Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ní hIonann Gnás Dé agus Gnása an tSaoghail.
Title
Ní hIonann Gnás Dé agus Gnása an tSaoghail.
Author(s)
Ó Ruaidhrí, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ní hIONANN GNÁS DÉ agus GNÁSA AN tSAOGHAIL. Fad ó, nuair do bhí Pádraig Naomhtha a' cur an Chreidimh ar bun i measc muinntir na hÉireann, ba hiomdha turas fada tuir- seamhail b'éigean dó thabhairt ó áit go háit agus go minic dá chois. Lá dá raibh sé mar so, ag taisdiol thríd báinseacha móra i gConnacht', thárla sé ar ógánach de ghiolla do bhí ag aodhaireacht eallaigh sa bhfásach leis féin, 's chuir sé forán air. 'Réis tamall comhrádh leis, d'innis an naomh dó sgéal an tSlánuigh- theóra, agus míniughadh i dtaobh Chríostamhlacht. Ba mhór do thaithin an teagasc so leis an ghiolla, 's badh hé deireadh an sgéil gur iarr sé air a bhaisteadh i sruthán do bhí le n-a n-ais 'sa bhfásach, is thug Pádraig sin dó. Ag imtheacht dó chuir an naomh tuairisc an bhealaigh do theampoll mór a raibh sé le searamóin do thabhairt ann do phobul mór daoine. "Rachaidh mise leat," ar san giolla, "le do threórughadh, mar go bhfuil an aisdear fada, achrannach, uaigneach; agus iomchróidh mé thú thar na hátha is na bogáin. Ní cóir do dhuine dod' aois a bheith ag coisidheacht leat féin thríd báinseacha chomh fiadhain leó so." Bhí Naomh Pádraig buidheach dhe, acht dubh- airt sé: "Cad do dhéanfas do chuid ba fhad is bhéas tú amuigh?" "Nach dtig liom iarraidh ar Dhia aire do thabhairt dóibh go bhfillfidh mé ar m'ais," ar sé. "Maith í do chreideamh, a ghiolla," arsa Pádraig; is d'imthigheadar rompa go dtí an teampull. Ar theacht ann dóibh — mar go raibh an giolla te i ndiaidh a shiubhail 's ag cuid- eachan le Naomh Pádraig — bhí a bhrat leis ar a bhacóig, is chaith sé é trasna ar ghath gréine do tháinig isteach ar fhuinneóg bhig le hais na haltóra, is chongbhaidh an gath suas é amhail is dá mbadh sail daraighe do bheadh ann. Is dócha gur chuir seo mórán iongantas ar gach a chonnaic é, cidh nár labhradar dá thaobh. Nuair do bhí an tAifrionn is an seara- móin ráidhte, thóig an giolla a fhalluinn, is chuaidh sé ar a ais i mbun a chuid eallaigh, is fuair sé iad ag inbhear go sáimh suaimh- neach, mar d'fhág sé iad. D'imthigh Naomh Pádraig leis go háird éigin eile de'n tír, is ní innistear sgéal air feasta; acht ba ghnáthach leis an ghiolla an teampull do thaithighe ó shoin amach ar feadh bliadhna nó mar sin, is do chleacht sé 'gcomhnuidhe an fhalluinn do chaitheamh thar an ghath gach lá dá mbíodh an ghrian ar an fhuinneóig, go dtí aon maidin amháin do rinne sé amhlaidh, is thuit sí ar an talamh. Bhreathnuigh an sagart agus gach a raibh ag dearcadh air cad do thárlaidh, is ba mhór an suathadh is buaidhreamh intinne do chuir sé ar an ghiolla féin. D'fhan sé tamall 'réis an phobul do sgapadh, is ghlac sé comhairle le sagart an teampuill. Cheistigh seisean é 'dtaobh a bheatha ó bhí sé annsain cheana. "Ní feasach dham aon nídh as bealach," ar sé; "acht ar dhul a-bhaile dham an lá déidh- eannach, chuadhas thar scút garsúin a bhí ag iomáin ar an fhaithche, agus tháinig imreas idir bheirt aca agus thoisigheadar a' troid. D'fhanas tamall ag dearcadh ortha, le féachaint cia aca a bhuaidhfeadh." "Níor chóir dhuit sin a dhéanamh," ar san sagart; "ba hé do dhualgas eadarsgán is
