Ní hIONANN GNÁS DÉ agus GNÁSA
AN tSAOGHAIL.
Fad ó, nuair do bhí Pádraig Naomhtha a'
cur an Chreidimh ar bun i measc muinntir
na hÉireann, ba hiomdha turas fada tuir-
seamhail b'éigean dó thabhairt ó áit go háit
agus go minic dá chois.
Lá dá raibh sé mar so, ag taisdiol thríd
báinseacha móra i gConnacht', thárla sé ar
ógánach de ghiolla do bhí ag aodhaireacht
eallaigh sa bhfásach leis féin, 's chuir sé
forán air. 'Réis tamall comhrádh leis,
d'innis an naomh dó sgéal an tSlánuigh-
theóra, agus míniughadh i dtaobh Chríostamhlacht.
Ba mhór do thaithin an teagasc so leis
an ghiolla, 's badh hé deireadh an sgéil gur
iarr sé air a bhaisteadh i sruthán do bhí le
n-a n-ais 'sa bhfásach, is thug Pádraig sin
dó.
Ag imtheacht dó chuir an naomh tuairisc
an bhealaigh do theampoll mór a raibh sé le
searamóin do thabhairt ann do phobul mór
daoine.
"Rachaidh mise leat," ar san giolla, "le
do threórughadh, mar go bhfuil an aisdear
fada, achrannach, uaigneach; agus iomchróidh
mé thú thar na hátha is na bogáin. Ní cóir
do dhuine dod' aois a bheith ag coisidheacht
leat féin thríd báinseacha chomh fiadhain leó
so."
Bhí Naomh Pádraig buidheach dhe, acht dubh-
airt sé:
"Cad do dhéanfas do chuid ba fhad is
bhéas tú amuigh?"
"Nach dtig liom iarraidh ar Dhia aire do
thabhairt dóibh go bhfillfidh mé ar m'ais," ar
sé.
"Maith í do chreideamh, a ghiolla," arsa
Pádraig; is d'imthigheadar rompa go dtí
an teampull.
Ar theacht ann dóibh — mar go raibh an
giolla te i ndiaidh a shiubhail 's ag cuid-
eachan le Naomh Pádraig — bhí a bhrat leis
ar a bhacóig, is chaith sé é trasna ar ghath
gréine do tháinig isteach ar fhuinneóg bhig
le hais na haltóra, is chongbhaidh an gath
suas é amhail is dá mbadh sail daraighe do
bheadh ann. Is dócha gur chuir seo mórán
iongantas ar gach a chonnaic é, cidh nár
labhradar dá thaobh.
Nuair do bhí an tAifrionn is an seara-
móin ráidhte, thóig an giolla a fhalluinn, is
chuaidh sé ar a ais i mbun a chuid eallaigh,
is fuair sé iad ag inbhear go sáimh suaimh-
neach, mar d'fhág sé iad.
D'imthigh Naomh Pádraig leis go háird
éigin eile de'n tír, is ní innistear sgéal
air feasta; acht ba ghnáthach leis an ghiolla
an teampull do thaithighe ó shoin amach ar
feadh bliadhna nó mar sin, is do chleacht sé
'gcomhnuidhe an fhalluinn do chaitheamh thar
an ghath gach lá dá mbíodh an ghrian ar an
fhuinneóig, go dtí aon maidin amháin do
rinne sé amhlaidh, is thuit sí ar an talamh.
Bhreathnuigh an sagart agus gach a raibh ag
dearcadh air cad do thárlaidh, is ba mhór an
suathadh is buaidhreamh intinne do chuir sé
ar an ghiolla féin. D'fhan sé tamall 'réis
an phobul do sgapadh, is ghlac sé comhairle
le sagart an teampuill. Cheistigh seisean
é 'dtaobh a bheatha ó bhí sé annsain cheana.
"Ní feasach dham aon nídh as bealach," ar
sé; "acht ar dhul a-bhaile dham an lá déidh-
eannach, chuadhas thar scút garsúin a bhí ag
iomáin ar an fhaithche, agus tháinig imreas idir
bheirt aca agus thoisigheadar a' troid. D'fhanas
tamall ag dearcadh ortha, le féachaint cia
aca a bhuaidhfeadh."
"Níor chóir dhuit sin a dhéanamh," ar san
sagart; "ba hé do dhualgas eadarsgán is
síothcháin do dhéanamh eatortha, mar is dócha
gur b'é do chuir mío-shásamh ar Dhia."
