Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Do b'é grása Dé nár báthadh gach aon aithid idir thaistealaibh agus fuirionn ar bórd na Paris. Bhí an long gaile Ameriocánach so ag triall na Mara nIcht idir an Fhrainnc agus Sasana ar a h-aisdear go hAmeriocá, timcheall a h-aon a' chlog ar maidin Domhnaigh Cingcíse, nuair do sheól sí isteach imeasg failleacha fairrge go ngairmthear i mBéarla gallda The Manacles ortha. Is ionann an focal sain agus "cuibhreacha" nó "laingcisi", agus do bhéadh bád nó long do thiocfadh 'na ngoire i gcuibh- reach dá ríríbh. Bhí an uain ceómhar, agus báisdeach ag tuitim, acht ní raibh ins an ngaoith acht séideán. Muna mbéadh go raibh bád luamaire 'na treó do theasbáin solus ag tabhairt rabhadh dhí gur chaill sí a slíghe agus go raibh sí i nguais a briseadh ní bhéadh duine 'ná daondaidhe ar bórd na loinge úd 'na mbeathaidh indiu, mar do bhí sí ag déanadh díreach ar splínc atá 'na h-eirghe suas go borb-cheannach as an bhfairrge, agus dá mbuaileadh an long 'na coinnibh siúd leis an bhfuinneamh do bhí fúithe bhéadh fiche feadh sáile ós a cionn i gcionn nóimit. Do bun-loiteadh í agus tá sí fós ar na cairrgibh, acht do fuasgladh gach duine idir fhear agus bean agus leanbh ar bhórd, gidh nár bhfeárrde iad an sgrannadh do fuaradar mar do dúisigheadh go h-obann as a gcodladh iad. Do chualas go minic agus creidim leis é, gur tairbheach an rud machtnamh ar mhórdacht Dé agus ar mheathacht an duine, acht má theasduigheas seanmóir ar an roinn sin uait ní fhuil fhios agam go bhfuil áit ar bith go bhfuighfir í chómh maith le bórd loinge ar lár fairrge oidhche gaoithe móire. Tá aithne mhaith agam ar fhear éigin do shnámhfadh a cúig nó a sé mhílte gan mairg i n-uisge réidh, agus dá
réir sin bhíodh misneach maith air i gcómhnuidhe ar sáile. Aon oidhche amháin d'fhosgail tobracha na spéireach, thuit an bhaisdeach ar nós uisge thré chriathar, do shéid agus do bhúitridh an garbh-shíon le n-a leithéid sin de racht go ndéarfá go raibh lá an bhreitheamhnais láithreach. Bhí an fear úd ar bórd loinge ar uair mhairbh na h-oidhche, na taistealaidhe na leapachaibh agus breóiteacht fhairrge ar an gcuid ba mhó acu. Bhí na doirse dúnta go dlúth mar do bhí na tonna ag briseadh thar dhruim an árthaigh. Bhuail an fear úd brat air, d'éaluigh sé suas an staighre fá dhein cláir na loinge. Ba ró-dheacair do siúbhal ar a bhonnaibh acht do ghreamuigh sé go docht cnap an chláir doruis. D'fhéach sé uaidh ar na h-uisgibh buile, d'éist sé le sgread agus liúgh na dtonn. Anois d'fhoslóchadh na tonna a mbéala cíocracha, arís do chuirfeadh gach ceann acu méanfuig agus srann aisde do chrithfeadh an long le h-eagla rómpa, annsan do chrothfadh sí í féin ar nós éin, do léimfeadh sí ar aghaidh, do rómharfadh sí cuas cubhráin báin dí féin thríotha agus do bhuailfeadh na tonna i n-aoinfheacht ar gach taobh í le fuaim agus fothram ar tí shlughadh. "Nách sár-iongantach an cómhrac é, nách míorbhuileach iad oibreacha Dé," arsan fear leis féin, acht do bhris mór-ualach uisge i ngearracht slaite dhó agus do steall taosgán sáile idir an dá shúil air do ghortuigh an cneas ar nós rup bioráin. Uch! is uathbhásach é búithreadh an ansa ar dearg-láir na mara. Deirthear nach bhfulaingeann an té báidhtear puinn teinnis. Ar an gcéad tomadh bailigheann runnaidhe i bpíob na sgórnuighe, ní mhóthuigheann sé an pian as sain amach agus múchtar é. Ní mar sin de bhás ó theineadh. Sin é an bás is pianamhla do ceapadh riamh, agus go mór mhór má ceangaltar an duine le cuaille agus an teine d'fhadóg fá na íochtar. Ní fhuil aon tír lasmuich de na tíorthaibh fiadhaine go n-imirthear bás gránna mar é sin