síothcháin do dhéanamh eatortha, mar is dócha gur b'é do chuir mío-shásamh ar Dhia." "Ní maith liom sin," ar san giolla, "agus, má's féidir é, déanfad aithrighe- ann, mar nach maith liom mío-shásamh do chur ar Dhia." D'imthigh sé leis annsain, is bhailigh sé a chuid leabhra bhí aige isteach i mála, is chaith sé ar a dhruim iad, is ghluais sé chum siubhail 'n-a dheóruidhe aonarach, is ní dhear- naidh sé stad gur thoghaidh sé amach áit ar mheas sé do bhí sáthach uaigneach i lár coille gairbhe le cur faoi ann. Thóig sé bothach annso mar árus dó féin, le súil a bheatha do chaitheamh ann i bhfad ó'n tsaoghal, is chomhnuigh sé ann ar feadh roinnt de bhliadh- anta, gan do bhiadh aige le n-a chothughadh acht préimheacha is torthaí fiadháine na coille, agus corr-uair breac nó iasg as abhainn i n-aice leis, do ghabhadh sé le n-a shlait anois is arís. Mhair sé mar so, mar dubhras, ar feadh tamall maith, le urnaigh is aithrighe, ag léigheadh a chuid leabhra is ag machtnamh, gan baint le cathughadh nó rud ar bith saoghalta; acht tháinig atharrughadh ar an sgéal faoi dheireadh. Lá dá raibh sé amuigh roimh éirghe na gréine, ag iasgaireacht cois na habhanna, lean sé an sruth i bhfad ní b'fhuide 'ná ba ghnáthach leis, go dtáinig go háth uirthi. Bhí bealach mór puiblidhe ag dul thar an abhainn ag an áth so, is do bhíodh sean- bhacach bocht 'n-a shuidhe ar bhruach an átha i gcaitheamh an lae, ag iarraidh déirce ar lucht shiubhalta an bhealaigh; acht ní raibh sé ar a shuidhistín an mhaidin úd go fóill, mar go raibh sé ró-mhoch. Cualaidh an deóraidhe marcach ag teacht an bhóthair 'n-a shodar, is chuaidh sé ar chúl tuir le n-a leigean thairis. Seo chuige duine uasal, is sparán mór airgid i n-a láimh ar thoiseach na dialaide leis. Anonn leis an marcach thríd an áth; acht níor bh'fhada dhó taobh thall go dtáinig marcach eile amach ó'n gcoill roimhe i samhlacht duine bhocht. Ba ghaduidhe an duine seo, is thionsgnaidh sé an duine uasal a throid faoi an sparán; agus, 'réis comhrac dian cruaidh, d'fhuadaigh sé an t-airgead uaidh. Thiomáin an duine uasal ar aghaidh ar lorg congnaimh, is chas an gaduidhe faoi an choill, gur chaith sé na sean-ghioblachaí dhe; is, nuair do tháinig sé amach i n-a chruth féin, ba laoch breagh óg acmhuineach do bhí ann. Tháinig sé anall thar an áth, agus an sparán leis ar an dialaid, mar bhí cheana ag an fear dár leis é; is ó bhí an bacach faoi an tráth so ar a shuidhsistin, d'iarr sé déirce ar an marcach og. D'amharc an gaduidhe air, is ar sé: "Maise, seo dhuit, a sheanduine bhocht, oiread is choingbheóchas thú fhad is mhairfeas tú." is chaith sé an sparán 'uige is gach a raibh ann, is thiomáin sé leis. Nuair do dhearc an bacach 'sa sparán, chaith sé é féin ar a dhá ghlúin, is bhí sé ag cur urnaighe is beannacht i ndiaidh an ghad- uidhe go ndeachaidh sé as a amharc. Dubhairt an t-aonrachán leis féin: "Má's gaduidhe féin atá ionnat, is fial fairsing an croidhe atá agat; acht nach aisteach iad na daoine," is bhí sé ar tí filleadh a-bhaile, nuair d'airigh sé fothram caiple arís ar lán-shiubhal, is seo chuige ar a ais an duine uasal, le buidhean airm, ag tóruigheacht an ghaduidhe do chreach é. [Ní Críoch] Seaghán Ó Ruaidhri.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services