Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.

Title
Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 476


"IS MALLUIGHTHE 'N DRAM TUÍNN-
CÉIRÍ."



"Robhdlam raindí, robhdlam raindí,
Robhdlam raindí réidí.
Robhdlam raindí, robhdlam raindí,




Is malluighthe an dram tuínncéirí."



Is í an fírinne ghlan do chan an file úd,
agus is agam-sa tá fhios é — mo bhrón! Do
bhí bean ar go nglaodhaidís "An Chúilfhionn"
mar leas-ainm, 'na comhnuidhe i mbothán
bheag chinntuighe ar thaobh an bhóthair ins an
mbaile go mbínn-se féin im' chomhnuidhe
sarar chaitheas dul thar triúchaibh ag tuil-
leamh mo choda ó dhaoinibh eile. Is 'mdhó lá
grianmhar, agus lá fliuch leis, ó shoin ann-
súd anois. Leas-ainm i dáríribh a b'eadh
"Cúilfhionn" do thabhairt ar an mnaoi úd,
mar ní fionn a bhí a cúl i n-éan-chor, acht
ar dhath mhodartha an tsúigh, agus an uile
ribe dhe chomh garbh le guaire a' baic muiníl
collaigh. I dtaobh aon dathamhlacht eile a
bheith ag baint léi - acht fanaimís; ní ceart
dúinn bheith ag cúl-chainnt ar mhnaoi. Bean
ana-dhíomhaoin a b'eadh í. Ní dhéanfadh sí
stróc ó mhaidean go hoidhche, ó Luan go
Satharn, ná ó cheann ceann na bliadhna.
Ba mhaith an leas dí ná raibh sí i n-a comh-
nuidhe i measc daoine ná beadh chomh car-
thannach, chomh humhal chun cabhrughadh le
duine a bheadh i n-easba is do bhí na daoine
mór-thimcheall na háite úd. Mar leath-
scéal i dtaobh a díomhaointis, do bhíodh sí
coitchiannta ag gearán ar dhroch-shláinte
agus ar easba neirt, mar 'dh eadh, cé go
raibh sí chomh láidir le capall, agus chomh
foláin le breac a bheadh thíos ar thóin na
habhann. 'Na dhiaidh soin do dheineadh sí a
leithéid sin de chásamh gur dóigh leat, mara
mbeadh aithne agat uirthi, ná raibh aon taom
ná aicíd riamh ag baint le collain daondha
ná go raibh sí ag fulagadh uaidh.



Ní raibh an Chúilfhionn gan tréithibh fóghanta
éigin, amhthach. Do bhí sí fial, caradach, agus
chomh déirceamhail is do lobháladh [leigfeadh]
an saoghal di bheith. Níor eitigh sí éinne
riamh i lóistín na hoidhche, agus ba mhinic do
iarrtaoi uirthi é. Nuair a ghlaodhfadh dhuine
bocht chúichi uim thráthnóna ag iarraidh go
bhfágfaidhe istigh é, déarfadh an Chúilfhionn -
"Maise buail isteach a dhuine mhacánta,
níor eitigheas éinne riamh i n-éan-rud a
bhí im' chumas a thabhairt uaim. Níor iom-
puigheas éinne riamh óm dhorus, ná ní iom-
póghad an fhaid a bheidh cleith ós mo chionn.
Suidh síos duit féin chun na teineadh, a mhic
ó, agus inis dúinn scéal." Agus ós ag
tagairt do'n bhféile é, b'fhéidir nár mhisde
dhom focal a rádh mar gheall uirthi. Dob é
nós na háite úd, ins an am úd go háirithe;
agus tá brath agam gurab é fós, acht is
baoghalach liom go bhfuil an nós grádhmhar
soin ghá mhúchadh fé thuinn na Galldachta, fé
mar atá gach deagh-nós Gaedhealach eile ar
fuaid an oileáin seo; do b'é an nós ann-
súd, mar adubhart, "bheith-istigh" na hoidhche
do thabhairt do gach n-aon iarradh é, agus
ba peacadh marbhthach le duine é eiteach. I
ngach tigh do bhíodh cúpla plainncéad, agus
seana-bhraithlín nó dhó curtha ar leath-taoibh
i gcóir lucht siubhail. Iad so i dteannta
roinnt do mhálaí folamha, leathta ar bhacala
féir, nó tuighe, ar leic an teinteáin, nó ins
an chúinne, le hais na teineadh, a bhíodh mar
leabaidh ag lucht siubhail, agus ní bréag a
rádh ná gur shuanmhar, socair a chodhlaidís
an oidhche, agus ná gur bhuidheach, beann-
achtach ag imtheacht ar maidin iad. Ní roim
gach aon tsaghas lucht taistil a bhíodh an
fháilte úd, ámhthach, ná do gach aon straére
ghabhadh an bóthar a bhíodh na dóirse ar dian-
leathadh. I bhformhór de sna tighthibh, dá
bhfaighthí amach ar dhuine aca súd go mbeadh
aon chimilt aige le braduigheal ná bitheamhn-