"Ní maith liom sin," ar san giolla,
"agus, má's féidir é, déanfad aithrighe-
ann, mar nach maith liom mío-shásamh do chur
ar Dhia."
D'imthigh sé leis annsain, is bhailigh sé a
chuid leabhra bhí aige isteach i mála, is chaith
sé ar a dhruim iad, is ghluais sé chum
siubhail 'n-a dheóruidhe aonarach, is ní dhear-
naidh sé stad gur thoghaidh sé amach áit ar
mheas sé do bhí sáthach uaigneach i lár coille
gairbhe le cur faoi ann. Thóig sé bothach
annso mar árus dó féin, le súil a bheatha
do chaitheamh ann i bhfad ó'n tsaoghal, is
chomhnuigh sé ann ar feadh roinnt de bhliadh-
anta, gan do bhiadh aige le n-a chothughadh
acht préimheacha is torthaí fiadháine na
coille, agus corr-uair breac nó iasg as
abhainn i n-aice leis, do ghabhadh sé le n-a
shlait anois is arís.
Mhair sé mar so, mar dubhras, ar feadh
tamall maith, le urnaigh is aithrighe, ag
léigheadh a chuid leabhra is ag machtnamh,
gan baint le cathughadh nó rud ar bith
saoghalta; acht tháinig atharrughadh ar an
sgéal faoi dheireadh.
Lá dá raibh sé amuigh roimh éirghe na
gréine, ag iasgaireacht cois na habhanna,
lean sé an sruth i bhfad ní b'fhuide 'ná ba
ghnáthach leis, go dtáinig go háth uirthi. Bhí
bealach mór puiblidhe ag dul thar an
abhainn ag an áth so, is do bhíodh sean-
bhacach bocht 'n-a shuidhe ar bhruach an átha i
gcaitheamh an lae, ag iarraidh déirce ar
lucht shiubhalta an bhealaigh; acht ní raibh sé
ar a shuidhistín an mhaidin úd go fóill, mar
go raibh sé ró-mhoch.
Cualaidh an deóraidhe marcach ag teacht
an bhóthair 'n-a shodar, is chuaidh sé ar chúl
tuir le n-a leigean thairis. Seo chuige
duine uasal, is sparán mór airgid i n-a
láimh ar thoiseach na dialaide leis. Anonn
leis an marcach thríd an áth; acht níor
bh'fhada dhó taobh thall go dtáinig marcach
eile amach ó'n gcoill roimhe i samhlacht
duine bhocht. Ba ghaduidhe an duine seo, is
thionsgnaidh sé an duine uasal a throid faoi
an sparán; agus, 'réis comhrac dian cruaidh,
d'fhuadaigh sé an t-airgead uaidh. Thiomáin
an duine uasal ar aghaidh ar lorg congnaimh,
is chas an gaduidhe faoi an choill, gur chaith
sé na sean-ghioblachaí dhe; is, nuair do
tháinig sé amach i n-a chruth féin, ba laoch
breagh óg acmhuineach do bhí ann.
Tháinig sé anall thar an áth, agus an sparán
leis ar an dialaid, mar bhí cheana ag an
fear dár leis é; is ó bhí an bacach faoi
an tráth so ar a shuidhsistin, d'iarr sé
déirce ar an marcach og.
D'amharc an gaduidhe air, is ar sé:
"Maise, seo dhuit, a sheanduine bhocht,
oiread is choingbheóchas thú fhad is mhairfeas
tú." is chaith sé an sparán 'uige is gach a
raibh ann, is thiomáin sé leis.
Nuair do dhearc an bacach 'sa sparán,
chaith sé é féin ar a dhá ghlúin, is bhí sé ag
cur urnaighe is beannacht i ndiaidh an ghad-
uidhe go ndeachaidh sé as a amharc.
Dubhairt an t-aonrachán leis féin: "Má's
gaduidhe féin atá ionnat, is fial fairsing
an croidhe atá agat; acht nach aisteach iad
na daoine," is bhí sé ar tí filleadh a-bhaile,
nuair d'airigh sé fothram caiple arís ar
lán-shiubhal, is seo chuige ar a ais an duine
uasal, le buidhean airm, ag tóruigheacht an
ghaduidhe do chreach é.
[Ní Críoch]
Seaghán Ó Ruaidhri.