Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruadair, Smiot is Glin.
Title
Bruadair, Smiot is Glin.
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bruadair, smiot, is glin. Seo sailm do fhauras i láimh-scríbhinn le Mac Uí Bhroin, Caisleán Chnucha. I gCondae Chiarruidhe is eadh scríobhadh an leabhar so, is b'éidir go bhféadfadh duine éigin de léightheóiríbh an IRISLEABHAR innsint dúinn cia'r bh'iad an triúr so, cá rabhadar 'n-a gcomhnuidhe, nó cad iad na héachta dheineadar. Pádruig Ó Duinnín. Bruadar Smiot is Glin, Amen, a Mhic, an triúir. Nára cian go rabhaid sé leacaibh, Go marbh lag, fuar san úir. Amen. Bruadair Smiot is Glin, Go fánach, singil, fuar, Amen, a Rí na n-aingeal, Is go tréith-lag, truithill, truagh. Amen. Bruadair, Smiot is Glin, Faoi ghlais ar lic na bpian, Cúis chaoidh agus sile deór, Go raibh gach ló ag an dtriar. Amen. Dalladh ar Smiot go grod, Lagughadh ar ghéaga Bhruadair; Amen, a Rí na gile, As Glin ar easbaidh luadair. Amen. Smiot i gcarcair pian, Bruadair gan rian, gan rath, Amen, a Rí na ndúl, Is Glin gan lúth i meath. Amen Bruadair go grod san uaigh, Glin go fuar 'n-a chriaidh; Amen, a Rí an Domhnaigh, Is Smiot fá shlabhradh an Diabhail. Amen. Dícéille ar Bhruadair chlaon, Pian ar muin péine ar Ghlin; Amen, a Rí na rann, An Diabhal ag cabhair ar Smiot. Amen. Glin i bhfiabhras creatha, Canncar i dteangain Bhruadair; Amen, a Rí na bhflaitheas, Is Smiot i measc na gcruadhtan. Amen. Glin fé thart gan deoch, Smiot go docht fé bhrón; Amen, a Rí na naomh, Is Bruadair go faon ag dreogh. Amen. Smiot gan neach ar a shliocht, Bruadair gan bun, gan stór; Amen, a Rí na hAoine, Is Glin gan bhrigh 'n-a ghlór. Amen. Bruadair gan brigh 'n-a bhallaibh. Glin dá thachtadh i gcnáib; Amen, a Rí an tsolais, Is Smiot i ngothar báis. Amen. Glin go fuar 'n-a stalca, Smiot go creathach truaill; Amen, a Rí na bhfeart, Is Bruadair go beacht 'n-a thruagh. Amen. Smiot 'n-a chriathar poll, Bruadair ag lobhadh 'n-a ghoile; Amen, a Rí na n-órd, Is Glin 'n-a bhoc-seó ar buile. Amen. Creach ruathar gan mhoill ar Smiot, Glin fá choir a chrochta; Amen, a Rí an Luain, Is Bruadar san uaigh go lobhtha. Amen. Mo mhallacht o buan do Ghlin, Mallughadh is meath ar Bhruadair; Amen, a Rí na bhflaitheas, Agus Smiot i gcarcair truagh lag. Amen. Mí-ádh ar an dtriúr 'n-a cheathaibh, Masladh, mí-rath, is máchail, Náire shaoghalta dhearbh; Amen, a Rí na ngrás ngeal. Amen. Léir-sgrios is leaghadh go hoban, I ndáil an triair adubhart; Bruadair, Smiot, is Glin, Gan rath, gan rith, gan lúth. Amen. Greim nimhe tríot-sa, a Smiot, Is nár imthighidh mo ghuth le gaoith; Fuil do chroidhe fé bhliadhain ó indiu, Go raibh 'n-a sruth led' thaoibh. Amen. Gan tigh, gan áit do Smiot, Fán fada ar Bhruadair; An diabhal ar dheas-láimh Ghlin, Gach maidin ag ceangal suas de. Amen. Olc is ár-ghoin ós gach áird Go bhfeicead-sa i ndáil an triair; Is sin fé bhliadhain ó indiu, I gcarcar dhubh gan rian. Amen. Briseadh is brudhadh ar Ghlin, Fuil is inchinn le Bruadair claon; Amen, a Íosa, éist lem' ghuth, Is Smiot gach lá go féig. Amen. Gearánaim glin is Bruadair Is Smiot go cruaidh le Dia; Bascadh is beárnaidh ar an dtriúr, Is mo mhallacht go dlúth 'n-a ndiaidh. Amen. Gach n-aon do chuir ionnainn lámh Ar bheárna a n-aimhlis dóibh; Creach-ruathar anuas ó neamh Go dtugaidh scrios 'na measc aon-ló. Amen. Gan sliocht os cionn a mbáis, Cé b'obann a dtásc san tslógh; Gach eascaine i Sailm na bhFáidh Go bhfeicead na ndáil ar sógh. Amen. Gan cluas gan croiceann a bplaeisc, Gan éisteacht gan radharc gan glór, Sul a mbeidh an bhliadhain seo istigh, Agus Amen, a Mhic na hÓighe. Amen. Ní deireadh do'n díogras trick of the Loop, Nimh gach a ndubhart a mbaile le (maille le) cach, Go dtuitidh ar an bpeeler ciar, Is amen, a Dhia, gach lá. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services