Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 340


Sinn Féin.



Ar Choiste na bPáipéirí le linn an Oireachtais do
comhairligheadh dúinn rudaí as sean-léigheann na
Gaedhilge, agus dinnseanchus agus nótaí ag baint le
hainmneacha áiteann is daoine is rudaí eile de'n
tsórt soin do chur san IRISLEABHAR. Táimíd ag
soláthar chuige sin fé láthair, agus comh luath is bheidh
sé ar ár gcumas an tIRISLEABHAR do mhéadughadh,
gheobhaidh gach éinne a chion féin. Is deacair soinseáil
do dhéanamh i gcaitheamh an tSamhraidh go háirithe.



Badh mhaith linn go scríobhfadh daoine chughainn ag
tabhairt míniughadh ar choraibh cainnte, nó ar fhoclaibh
neamh-ghnáthacha do bhuaileann umpa. Is beag duine
ná cloiseann focail is cuir chainnte ná fuil coit-
cheanta, agus b'éidir nár misde trácht do dhéanamh ortha.



Déanfaimíd ár ndícheall i gcomhnuidhe ar aistí ag
baint le Stair na hÉireann do bheith againn san
IRISLEABHAR. Tá sean-stair na tíre loitthe orainn
toisc go mb'éigin é aistriughadh go Béarla. Cuid-
igheadh léightheóirí an IRISLEABHAR linn annso.



;Sé scéal Dhiarmaid Uí Mhuimhneacháin do bhuaidh ár
nduais an mhí seo: agus go deimhin is breagh blasta
an chainnt atá agat, a Dhiarmaid.



Tá aistí againn leis ó Sheaghán Mac an Ultaigh agus ó
Sheaghán Ó Muimhneacháin, beirt do fuair duaiseanna
cheana uainn. Ta na scríbhneóirí ag éirighe chughainn,
agus ní baoghal ná go mbeidh fáilte rompa.



Dhearmhadamair innsint an mhí seo gaibh tharainn
go bhfuil Maighréad Ní Ailgheasa n-a comhnuidhe i
mBaile Átha cliath. Tá sí fé riaradh an Athar Mac
Aindréis i Scoileanna Sráid Eóin san gcathair úd.



Ná tógadh Mac Uí Ruaidhrí agus Finnéigeas orainn a
gcoimeád chomh mór so chum deiridh. Socrogham dóibh
féin agus do roinnt daoine eile gan mhoill.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services