Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Údhacht an Stiocaire.
Title
Údhacht an Stiocaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÚDHACHT AN STIOCAIRE. (Ar Leanmhaint.) "TÍR-FHIACHRACH" DO SGRÍOBH. "Óra, mo sheacht míle mallacht ort, a leadaí gan bláth gan slacht," ar seisean go garbh-ghlórach le n-a mhac, "is tú crádh mo shaoghail, ag caitheamh amudha mo chuid bun- chair ar ghlagaireacht agus ar leibideacht. Fágfhaidhear (= fágfar) i dteach na mbocht mé gan bun sgreas agam. Go bhfóiridh Dia orm faoi gur thóg mé stróinse agus cliobaire dod' leithéid-se. Maise, tuil- leadh tubaiste agat, a lóiste mhóir. Táim creachta agat. Níl rith ná seasamh ar bith leat. Acht cé bail liom a bheith ag caint? Ba chuma liom 'sa mío-ádh mór nó 'sa gclampar dá mbéinn gan súil a leagan ort fhad is beó mo cheann." Do ghoill an diabladh agus an aithis seo go mór ar an bhfear óg acht níor thaisbéan sé aon mhúisiam agus níor dhubhairt cat dubh ná cat bán. Shíl sé go mb'fhearr a bhéal a choinneál ar a chéile mar nach raibh blas maitheasa a bheith ag stálughadh i n-aghaidh an tsean-fhir. Bhíodh sé chom stainceamhail le múille agus é ar bog-mheisge. L'éis tamaill bhig d'éirigh Tadhg níos ciúine acht lean sé ar bhunránacht agus siumsánacht cois na teineadh nó gur thoisigh sé ag bordáil chodlata. Do théal- tuigh Séamus amach annsin ar bhárr throighthe a chos agus lasg sé leis go dtí na buidhne Gaedhilge 'sa teach sgoile 'sa bPáirc Árd. Ní raibh seasamh ar bith leis an sean- fhear le neart a chuid clamhsáin agus a chuid canntail agus mar sin de bhí faitchíos ar mo bhuachaill bocht nach mbéadh suidheadh foruis i gclúid shonais aige an dá lá is mhairfeadh an cráidhteachán d'athair a bhí aige. Rinne sé machtnughadh go géar ar an gcaoi a raibh a athair ag cur air agus chuir sé i n-a cheann ar áit na mbonn go ngread- fadh sé leis fhéin duth agus dath as teach a athar ar maidin lá ar n-a bhárach gan fios ag neach faoi 'n ngréin ghil cá mbéadh sé ag tabhairt a aighthe. Dhéanfadh sé a roghan fhéin feasta cibé caoi a n-imtheochadh an sgéal agus ní thiocfadh sé ar ais aríst fhad is bhéadh a athair i n-a bheathaid.
D'á mhoiche d'ar éirigh an ghrian ar maidin lá ar n-a bhárach is moiche 'ná sin d'éirigh Séamus i n-a shuidhe ná níor mhian leis fios a bheith ag a athair nó ag Úna go raibh sé ag imtheacht. Do chuimil sé basloch d'á éadan, d'ith giota aráin, d'ól naigín bláthaigh agus as go bráth leis, an sruf (= sruth) deor ag tuitim ó n-a shúile le teann cumhaidh agus briseadh croidhe. Bhí sé ag dul chois croidhe leis go raibh sé ag sgaramhaint le Úna acht ní raibh aon neart aige air. Bhí an aimsir go millteach. Ba hé lá na seacht síon é. Bhí sé ag dáibhleach fear- thainne agus bhainfeadh an sinneán gaoithe na hadharca de bhó mhaoil acht mar sin fhéin thug sé a aghaidh ar an tsliabh agus d'imthigh leis i mbárr na bhfásgaidhthe. Cé nach raibh dath na ríogh ruadh ag an stócach bocht ní iarrfadh sé dadaidh ar dhuine ar bith. Bhí faoi dhul treasna an tsléibhe go Laighne héinte go bhfuigheadh sé obair annsin. Níor mhaith leis dhul thar sáile go dtí an tOileán Úr ná go Sasana mar bhí dúil aige slighe bheathadh a bhaint amach i n-a thír fhéin. Ba