Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.
Title
Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"IS MALLUIGHTHE 'N DRAM TUÍNN- CÉIRÍ." "Robhdlam raindí, robhdlam raindí, Robhdlam raindí réidí. Robhdlam raindí, robhdlam raindí, Is malluighthe an dram tuínncéirí." Is í an fírinne ghlan do chan an file úd, agus is agam-sa tá fhios é — mo bhrón! Do bhí bean ar go nglaodhaidís "An Chúilfhionn" mar leas-ainm, 'na comhnuidhe i mbothán bheag chinntuighe ar thaobh an bhóthair ins an mbaile go mbínn-se féin im' chomhnuidhe sarar chaitheas dul thar triúchaibh ag tuil- leamh mo choda ó dhaoinibh eile. Is 'mdhó lá grianmhar, agus lá fliuch leis, ó shoin ann- súd anois. Leas-ainm i dáríribh a b'eadh "Cúilfhionn" do thabhairt ar an mnaoi úd, mar ní fionn a bhí a cúl i n-éan-chor, acht ar dhath mhodartha an tsúigh, agus an uile ribe dhe chomh garbh le guaire a' baic muiníl collaigh. I dtaobh aon dathamhlacht eile a bheith ag baint léi - acht fanaimís; ní ceart dúinn bheith ag cúl-chainnt ar mhnaoi. Bean ana-dhíomhaoin a b'eadh í. Ní dhéanfadh sí stróc ó mhaidean go hoidhche, ó Luan go Satharn, ná ó cheann ceann na bliadhna. Ba mhaith an leas dí ná raibh sí i n-a comh- nuidhe i measc daoine ná beadh chomh car- thannach, chomh humhal chun cabhrughadh le duine a bheadh i n-easba is do bhí na daoine mór-thimcheall na háite úd. Mar leath- scéal i dtaobh a díomhaointis, do bhíodh sí coitchiannta ag gearán ar dhroch-shláinte agus ar easba neirt, mar 'dh eadh, cé go raibh sí chomh láidir le capall, agus chomh foláin le breac a bheadh thíos ar thóin na habhann. 'Na dhiaidh soin do dheineadh sí a leithéid sin de chásamh gur dóigh leat, mara mbeadh aithne agat uirthi, ná raibh aon taom ná aicíd riamh ag baint le collain daondha ná go raibh sí ag fulagadh uaidh. Ní raibh an Chúilfhionn gan tréithibh fóghanta éigin, amhthach. Do bhí sí fial, caradach, agus chomh déirceamhail is do lobháladh [leigfeadh] an saoghal di bheith. Níor eitigh sí éinne riamh i lóistín na hoidhche, agus ba mhinic do iarrtaoi uirthi é. Nuair a ghlaodhfadh dhuine bocht chúichi uim thráthnóna ag iarraidh go bhfágfaidhe istigh é, déarfadh an Chúilfhionn - "Maise buail isteach a dhuine mhacánta, níor eitigheas éinne riamh i n-éan-rud a bhí im' chumas a thabhairt uaim. Níor iom- puigheas éinne riamh óm dhorus, ná ní iom- póghad an fhaid a bheidh cleith ós mo chionn. Suidh síos duit féin chun na teineadh, a mhic ó, agus inis dúinn scéal." Agus ós ag tagairt do'n bhféile é, b'fhéidir nár mhisde dhom focal a rádh mar gheall uirthi. Dob é nós na háite úd, ins an am úd go háirithe; agus tá brath agam gurab é fós, acht is baoghalach liom go bhfuil an nós grádhmhar soin ghá mhúchadh fé thuinn na Galldachta, fé mar atá gach deagh-nós Gaedhealach eile ar fuaid an oileáin seo; do b'é an nós ann- súd, mar adubhart, "bheith-istigh" na hoidhche do thabhairt do gach n-aon iarradh é, agus ba peacadh marbhthach le duine é eiteach. I ngach tigh do bhíodh cúpla plainncéad, agus seana-bhraithlín nó dhó curtha ar leath-taoibh i gcóir lucht siubhail. Iad so i dteannta roinnt do mhálaí folamha, leathta ar bhacala féir, nó tuighe, ar leic an teinteáin, nó ins an chúinne, le hais na teineadh, a bhíodh mar leabaidh ag lucht siubhail, agus ní bréag a rádh ná gur shuanmhar, socair a chodhlaidís an oidhche, agus ná gur bhuidheach, beann- achtach ag imtheacht ar maidin iad. Ní roim gach aon tsaghas lucht taistil a bhíodh an fháilte úd, ámhthach, ná do gach aon straére ghabhadh an bóthar a bhíodh na dóirse ar dian- leathadh. I bhformhór de sna tighthibh, dá bhfaighthí amach ar dhuine aca súd go mbeadh aon chimilt aige le braduigheal ná bitheamhn-
