Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh.
Title
Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁIN THAIDHG GHAEDHEALAIGH. An tAthair Pádraig Ó Dúinnín do cruinnigh agus do chuir i n-eagar. Beannacht dílis Dé let' anam, á Phádraig Uí Fhoghladha. Seo mar bhíodh Pádraig, a dhaoine mhuinn- teardha. Mairtíneach do bhí ann. Fuair sé máchal éigint thall i Sasanna Nua, do chruadhuigh an dá chois fé, i dtreó nár fhéad sé iad a lúbadh fé. Níor fhéad sé siubhal gan congnamh maidí croise agus is annamh do théidheadh sé amach. Ar feadh leath-bhliadhna sula bhfuair sé bás níor chorruigh sé ar an leabaidh. Gach uair do théidhinn ag triall air d'airighinn uaidh: - "A Bhanaltra mhaith mharthannach A chaoin-shearc sa stóir Beir m'anam leat go ceanamhail Glan aoibhinn i nglóir. Ins an gcathair sin do dhalta-sa Idir aingealaibh na bhflaitheasa 'S led' bhrataibh chirt i bParrathas gheal Díon mé go deó." Agus dá bhfeicfá mar do lasadh gnúis Phádraig le linn na bhfocal soin do rádh; dá bhfeicfá mar do thógaidís a chroidhe bocht agus é go caithte silte traochta, ar leabaidh a bháis. 'Bhfuil éin-fhile 'n-a bheathadh i n-éin-tír fé'n spéir go ndéanfadh aiste uaidh an rud céadna? An ndéanfadh roinnt focal as leabhar úrnuidhthe é? Labhraimíd go hárd thar filidheacht anois is arís agus badh dhá chirte dhúinn filidheacht do léigheamh agus do thuigsint, má's féidir linn soin - ar dtúis. "I n-ithe na putóige is eadh bhíonn a thástáil" adeir an sean-fhocal. Do thaithn filidheacht Thaidhg le muinntir Chúige Mumhan, agus ní dócha go bhfuarfaidh a gcion air choidhche. Tá léas nua fagháltha aige feasta, agus ar an Athair Pádraig Ó Duinnín bíodh a bhuidheachas-san. Is éachtach an saothruidhe é, agus na leabhair go léir do thagann ó n-a láimh do shocrughadh. Ba bheag tigh i gCúige Mumhan roinnt bliadhan ó shoin ná bíodh "Tadhg Gaedhealach" ann. Bhíodar ag éirghe an-ghann le déidheannaighe acht is maith an rud go bhfuil fagháil ar an leabhar arís, agus breis ann thar mar bhí i n-éin-cheann roimhe seo. Feiceam cad é an ceannach a bheidh air. Dhá scilling a fhiacha agus is féidir é fhagháil ó Chonnradh na Gaedhilge.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services