hé an geimhreadh a bhí ann agus ba gearr iad na laetheannta. Shiubhal sé ar a mhine-ghéire i ndiaidh a chinn roimhe go dtí go raibh sé ar an taoibh ó dheas de Chroc an Chroidhe nuair, le donas a chur ar an sgéal, thuit ceo tiugh go tobann anuas air. Cuireadh fóidín meara air agus níor léir dhó trí troighthe roimhe. Acht is mairg a chaillfeadh a mhisneach cibé sáinne a mbéadh sé ann agus níorbh mar sin dom' ghíománach calma. Ghluais sé ar aghaidh go haireach, acht mo léan géar! Níorbh' fhada chuaidh sé gur baineadh barr- thruisle as. Thuit sé de phlimp thar strompán giúise. Gortuigheadh ceann d'á rúitíní go dona agus dheamhan mórán nár basgadh é. Bhí sé dorcha faoi 'n am seo agus níor bh'fhéidir leis gluaiseacht ní b'fhuide. Ba bhuidhe bocht leis dhul i bhfasgadh ó'n ngairbh- shíon faoi charraic mhóir, áit nach raibh límisdéar aige ann acht le suidhe ar a ghogaide ar feadh na hoidhche agus an aimsir ag éirghe ní ba mhilltighe gach mói- méad i ndiaidh a chéile. Bhí márr-léathair air leis an bhfuacht agus an fliuchán agus mheas sé go raibh a chnaipe déanta anois thar ariamh agus é réidh le graithe an tsaoghail seo. Acht faoi bhreacadh an lae bhris na sgamaill agus ghlan an aimsir suas. Thainic sé amach ó fhasgadh na carraige agus rinne sé é fhéin a sheargaireacht. Ní raibh ann acht gur bh'fhéidir leis seasamh. Ní raibh tarraint na gcos 'sa bhfear bocht agus hobair gur thuit sé síos le teann laige. Dhearc sé 'n-a thimcheall agus thug sé faoi deara go raibh sé i bhfoigseacht urchair cloiche de'n bhóthar agus i gceann cúpla móiméad chonnaic sé cairt ag tigheacht le fánaidh an chnuic 'n-a airicis. Sgairt sé ar an tiománaidhe. Thainic an fear faoi n-a dhéin agus thug congnamh dhó le dul ar an gcairt agus annsin thug sé marcuigheacht dó chomh fada le Tobar an Choire. Ní túisge do shroich sé an áit sin 'ná bhuail taom thinnis é de bhárr an chaoi a raibh sé préachta leis an bhfuacht agus an fliuchán agus stiúcaidhthe leis an ocras i rith an lae agus na hoidhche roimhe sin. Bhí sé faoi na sguilthí ar feadh coicíse, acht annsin thainic biseach air agus faoi dheoigh thainic sé slán as. Bhí súil aige annsin go bhfuigheadh sé rud eicínt le déanamh i dTobar an Choire, acht
ba hí sin Sighle chaoch air agus b'éigin dó siubhal roimhe aríst ar lorg oibre. Ba han-deacair dadaidh fhághail. Bhí an sgurach bocht i gcruaidh-chás. Dheamhan sgealb a bhí aige, acht ag cur an lae indiú 'un an lae i mbárach. Bhí an-chaoi ar mhuintir na tuaithe de bhárr an dubhacháin a bheith ar na fataí agus ní raib mórán oibre le fághail, acht faoi dheireadh thiar thall nuair bhí sé i ndáil le bheith caithte cuireadh aimsir air le bheith 'n-a bhuachaill bó ar fheilim i n-aice le Bealach an Doirín. Bhí bród mór air amháin an obair seo fhághail agus chaith sé ráithe 'n-a bun nuair mhuithigh sé i mbéal an earraigh go raibh múin- teoir taistesalach ag teastáil ó mhuintir na Gaedhilge i gConndae Roscomain. Ar sin a chluinsteál dó níor leis do b'fhaillilghe é agus níor bhain sé méar d'á shrón nó gur bhuail sé isteach ins an áit a rabhthas ag tóruigheacht an mhúinteóra. Chuir sé faisnéis annsin faoi Rúnaire Chonnartha na Gaedhilge. Chuaidh sé faoi n-a dhéin agus leig aige a ainm, a ghrath agus an fáth a dtainic sé. Thaithnigh Séamus go mór le lucht na Gaedhilge agus níor bheag leis fhéin an tuarasdal a tair- geadh dhó. Cuireadh aimsir air go ceann
