Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Do b'é grása Dé nár báthadh gach aon aithid idir
thaistealaibh agus fuirionn ar bórd na Paris. Bhí an long
gaile Ameriocánach so ag triall na Mara nIcht idir an
Fhrainnc agus Sasana ar a h-aisdear go hAmeriocá,
timcheall a h-aon a' chlog ar maidin Domhnaigh Cingcíse,
nuair do sheól sí isteach imeasg failleacha fairrge go
ngairmthear i mBéarla gallda The Manacles ortha.
Is ionann an focal sain agus "cuibhreacha" nó "laingcisi",
agus do bhéadh bád nó long do thiocfadh 'na ngoire i gcuibh-
reach dá ríríbh. Bhí an uain ceómhar, agus báisdeach ag
tuitim, acht ní raibh ins an ngaoith acht séideán. Muna
mbéadh go raibh bád luamaire 'na treó do theasbáin
solus ag tabhairt rabhadh dhí gur chaill sí a slíghe agus go
raibh sí i nguais a briseadh ní bhéadh duine 'ná daondaidhe
ar bórd na loinge úd 'na mbeathaidh indiu, mar do bhí
sí ag déanadh díreach ar splínc atá 'na h-eirghe suas
go borb-cheannach as an bhfairrge, agus dá mbuaileadh an
long 'na coinnibh siúd leis an bhfuinneamh do bhí fúithe
bhéadh fiche feadh sáile ós a cionn i gcionn nóimit.



Do bun-loiteadh í agus tá sí fós ar na cairrgibh, acht do
fuasgladh gach duine idir fhear agus bean agus leanbh ar bhórd,
gidh nár bhfeárrde iad an sgrannadh do fuaradar mar
do dúisigheadh go h-obann as a gcodladh iad.



Do chualas go minic agus creidim leis é, gur tairbheach
an rud machtnamh ar mhórdacht Dé agus ar mheathacht an
duine, acht má theasduigheas seanmóir ar an roinn sin
uait ní fhuil fhios agam go bhfuil áit ar bith go bhfuighfir
í chómh maith le bórd loinge ar lár fairrge oidhche gaoithe
móire.



Tá aithne mhaith agam ar fhear éigin do shnámhfadh a
cúig nó a sé mhílte gan mairg i n-uisge réidh, agus dá


L. 178


réir sin bhíodh misneach maith air i gcómhnuidhe ar sáile.
Aon oidhche amháin d'fhosgail tobracha na spéireach, thuit
an bhaisdeach ar nós uisge thré chriathar, do shéid agus do
bhúitridh an garbh-shíon le n-a leithéid sin de racht go
ndéarfá go raibh lá an bhreitheamhnais láithreach. Bhí an
fear úd ar bórd loinge ar uair mhairbh na h-oidhche, na
taistealaidhe na leapachaibh agus breóiteacht fhairrge ar
an gcuid ba mhó acu. Bhí na doirse dúnta go dlúth
mar do bhí na tonna ag briseadh thar dhruim an árthaigh.
Bhuail an fear úd brat air, d'éaluigh sé suas an staighre
fá dhein cláir na loinge. Ba ró-dheacair do siúbhal ar
a bhonnaibh acht do ghreamuigh sé go docht cnap an chláir
doruis. D'fhéach sé uaidh ar na h-uisgibh buile, d'éist
sé le sgread agus liúgh na dtonn. Anois d'fhoslóchadh na
tonna a mbéala cíocracha, arís do chuirfeadh gach ceann
acu méanfuig agus srann aisde do chrithfeadh an long le
h-eagla rómpa, annsan do chrothfadh sí í féin ar nós
éin, do léimfeadh sí ar aghaidh, do rómharfadh sí cuas
cubhráin báin dí féin thríotha agus do bhuailfeadh na tonna
i n-aoinfheacht ar gach taobh í le fuaim agus fothram ar tí
shlughadh. "Nách sár-iongantach an cómhrac é, nách
míorbhuileach iad oibreacha Dé," arsan fear leis féin,
acht do bhris mór-ualach uisge i ngearracht slaite dhó agus
do steall taosgán sáile idir an dá shúil air do ghortuigh
an cneas ar nós rup bioráin. Uch! is uathbhásach é
búithreadh an ansa ar dearg-láir na mara.



Deirthear nach bhfulaingeann an té báidhtear puinn
teinnis. Ar an gcéad tomadh bailigheann runnaidhe i
bpíob na sgórnuighe, ní mhóthuigheann sé an pian as sain
amach agus múchtar é. Ní mar sin de bhás ó theineadh. Sin
é an bás is pianamhla do ceapadh riamh, agus go mór mhór
má ceangaltar an duine le cuaille agus an teine d'fhadóg
fá na íochtar. Ní fhuil aon tír lasmuich de na tíorthaibh
fiadhaine go n-imirthear bás gránna mar é sin ar
dhaoinibh anois acht amháin i ndeisceirt Ameriocá. An
lá fá dheireadh thug dream de mhuintear na h-áite sin
druim láimhe leis an ndlígheadh, rugadar ar fhear dorcha
go raibh coir n-a leith agus rinneadar cúil-chnámh gan mhoill
de le teineadh. Is truaighmhéileach na daoine iad.