tuigheal, ná le haon droch-bheartaibh eile do'n tsórd san, ní leómhthaidhe dhó barra a choise do chur i dtaobh istigh de dhoras. Do bhí fo-thigh annso is annsúd, ámhthach, ná bíodh chomh haireach san i dtaobh theastais, ná cáil na muinntire a bhíodh ag siubhal ortha, agus ceann de sna tighthibh seo do b'eadh tigh na Cúilfhinne. Do bhí ruith a tighe ag an uile mhac máthar a gheabhadh an treó, pé 'ca ar rógaire é, nó duine macánta; pé 'ca ar bh'é an duine é ba naomhtha do shiubhlaigh an féar riamh, ó Naomh Pádraig anuas, nó an crochaire ba mhó ó aimsir Chromail. Dá bhrígh sin do b'annamh éinne ann acht ropaire éigin ná geóbhadh lóistín i n-éan-bhall eile. Do bhí aon dram amháin go speisialta do dhein tigh-leó-féin ar fad de thigh na Cúil- fhinne, agus do b'iad san tuínncéirí. Ní raibh an tigh riamh gan camtha aca ann: tuínncéirí óga, tuínncéirí críona, agus tuínncéirí i meádhon-aois — ó'n leanbh ar bhorlach [brollach] a mháthar go dtí seana- leóghan liath na gcéadta cath. Do bhíodh tuínncéirí ann, pé áit as go dtagaidís, ná facathas riamh roime sin annsúd, agus tuínn- céirí a bhí ag teacht is ag imtheacht ann le cuimhne na ndaoine ba shine sa ghleann mór-thimcheall. Is minic do shílinn ná raibh an oiread tuínncéirí i nUachtar Mumhan le chéile is chínn bailighthe go dtí an tigh úd uaireannta. Ní bhíodh abhus ná thall, amuigh ná istigh ar fuid a' tighe acht tuínncéirí, tuínncéirí, tuínncéirí. A thiarcais! a lei- théid de ré-rasaig, agus de chos-ar-asair is bhíodh ar fuid an urlár ag mná is ag leanbhaí, 'gus ag asalaibh trí-na-chéile. Ba mheasa iad ná pláig ag teacht go dtí an ceanntar úd, mar i dteannta droch-bhéasa eile, do ghoidfidís agus d'fhuadóghaidís a dtiocfadh rompa, acht go bhfuighdís faill air. Ba mhinic easnamh ar maidin ar pholl na bprátaí, nó ar chruach na móna, agus níor bh'annamh a rian ar an gcoca féir chun leabtha dhóibh féin, nó chun adhbhar coganta dá n-asalaibh a bhíodh i n-a sathaíbh aca. Agus ó's ag trácht ar na hasalaibh é, ní dhearmhód- fad lem' shaoghal an dearg-bhuile a bhí ar Thomáisín Ua Conchubhar - beannacht dílis Dé len' anam - agus na mionna muara thug sé an mhaidin a fuair sé, déis na hoidhche dhóibh, trí cinn déag aca 'n-a pháircín aith-fhéir a bhí aige 'ghá choimeád i gcóir na mbodóg mbeag chun breis bhainne do thabhairt dóibh, ag súil le feircín ime san mbreis a líonadh chun an leath-chís a bhí ag teacht air a chur le chéile. Ní fheadar connus a ruith leis an bhfeircín úd, ná leis an leath-chíos, acht tá fhios an méid seo agam - go bhféadfá bioráin agus snáthaidí do piocadh i bpáircín Thomáisín bhocht i ndiaidh na n-asal an mhaidin úd. Do raghainn as so go dtí an áit úd, dá fhaid uaim é, chun radharc eile d'fhagháil arís ar Thomáisín, dá maireadh sé (gura maith an mhaise dhó ná maireann), agus é ag tomáint an scuaithne asal roimis ag dul dá bhfógairt do sna tuínncéirí. "Fógraim scot ort," ar sé leis an gcéad tuínncéir a bhuail uimis. D'fhéach an tuínncéir air. "Cadé sin a deireann tú?" ar sé le Tomáisín, agus ag cur cluas ar féin. "Fógraim scot oraibh," ars eisean arís, "a chloigis [shloigisc] tuínncéirí, i dtaobh an scata asal soin libh a fuaras im' mhóin- féar bheag tar éis na hoidhche do chaitheamh ann. Táim dhá dtabhairt suas díbh anois, agus táim ag fógairt scot oraibh." "Fograim do'n diabhal thú," ars an tuínn- céir, ghá chur féin i bhfuirm troda. Do chuir obanacht an fhreagraidh, agus a laighead truaigh is chonnaic sé a bhí ag an gcladhaire tuínncéara dhó, Tomáisín ag léimnigh ar fuaid an bhóthair le neart feirge. Ní
fheacaidh éinne riamh gealt ar thaobh amuigh de fhallaíbh tighe-na-buile chomh mór as a mheabhair is bhí sé. Do thug sé iarracht ar labhairt arís, acht do tháinig na focail ar dhruim a chéile 'n-a scórnaigh, agus do theip air. "Ó, mhaise," ar sé, sa deireadh. "ní fhág- faidh mé an láthair seo go bhfuighidh mé sásamh éigin insa léir-scrios atá déanta orm. Do chrom an tuínncéir síos, gan a shúile thógaint de Thomáisín, agus do rug 'n-a dhorn ar spala cloiche a bhí ag á chosaibh. Níor fhan Tomáisín le n-a thuil- leadh - as go brách leis. "Fan go bhfuighir sásamh," ars an tuínn- céir. Níor stad sé go ndeachaidh sé go casadh a bhí insa bhóthar, tamall síos uaidh. Annsoin do chas sé, agus do chuir sé a cheann tar n-ais thar casadh, agus marar thug sé spídiúchán do lucht na mbuidseití ní lá fós é. Ní fheaca oidhre riamh ar choil- lichín bheag acht é, do dhíreóchadh ar ghlaodhach mar stainncín ar choileach mhuar a bheadh tar éis an teicheadh chur air. Do thomáin an tuínncéir leis na hasail, acht d'fhéachadh sé i n-a dhiaidh anois is arís ar Thomáisín, agus do chrochadh sé a dhorn chuige, is do chuireadh barra a órdóige ar phuínte a shróna, agus "bú-ú" adeiread sé. Sin ar thugadh do shásamh do Thomáisín. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services