bliadhna agus thoisigh sé ar an toirt ag 'ul annseo agus annsiúd ar fud an cheanntair agus é ag múnadh na Gaedhilge agus ag brostúghadh ar na daoinibh. Faoi'n am sin fuair sé fáirnis go raibh a athair l'éis údhacht a dhéanamh agus gur fhág sé gach a raibh ar an saoghal aige ag Úna ar a mian fhéin. Níor fágadh bun sgreas ag Séamus bocht. Chualaidh sé freisin ó bhiadánaidhe eicínt go raibh súil na glas- óige ag Úna i ndiaidh mic feilméir 'sa gcomharsanacht agus d'éirigh dóghadh éada agus iarpais nimhe neanntaighe i n-a chroidhe i n-aghaidh an chailín bhoicht, nach raibh aon anachain innti chor le naoidheanán na cíche, ná is é do shíl sé gurbh isi ba cionn- tsiocair leis an imreas a bhí eadar é fhéin agus a athair ar chaoi go mbéadh an fheilm agus an t-airgead faoi n-a comhairle fhéin aici agus go mbéadh faill aici an buachaill eile a phósadh agus é fhéin caithte i dtreap- aisí. Ag bordáil is bliadhain 'n-a dhiaidh sin fuair sé tuairisg lá go raibh ruaig thinnis ag gabhail d'á athair agus go raibh baramhail go raibh sé i riocht báis. Do ghléas sé air go tapaidh agus as go bráth leis ar áit na mbonn. Thug sé a aghaidh ar Thír-Fhiachrach agus chuir an bóthar dhe chomh maith is bhí i n-a chosa ná, dh'á dhonacht d'á raibh an droch- láimhsiughadh a thug an sean-fhear dhó, bhí dúil aige é fheiceál sul a bhfághadh sé bás. Shroich sé an teach le linn smáil na hoidhche. Thug sé 'un cruinnis go raibh fuinneog an tseomra leaptha ar fosgailt agus go raibh coinneal ar lasadh ar an mbórd. Mhuithigh sé guthanna agus dhearc sé isteach. Bhí an dochtúir agus Úna i séis comhrádh cois na leabhta agus bhí an dochtúir ag ráidht go raibh Tadhg i ndeireadh na déithe. Ní túisge bhí na focla as a bhéal ná phreab an duine breoite 'n-a shuidhe 'sa leabaidh. Stróic sé an dabhdín oidhche d'á chlaigeann. Dhearc sé 'ná thimcheall go fiadháin agus ghoir sé amach de ghlór a chuirfeadh cosgradh ar chroidhe cloiche - "a Shéamuis, a Shéamuis! Óra, mo léan géar! Cá bhfuil mo mhac? Cá bhfuil mo mhac?" L'éis na focla sin a ráidht dó thuit sé siar d'aon phlimp amháin sa leabaidh agus cosamhlacht bháis air. Chuir an dóchtúir a mhéar ar chaol láimhe Thaidhg agus annsin dubhairt sé le Úna go raibh an dé as. D'imthigh an Dochtúir agus fágadh Úna i n-éinfheacht le n-a hiongóir aosta, sean- chailleach a bhí stronctha leis an aois. Thoisigh an bheirt ag caoineadh go truaigh- mhéileach. D'fhan Séamus taobh amuigh de'n fhuinneoig go ceann tamaill bhig agus ann- sin chuaidh sé go dtí an doras agus bhuail sé isteach. Baineadh geit as Úna agus phreab sí 'n-a seasamh. Chuaidh sí i n-airicis Shéamuis agus a lámh sínte amach aici, acht nuair chonnaic sí a éadan stad sí go tobann. Do dhearc siad ar a chéile go ceann cúpla móimméad, acht níor labhair ceachtar aca smig ná smaig. "Tá brón orm," ar sise faoi dheireadh, "faoi nach raibh fhios agam an áit a raibh tú 'do chomhnaidhe ann le go gcuirfinn fios ort sul a bhfághadh sé bás." "Tá amhras agam nach raibh an brón chomh mór sin ort gan mise bheith annseo," arsa Séamus agus gruaim ar a mhalaidh, "b'fhéidir go mb' fhearr leat mé bheith as láthair." "Is follasach go bhfuil droch-amhras agat orm, a Shéamuis," ars' an cailín agus í brónach go leor, "creidim gurab é do bharamhail gur mise chuir ágód isteach id' aghaidh agus gur chuir mé i gceann d'athar do dhíbirt amach as an teach le n-a chuid
