Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh.

Teideal
Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh.
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1903
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926




L. 335


AMHRÁIN THAIDHG GHAEDHEALAIGH. An tAthair Pádraig
Ó Dúinnín do cruinnigh agus do chuir i n-eagar.



Beannacht dílis Dé let' anam, á Phádraig Uí
Fhoghladha. Seo mar bhíodh Pádraig, a dhaoine mhuinn-
teardha. Mairtíneach do bhí ann. Fuair sé máchal
éigint thall i Sasanna Nua, do chruadhuigh an dá chois
fé, i dtreó nár fhéad sé iad a lúbadh fé. Níor fhéad
sé siubhal gan congnamh maidí croise agus is annamh
do théidheadh sé amach. Ar feadh leath-bhliadhna sula
bhfuair sé bás níor chorruigh sé ar an leabaidh. Gach
uair do théidhinn ag triall air d'airighinn uaidh: -



"A Bhanaltra mhaith mharthannach
A chaoin-shearc sa stóir
Beir m'anam leat go ceanamhail
Glan aoibhinn i nglóir.
Ins an gcathair sin do dhalta-sa
Idir aingealaibh na bhflaitheasa
'S led' bhrataibh chirt i bParrathas gheal
Díon mé go deó."



Agus dá bhfeicfá mar do lasadh gnúis Phádraig le
linn na bhfocal soin do rádh; dá bhfeicfá mar do
thógaidís a chroidhe bocht agus é go caithte silte
traochta, ar leabaidh a bháis. 'Bhfuil éin-fhile 'n-a
bheathadh i n-éin-tír fé'n spéir go ndéanfadh aiste
uaidh an rud céadna? An ndéanfadh roinnt focal
as leabhar úrnuidhthe é? Labhraimíd go hárd thar
filidheacht anois is arís agus badh dhá chirte dhúinn
filidheacht do léigheamh agus do thuigsint, má's féidir
linn soin - ar dtúis. "I n-ithe na putóige is eadh
bhíonn a thástáil" adeir an sean-fhocal. Do thaithn
filidheacht Thaidhg le muinntir Chúige Mumhan, agus ní
dócha go bhfuarfaidh a gcion air choidhche.



Tá léas nua fagháltha aige feasta, agus ar an
Athair Pádraig Ó Duinnín bíodh a bhuidheachas-san. Is
éachtach an saothruidhe é, agus na leabhair go léir do
thagann ó n-a láimh do shocrughadh.



Ba bheag tigh i gCúige Mumhan roinnt bliadhan ó
shoin ná bíodh "Tadhg Gaedhealach" ann. Bhíodar ag
éirghe an-ghann le déidheannaighe acht is maith an rud
go bhfuil fagháil ar an leabhar arís, agus breis ann
thar mar bhí i n-éin-cheann roimhe seo. Feiceam cad
é an ceannach a bheidh air. Dhá scilling a fhiacha agus
is féidir é fhagháil ó Chonnradh na Gaedhilge.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services