L. 477


tuigheal, ná le haon droch-bheartaibh eile
do'n tsórd san, ní leómhthaidhe dhó barra a
choise do chur i dtaobh istigh de dhoras. Do
bhí fo-thigh annso is annsúd, ámhthach, ná bíodh
chomh haireach san i dtaobh theastais, ná cáil
na muinntire a bhíodh ag siubhal ortha, agus
ceann de sna tighthibh seo do b'eadh tigh
na Cúilfhinne. Do bhí ruith a tighe ag an uile
mhac máthar a gheabhadh an treó, pé 'ca ar
rógaire é, nó duine macánta; pé 'ca ar
bh'é an duine é ba naomhtha do shiubhlaigh an
féar riamh, ó Naomh Pádraig anuas, nó an
crochaire ba mhó ó aimsir Chromail. Dá
bhrígh sin do b'annamh éinne ann acht ropaire
éigin ná geóbhadh lóistín i n-éan-bhall eile.
Do bhí aon dram amháin go speisialta do
dhein tigh-leó-féin ar fad de thigh na Cúil-
fhinne, agus do b'iad san tuínncéirí. Ní
raibh an tigh riamh gan camtha aca ann:
tuínncéirí óga, tuínncéirí críona, agus
tuínncéirí i meádhon-aois — ó'n leanbh ar
bhorlach [brollach] a mháthar go dtí seana-
leóghan liath na gcéadta cath. Do bhíodh
tuínncéirí ann, pé áit as go dtagaidís, ná
facathas riamh roime sin annsúd, agus tuínn-
céirí a bhí ag teacht is ag imtheacht ann
le cuimhne na ndaoine ba shine sa ghleann
mór-thimcheall. Is minic do shílinn ná raibh
an oiread tuínncéirí i nUachtar Mumhan le
chéile is chínn bailighthe go dtí an tigh úd
uaireannta. Ní bhíodh abhus ná thall, amuigh
ná istigh ar fuid a' tighe acht tuínncéirí,
tuínncéirí, tuínncéirí. A thiarcais! a lei-
théid de ré-rasaig, agus de chos-ar-asair
is bhíodh ar fuid an urlár ag mná is ag
leanbhaí, 'gus ag asalaibh trí-na-chéile. Ba
mheasa iad ná pláig ag teacht go dtí an
ceanntar úd, mar i dteannta droch-bhéasa
eile, do ghoidfidís agus d'fhuadóghaidís a
dtiocfadh rompa, acht go bhfuighdís faill
air. Ba mhinic easnamh ar maidin ar pholl
na bprátaí, nó ar chruach na móna, agus níor
bh'annamh a rian ar an gcoca féir chun
leabtha dhóibh féin, nó chun adhbhar coganta
dá n-asalaibh a bhíodh i n-a sathaíbh aca. Agus
ó's ag trácht ar na hasalaibh é, ní dhearmhód-
fad lem' shaoghal an dearg-bhuile a bhí ar
Thomáisín Ua Conchubhar - beannacht dílis
Dé len' anam - agus na mionna muara
thug sé an mhaidin a fuair sé, déis na
hoidhche dhóibh, trí cinn déag aca 'n-a pháircín
aith-fhéir a bhí aige 'ghá choimeád i gcóir na
mbodóg mbeag chun breis bhainne do thabhairt
dóibh, ag súil le feircín ime san mbreis a
líonadh chun an leath-chís a bhí ag teacht air
a chur le chéile. Ní fheadar connus a ruith
leis an bhfeircín úd, ná leis an leath-chíos,
acht tá fhios an méid seo agam - go bhféadfá
bioráin agus snáthaidí do piocadh i bpáircín
Thomáisín bhocht i ndiaidh na n-asal an mhaidin
úd. Do raghainn as so go dtí an áit úd,
dá fhaid uaim é, chun radharc eile d'fhagháil
arís ar Thomáisín, dá maireadh sé (gura
maith an mhaise dhó ná maireann), agus é ag
tomáint an scuaithne asal roimis ag dul
dá bhfógairt do sna tuínncéirí.



