Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruadair, Smiot is Glin.

Title
Bruadair, Smiot is Glin.
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Bruadair, smiot, is glin.



Seo sailm do fhauras i láimh-scríbhinn le Mac Uí
Bhroin, Caisleán Chnucha. I gCondae Chiarruidhe is
eadh scríobhadh an leabhar so, is b'éidir go bhféadfadh
duine éigin de léightheóiríbh an IRISLEABHAR innsint
dúinn cia'r bh'iad an triúr so, cá rabhadar 'n-a
gcomhnuidhe, nó cad iad na héachta dheineadar.



Pádruig Ó Duinnín.

Bruadar Smiot is Glin,
Amen, a Mhic, an triúir.
Nára cian go rabhaid sé leacaibh,
Go marbh lag, fuar san úir. Amen.



Bruadair Smiot is Glin,
Go fánach, singil, fuar,
Amen, a Rí na n-aingeal,
Is go tréith-lag, truithill, truagh. Amen.



Bruadair, Smiot is Glin,
Faoi ghlais ar lic na bpian,
Cúis chaoidh agus sile deór,
Go raibh gach ló ag an dtriar. Amen.



Dalladh ar Smiot go grod,
Lagughadh ar ghéaga Bhruadair;
Amen, a Rí na gile,
As Glin ar easbaidh luadair. Amen.



Smiot i gcarcair pian,
Bruadair gan rian, gan rath,
Amen, a Rí na ndúl,
Is Glin gan lúth i meath. Amen



Bruadair go grod san uaigh,
Glin go fuar 'n-a chriaidh;
Amen, a Rí an Domhnaigh,
Is Smiot fá shlabhradh an Diabhail. Amen.



Dícéille ar Bhruadair chlaon,
Pian ar muin péine ar Ghlin;
Amen, a Rí na rann,
An Diabhal ag cabhair ar Smiot. Amen.



Glin i bhfiabhras creatha,
Canncar i dteangain Bhruadair;
Amen, a Rí na bhflaitheas,
Is Smiot i measc na gcruadhtan. Amen.



Glin fé thart gan deoch,
Smiot go docht fé bhrón;
Amen, a Rí na naomh,
Is Bruadair go faon ag dreogh. Amen.



Smiot gan neach ar a shliocht,
Bruadair gan bun, gan stór;
Amen, a Rí na hAoine,
Is Glin gan bhrigh 'n-a ghlór. Amen.



Bruadair gan brigh 'n-a bhallaibh.
Glin dá thachtadh i gcnáib;
Amen, a Rí an tsolais,
Is Smiot i ngothar báis. Amen.



Glin go fuar 'n-a stalca,
Smiot go creathach truaill;
Amen, a Rí na bhfeart,
Is Bruadair go beacht 'n-a thruagh. Amen.



Smiot 'n-a chriathar poll,
Bruadair ag lobhadh 'n-a ghoile;
Amen, a Rí na n-órd,
Is Glin 'n-a bhoc-seó ar buile. Amen.



Creach ruathar gan mhoill ar Smiot,
Glin fá choir a chrochta;
Amen, a Rí an Luain,
Is Bruadar san uaigh go lobhtha. Amen.



Mo mhallacht o buan do Ghlin,
Mallughadh is meath ar Bhruadair;
Amen, a Rí na bhflaitheas,
Agus Smiot i gcarcair truagh lag. Amen.



Mí-ádh ar an dtriúr 'n-a cheathaibh,
Masladh, mí-rath, is máchail,
Náire shaoghalta dhearbh;
Amen, a Rí na ngrás ngeal. Amen.



Léir-sgrios is leaghadh go hoban,
I ndáil an triair adubhart;
Bruadair, Smiot, is Glin,
Gan rath, gan rith, gan lúth. Amen.



Greim nimhe tríot-sa, a Smiot,
Is nár imthighidh mo ghuth le gaoith;
Fuil do chroidhe fé bhliadhain ó indiu,
Go raibh 'n-a sruth led' thaoibh. Amen.



Gan tigh, gan áit do Smiot,
Fán fada ar Bhruadair;
An diabhal ar dheas-láimh Ghlin,
Gach maidin ag ceangal suas de. Amen.



Olc is ár-ghoin ós gach áird
Go bhfeicead-sa i ndáil an triair;
Is sin fé bhliadhain ó indiu,
I gcarcar dhubh gan rian. Amen.



Briseadh is brudhadh ar Ghlin,
Fuil is inchinn le Bruadair claon;
Amen, a Íosa, éist lem' ghuth,
Is Smiot gach lá go féig. Amen.



Gearánaim glin is Bruadair
Is Smiot go cruaidh le Dia;
Bascadh is beárnaidh ar an dtriúr,
Is mo mhallacht go dlúth 'n-a ndiaidh. Amen.



Gach n-aon do chuir ionnainn lámh
Ar bheárna a n-aimhlis dóibh;
Creach-ruathar anuas ó neamh
Go dtugaidh scrios 'na measc aon-ló. Amen.



Gan sliocht os cionn a mbáis,
Cé b'obann a dtásc san tslógh;
Gach eascaine i Sailm na bhFáidh
Go bhfeicead na ndáil ar sógh. Amen.



Gan cluas gan croiceann a bplaeisc,
Gan éisteacht gan radharc gan glór,
Sul a mbeidh an bhliadhain seo istigh,
Agus Amen, a Mhic na hÓighe. Amen.



Ní deireadh do'n díogras trick of the Loop,
Nimh gach a ndubhart a mbaile le (maille le)
cach,
Go dtuitidh ar an bpeeler ciar,
Is amen, a Dhia, gach lá. Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services