsoin. Ba
ghnáth-bhéas do, ag imtheacht agus ag teacht tar n-ais dó,
beannughadh na n-ógánach do lorg. Do chonnaic Cú
Chulainn ag imirt liathróide i gcoinnibh na dtrí
gcaogad ógánach, agus mar do bhuaidh ortha. An uair ba
chleas an phuill d'imiridís, do líonadh seisean an
poll dá liathróidíbh-san, agus ní fhéadaidís é chosaint.
Nuair do bhíti ag aimsiughadh an phuill 'n-a choinnibh-
sean, do chosnadh seisean i n-a aonar é, i slige ná
téidheadh fiú na liathróide ann. Nuair do bhíti ag
imreasgbháil do leagadh seisean i n-a aonar na trí
caogad ógánach. Agus ní bhfaghadh líon a threascartha
teacht le chéile timcheall air-sean. Nuair ba chleas
an éadaigh do bhíodh aca, do bhaineadh seisean díobh go
dtí go mbídís tárnocht, agus ní bhfaghaidís-san fiú na
deilge bhaint dá bhrat-san.
Ba bhreagh le Conchubhar soin. Dubhairt go gcuir-
feadh críoch ar a ghníomhartha tráth shroisfeadh aois
fir. Dubhradar go léir go gcuirfeadh. Dubhairt
Conchubhar le Cú Chulainn: "Tair liom," ar seisean,
"chun na fleidhe seo go bhfuilimíd ag triall air, ó
taoi it' oigheach." "Ní'l mo sháith de'n chluiche agam
fós, a rígh Chonchubhair," ar san t-ógánach. "Raghad-
sa 'nbhur ndiaidh."
Nuair rángadar uile an fhleadh 'n-a dhiaidh-san,
dubhairt Culann le Conchubhar: "Bhfuil éinne ag
teacht 'nbhur ndiaidh?" ar seisean. "Ní'l," arsa
Conchubhar. Níor chuimhnigh ar choinne a dhalta n-a
dhiaidh. "Tá ár-chú liom-sa annso," arsa Culann;
"trí slabhraidhe air, agus triúr chun gach slabhradh dhíobh,
Scaoiltar air mar gheall ar na buaibh agus na tréadtha
so againn agus dúntar an lios."
Leis sin tháinig an t-ógánach. Do thug an cú fogha
fé. Do thiomáin seisean leis ag tabhairt aire dá
chluiche. Do chaitheadh uaidh a liathróid agus do chaitheadh
a lorg (maide) n-a diaidh i slighe go mbuaileadh sé í.
Nior mhó faid béime aca 'ná a chéile. Do chaitheadh sé
a bhunsach n-a ndiaidh, agus do bheireadh uirthi sara
dtuiteadh sí. Agus níor stad dá chluiche ar son go
raibh an cú ag déanamh air. Ar n-a fheicsin sin do
Chonchubhar agus dá mhuinntir, níor bh'éidir leó
corruidhe. Shíleadar ná fuighthí n-a bheathaidh é rompa,
bíodh go n-osclófaidhe an lios féin. Acht nuair
tháinig an cú chuige-sean, do chaith uaidh a liathróid agus
a lorg, agus do rug greim ar an gcoin n-a dhá láimh .i.
lámh ar ubhal scórnaighe air agus an láimh eile ar a chúl
soin. Do bhuail sé an cú i gcoinnibh columhan a bhí
len' ais, ionnus gur scéidh gach ball de ar leith.
Deirtar mar an gcéadna gurab amhlaidh a chaith sé a
liathróid n-a bhéal siar agus go rug sí a ionatar tríd.
D'imthigh na hUltaigh fé n-a dhéin, cuid aca thar an
lios, agus cuid eile aca tré dhorus an leasa. Rugadar
ag triall ar Chonchubhar é. Do dheineadar an-ghleó
iongantais de mhac deirbhshéar an ríogh a bheith i
mbaoghal báis d'fhagháil. Annsoin do chuaidh Culann
isteach. "Fáilte romhat, a ógánaigh, tar cheann
chroidhe do mháthar. Ní maith do dheineas agus an fhleadh
d'ullmhughadh. Beatha amudha is eadh mo bheatha-sa
agur saothar i n-aistear mo shaothar-sa i ndiaidh mo
chon. Ba dhíol onóra agus cosanta dham," ar sé, "an
fear muinntire do rugadh uaim .i. mo chú. Ba cheap
dín agus dídean dár n-áirnéis agus dár dtréadtha é. B'é
cosantóir gach beithidhigh dúinn ar máigh nó i dtigh é."
"Ní mór é a bhrígh sin," ar san t-ógánach. "Tógfad-
sa coileán de'n cuaine chéadna dhuit, agus bead-sa im'
chú-chosanta ar do cheathra agus dot' chosnamh féin leis
go dtí go bhfásfaidh an coileán soin agus go mbeidh
in-ghníomha. Déanfad faire ar Mhaigh Mhuirtheimhne
uile agus ní bhearfar uaim tréad ná ealta as —"
"Cú Chulainn, t-ainm-se feasta," arsa Cathbhad.
"Maith liom é féin mar ainm orm," arsa Cú
Chulainn.
"An té do dhein soin ar shlánughadh a shé mbliadhan
dó, níor bh'iongnadh go ndéanfadh deagh-ghníomhartha
tráth shlánuigh a sheacht mbliadhna déag," arsa Conall
Cearnach.
[Seo roinnt nótaí eile fuaramar ó'n Stracánach
ar an ngiota bhí i gcló againn an mhí seo ghabh thar-
ainn. Dálta "tharngair," tá "tarachair" nó "trá-
thair" againn ar "auger." "Do raghadh sí i bpoll
tráithre uaidh" adeirtar. Agus tá "teannachair"
againn ar an bhfocal "pincers." Tá ceartughadh le
déanamh ar aon fhocal amháin a bhí mí-cheart san
aistriughadh go Nua-Ghaedhilg i n-uimhir na míosa so
chuaidh thart. Ní "go ndeachais," acht "go dtéigir"
nó "go dtéigh tú" nó "go raghair" badh chóir a chur
ar an tsean-Ghaedhilg "co ndechais."]