Do lasadh na Sínigh tighthe na gCríostaidhe anois agus
arís roimis seo agus do dóigheadh a raibh laistigh idir shagart
agus tuathach. Ba dhéorach an beart é, acht mar sin féin ní
cóir breis mhilleáin do chur ar na Sínighibh bhochta mar
táid siad aineólach.



Tá na Críostaidhthe fá choimirc agus cosaint na Frainnce
ins an tSíne indiu agus tá cead acu teacht agus imtheacht ar
fuaid na tíre ar fad. Is í Riaghaltas na Síne do
cheap an dlighe sin ar athchuinge na Frainnce. Bhí áthas
ar an bPápa nuair do chualaidh sé an tuairisg seo.
Deirtheas nach bhfuil an Iodáile ná an Gearmáin sásta
leis seo mar tá Críostaidhthe leo féin ins an tír úd agus
ní theasduigheas uatha a ndaoine bheith fá coimirce na
Frainnce ar aon chor. Ba dhóich le duine go bhfuil an
tSíne fairsing go leór agus ná'r misde do na Críostaidh-
thibh coimirc agus congnamh na dtrí gCúmhacht úd do bheith
acu i n-aoinfheacht. Is dócha gurab é an sean sgéal é
agus go bhfuil éad ag na Cúmhachtaibh úd le n-a chéile agus
eagla ortha go bhfuighfeadh ceann acu búntáiste ar an
mbeirt eile. Meastar nach már mhaithe leis an
gCreideamh atáid siad chómh saothrach.



Tá oileán ag Sasana ins an Muir Síneach, darab
ainm Hong Kong - "áit na srúthán chúmhra" iseadh
brígh na h-anma sin, agus tá rínn ar a aghaidh amach agus
Kow-lung is ainm do'n áit sin.



Fuair Sasana Kow-lung ar chíos ó Riaghaltas na
Síne, tamaillín ó shoin i gcás ná béadh faill ag aon
namhaid Hong Kong do bhualadh i ndiaidh an chúil dá
n-éireóchadh imreas ins an tSíne.



Níor thaitn an margadh so leis na Síneachaibh atá na
gcómhnuidhe ins an gceanntar úd agus do mheasadar troid
le Seághan bocht. Do chruinnigh scata acu ar chnoc agus
sgaoileadar piléir ar Sheághan, sgaoil seisean piléir
ortha, acht níor bhfiú biorán an fotharaga nó an gleó
go léir, mar do bhí an dá namhaid ró-fhada ó n-a chéile.



Is gnáthach le gach aon Chúmhacht má fhághann sí seilbh
i n-aon tír eile, cuaille do rupadh i dtalamh agus a meirg
nó a brat féin d'árdughadh ar a bhárr agus do leathadh
amach go meidhreach, ceol do sheinm, piléir do phleasgadh
go luthgháireach, sláinte an bhrait d'ól agus óráideacha
baotha, bladhmannacha do bheith go flúirseach ann.



Níor b'fhéidir an nós gnáthach úd do chóimhlíonadh an
cor úd i dtaobh an imarbháidh sin le muintir na
ceanntrach.



Féach anois, ba mhór an truagh gur dhiúltaigh na Sínigh
an sult breágh sain, agus an ceol binn do bhí ullamh dóibh -
"Rule Britannia" agus puirt dheasa de'n tsaghas sain.
Ní fheadar an mbéidh ciall ag na fir bhuidhe úd go
deo?



"B'fhéidir ar a shon sain, go bhfuil na daoine ciallmhar
a ndóthain agus gurab í an Riaghaltas atá ar mire. Cheap
taoiseach airm úirlis cogaidh seal ó shoin agus do theasbáin
sé do'n Riaghaltas í.



"Le h-aon bhuille amháin do bhainfeadh sí an ceann
de shaighdiúir agus le dhá bhuille do scoiltfeadh sí 'na dhá
leith é." Do chreid an Riaghaltas an taoiseach agus do
mholadar é féin agus an úirlis cogaidh. Mar sin féin ní
raibh ins an úirlis úd acht sluasad dhá fhaobhar.



Ba chontabharthach an úirlis a leithéid sin lá aonaigh
i láimh fir feargaigh nós "Mhuirtheartach an ghrínn, do
bhaineadh anuas ná cínn, ar aonach mhór an righ," acht ba
bheag an mhaitheas í, ámh, i gcoinnibh na ngunnaí atá
ann indiu do steallfadh liathróidí cruadha chomh tiugh
le cith cloch-shneachtaigh.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services