"Fógraim scot ort," ar sé leis an
gcéad tuínncéir a bhuail uimis.



D'fhéach an tuínncéir air.



"Cadé sin a deireann tú?" ar sé le
Tomáisín, agus ag cur cluas ar féin.



"Fógraim scot oraibh," ars eisean arís,
"a chloigis [shloigisc] tuínncéirí, i dtaobh
an scata asal soin libh a fuaras im' mhóin-
féar bheag tar éis na hoidhche do chaitheamh
ann. Táim dhá dtabhairt suas díbh anois,
agus táim ag fógairt scot oraibh."



"Fograim do'n diabhal thú," ars an tuínn-
céir, ghá chur féin i bhfuirm troda. Do chuir
obanacht an fhreagraidh, agus a laighead
truaigh is chonnaic sé a bhí ag an gcladhaire
tuínncéara dhó, Tomáisín ag léimnigh ar
fuaid an bhóthair le neart feirge. Ní


L. 478


fheacaidh éinne riamh gealt ar thaobh amuigh
de fhallaíbh tighe-na-buile chomh mór as a
mheabhair is bhí sé. Do thug sé iarracht ar
labhairt arís, acht do tháinig na focail ar
dhruim a chéile 'n-a scórnaigh, agus do theip air.



"Ó, mhaise," ar sé, sa deireadh. "ní fhág-
faidh mé an láthair seo go bhfuighidh mé
sásamh éigin insa léir-scrios atá déanta
orm. Do chrom an tuínncéir síos, gan a
shúile thógaint de Thomáisín, agus do rug
'n-a dhorn ar spala cloiche a bhí ag á
chosaibh. Níor fhan Tomáisín le n-a thuil-
leadh - as go brách leis.



"Fan go bhfuighir sásamh," ars an tuínn-
céir. Níor stad sé go ndeachaidh sé go
casadh a bhí insa bhóthar, tamall síos uaidh.
Annsoin do chas sé, agus do chuir sé a
cheann tar n-ais thar casadh, agus marar
thug sé spídiúchán do lucht na mbuidseití
ní lá fós é. Ní fheaca oidhre riamh ar choil-
lichín bheag acht é, do dhíreóchadh ar ghlaodhach
mar stainncín ar choileach mhuar a bheadh
tar éis an teicheadh chur air. Do thomáin
an tuínncéir leis na hasail, acht d'fhéachadh
sé i n-a dhiaidh anois is arís ar Thomáisín,
agus do chrochadh sé a dhorn chuige, is do
chuireadh barra a órdóige ar phuínte a
shróna, agus "bú-ú" adeiread sé. Sin ar
thugadh do shásamh do Thomáisín.



(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services