airgid fhághail dom péin. sic Acht bíodh fhios agat gur ag déanamh éagcóra orm atá tú. Bhí meilm diabhluigheacht' i gcroidhe an duine do chuir é sin i meabhair dhuit." "B'fhéidir sin," arsa Séamus, agus streille air, "acht is fíor go bhfuil an teach, an talamh agus an t-airtead go h-iomlán fágtha agat-sa agus gan dath na ríogh ruadh agamsa, acht an chulaidh éadaigh atá ar mo dhruim. Cé h-é do chuir faoi deara é sin? "Ní mise," d'fhreagair an cailín agus í ag silt na ndeor. "Rinneas mo dhícheall báis agus beathadh le tabhairt air fios a chur ort agus gach a raibh aige a fhágáil agat-sa, acht ní raibh maitheas i mo ghlór agus ní dhearna mo chaint dadaidh, acht fearg a chur air." "Is dócha go bhfuil tú sásta anois," arsa Séamus agus faobhar ar a ghuf (= ghuth), "tá tú saidhbhir agus tig leat Seagháinín Ó Briain a phósadh." "Maise, ní'l fhios agam faoi thalamh na hÉireann goidé chuir an bharamhail sin i do chlaigeann," adeir Úna, "ní'l baint ar bith agam le Seagháiníin Ó Briain. Éist liom, a Shéamuis. Tá cúpla bliadhain ó shin ann d'iarr tú orm do phósadh. Do dhiúltaigh mé thú an t-am sin faoi rádh is go raibh mé 'mo chailín bhocht, gan bun sgreas agam, agus gur mhac sgolóige saidhbhre a bhí annat-sa. Tá a mhalruit de sgéal ann anois. Is mise atá saidhbhir agus is tusa atá bocht. Is toil liom do phósadh anois má tá an tsuim chéadna agat annaim i gcomhnaidhe. Mara bhfuil, ag seo údhacht d'athar. Cuir ar an teinidh í. Bíodh an talamh agus an t-airgead ar mhaol do mhainge agat. Gabhfaidh mise amach ar an domhan agus tig liom slighe bheathadh a sheibhtiughadh dhom péin mar chailín aimsire." 'Ghá ráidht sin dí tharraing sí páipéar amach as a brollach agus thairg sí do Shéamus é. Níor chuir seisean blas áird ar an bpáipéar acht shín sé amach a lámha agus do las a shúile le aoibhneas. Rith an cailín chuige agus thóg Séamus d'á chroidhe í. Phreab a gcroidhe le teann bróid agus sóláis agus mur' beag bás an tsean-fhir is iad-san a bhéadh lúthgháireach ceochánta an tráthnóna sin. L'éis an t-athair a bheith curtha 'sa roilig 'sa Scrín d'fhill Séamus ar ais go Co. Roscomáin le críoch a chur ar obair na bliadhna agus nuair bhí sí sin déanta aige pósadh le Úna é. Tá séan agus sonas ortha ó shin i leith. Tá Séamus 'n-a rúnaire ar Chonnradh na Gaedhilge i n-a pháráisde fhéin agus ní'l aon chall orm a ráidht go mbíonn sé ag obair de lá is d'oidhche ag iarraidh spioraid an Ghalldachais agus spioraid na seoinín- teacht' a dhíbirt - eadar ghob, cleite agus sgiatháin - as talamh glas na hÉireann agus Éire Ghaedhealach a chur faoi réim. Tá beirt ghasúr aca anois agus, dar an leabhar, ní misde a ráidht nach baoghal ortha- san gan bheith 'n-a nGaedhilgeoirí clisde nuair a bhéas siad i n-oirfirt. Bail ó Dhia ortha eilie (uile) go léir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services