ar dhaoinibh anois acht amháin i ndeisceirt Ameriocá. An lá fá dheireadh thug dream de mhuintear na h-áite sin druim láimhe leis an ndlígheadh, rugadar ar fhear dorcha go raibh coir n-a leith agus rinneadar cúil-chnámh gan mhoill de le teineadh. Is truaighmhéileach na daoine iad. Do lasadh na Sínigh tighthe na gCríostaidhe anois agus arís roimis seo agus do dóigheadh a raibh laistigh idir shagart agus tuathach. Ba dhéorach an beart é, acht mar sin féin ní cóir breis mhilleáin do chur ar na Sínighibh bhochta mar táid siad aineólach. Tá na Críostaidhthe fá choimirc agus cosaint na Frainnce ins an tSíne indiu agus tá cead acu teacht agus imtheacht ar fuaid na tíre ar fad. Is í Riaghaltas na Síne do cheap an dlighe sin ar athchuinge na Frainnce. Bhí áthas ar an bPápa nuair do chualaidh sé an tuairisg seo. Deirtheas nach bhfuil an Iodáile ná an Gearmáin sásta leis seo mar tá Críostaidhthe leo féin ins an tír úd agus ní theasduigheas uatha a ndaoine bheith fá coimirce na Frainnce ar aon chor. Ba dhóich le duine go bhfuil an tSíne fairsing go leór agus ná'r misde do na Críostaidh- thibh coimirc agus congnamh na dtrí gCúmhacht úd do bheith acu i n-aoinfheacht. Is dócha gurab é an sean sgéal é agus go bhfuil éad ag na Cúmhachtaibh úd le n-a chéile agus eagla ortha go bhfuighfeadh ceann acu búntáiste ar an mbeirt eile. Meastar nach már mhaithe leis an gCreideamh atáid siad chómh saothrach. Tá oileán ag Sasana ins an Muir Síneach, darab ainm Hong Kong - "áit na srúthán chúmhra" iseadh brígh na h-anma sin, agus tá rínn ar a aghaidh amach agus Kow-lung is ainm do'n áit sin. Fuair Sasana Kow-lung ar chíos ó Riaghaltas na Síne, tamaillín ó shoin i gcás ná béadh faill ag aon namhaid Hong Kong do bhualadh i ndiaidh an chúil dá n-éireóchadh imreas ins an tSíne. Níor thaitn an margadh so leis na Síneachaibh atá na gcómhnuidhe ins an gceanntar úd agus do mheasadar troid le Seághan bocht. Do chruinnigh scata acu ar chnoc agus sgaoileadar piléir ar Sheághan, sgaoil seisean piléir ortha, acht níor bhfiú biorán an fotharaga nó an gleó go léir, mar do bhí an dá namhaid ró-fhada ó n-a chéile. Is gnáthach le gach aon Chúmhacht má fhághann sí seilbh i n-aon tír eile, cuaille do rupadh i dtalamh agus a meirg nó a brat féin d'árdughadh ar a bhárr agus do leathadh amach go meidhreach, ceol do sheinm, piléir do phleasgadh go luthgháireach, sláinte an bhrait d'ól agus óráideacha baotha, bladhmannacha do bheith go flúirseach ann. Níor b'fhéidir an nós gnáthach úd do chóimhlíonadh an cor úd i dtaobh an imarbháidh sin le muintir na ceanntrach. Féach anois, ba mhór an truagh gur dhiúltaigh na Sínigh an sult breágh sain, agus an ceol binn do bhí ullamh dóibh - "Rule Britannia" agus puirt dheasa de'n tsaghas sain. Ní fheadar an mbéidh ciall ag na fir bhuidhe úd go deo? "B'fhéidir ar a shon sain, go bhfuil na daoine ciallmhar a ndóthain agus gurab í an Riaghaltas atá ar mire. Cheap taoiseach airm úirlis cogaidh seal ó shoin agus do theasbáin sé do'n Riaghaltas í. "Le h-aon bhuille amháin do bhainfeadh sí an ceann de shaighdiúir agus le dhá bhuille do scoiltfeadh sí 'na dhá leith é." Do chreid an Riaghaltas an taoiseach agus do mholadar é féin agus an úirlis cogaidh. Mar sin féin ní raibh ins an úirlis úd acht sluasad dhá fhaobhar. Ba chontabharthach an úirlis a leithéid sin lá aonaigh i láimh fir feargaigh nós "Mhuirtheartach an ghrínn, do bhaineadh anuas ná cínn, ar aonach mhór an righ," acht ba bheag an mhaitheas í, ámh, i gcoinnibh na ngunnaí atá ann indiu do steallfadh liathróidí cruadha chomh tiugh le cith cloch-shneachtaigh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services