Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin. Ar Choiste na bPáipéirí le linn an Oireachtais do comhairligheadh dúinn rudaí as sean-léigheann na Gaedhilge, agus dinnseanchus agus nótaí ag baint le hainmneacha áiteann is daoine is rudaí eile de'n tsórt soin do chur san IRISLEABHAR. Táimíd ag soláthar chuige sin fé láthair, agus comh luath is bheidh sé ar ár gcumas an tIRISLEABHAR do mhéadughadh, gheobhaidh gach éinne a chion féin. Is deacair soinseáil do dhéanamh i gcaitheamh an tSamhraidh go háirithe. Badh mhaith linn go scríobhfadh daoine chughainn ag tabhairt míniughadh ar choraibh cainnte, nó ar fhoclaibh neamh-ghnáthacha do bhuaileann umpa. Is beag duine ná cloiseann focail is cuir chainnte ná fuil coit- cheanta, agus b'éidir nár misde trácht do dhéanamh ortha. Déanfaimíd ár ndícheall i gcomhnuidhe ar aistí ag baint le Stair na hÉireann do bheith againn san IRISLEABHAR. Tá sean-stair na tíre loitthe orainn toisc go mb'éigin é aistriughadh go Béarla. Cuid- igheadh léightheóirí an IRISLEABHAR linn annso. ;Sé scéal Dhiarmaid Uí Mhuimhneacháin do bhuaidh ár nduais an mhí seo: agus go deimhin is breagh blasta an chainnt atá agat, a Dhiarmaid. Tá aistí againn leis ó Sheaghán Mac an Ultaigh agus ó Sheaghán Ó Muimhneacháin, beirt do fuair duaiseanna cheana uainn. Ta na scríbhneóirí ag éirighe chughainn, agus ní baoghal ná go mbeidh fáilte rompa. Dhearmhadamair innsint an mhí seo gaibh tharainn go bhfuil Maighréad Ní Ailgheasa n-a comhnuidhe i mBaile Átha cliath. Tá sí fé riaradh an Athar Mac Aindréis i Scoileanna Sráid Eóin san gcathair úd. Ná tógadh Mac Uí Ruaidhrí agus Finnéigeas orainn a gcoimeád chomh mór so chum deiridh. Socrogham dóibh féin agus do roinnt daoine eile gan mhoill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services