Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Údhacht an Stiocaire.

Title
Údhacht an Stiocaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ÚDHACHT AN STIOCAIRE.
(Ar Leanmhaint.)



"TÍR-FHIACHRACH" DO SGRÍOBH.



"Óra, mo sheacht míle mallacht ort, a
leadaí gan bláth gan slacht," ar seisean
go garbh-ghlórach le n-a mhac, "is tú crádh mo
shaoghail, ag caitheamh amudha mo chuid bun-
chair ar ghlagaireacht agus ar leibideacht.
Fágfhaidhear (= fágfar) i dteach na mbocht
mé gan bun sgreas agam. Go bhfóiridh
Dia orm faoi gur thóg mé stróinse agus
cliobaire dod' leithéid-se. Maise, tuil-
leadh tubaiste agat, a lóiste mhóir. Táim
creachta agat. Níl rith ná seasamh ar bith
leat. Acht cé bail liom a bheith ag caint?
Ba chuma liom 'sa mío-ádh mór nó 'sa
gclampar dá mbéinn gan súil a leagan
ort fhad is beó mo cheann."



Do ghoill an diabladh agus an aithis seo go
mór ar an bhfear óg acht níor thaisbéan sé
aon mhúisiam agus níor dhubhairt cat dubh
ná cat bán. Shíl sé go mb'fhearr a bhéal
a choinneál ar a chéile mar nach raibh blas
maitheasa a bheith ag stálughadh i n-aghaidh
an tsean-fhir. Bhíodh sé chom stainceamhail
le múille agus é ar bog-mheisge.



L'éis tamaill bhig d'éirigh Tadhg níos
ciúine acht lean sé ar bhunránacht agus
siumsánacht cois na teineadh nó gur
thoisigh sé ag bordáil chodlata. Do théal-
tuigh Séamus amach annsin ar bhárr throighthe
a chos agus lasg sé leis go dtí na buidhne
Gaedhilge 'sa teach sgoile 'sa bPáirc Árd.



Ní raibh seasamh ar bith leis an sean-
fhear le neart a chuid clamhsáin agus a chuid
canntail agus mar sin de bhí faitchíos ar
mo bhuachaill bocht nach mbéadh suidheadh
foruis i gclúid shonais aige an dá lá is
mhairfeadh an cráidhteachán d'athair a bhí
aige.



Rinne sé machtnughadh go géar ar an
gcaoi a raibh a athair ag cur air agus chuir
sé i n-a cheann ar áit na mbonn go ngread-
fadh sé leis fhéin duth agus dath as teach a
athar ar maidin lá ar n-a bhárach gan fios
ag neach faoi 'n ngréin ghil cá mbéadh sé
ag tabhairt a aighthe. Dhéanfadh sé a roghan
fhéin feasta cibé caoi a n-imtheochadh an
sgéal agus ní thiocfadh sé ar ais aríst fhad
is bhéadh a athair i n-a bheathaid.


L. 456


D'á mhoiche d'ar éirigh an ghrian ar
maidin lá ar n-a bhárach is moiche 'ná sin
d'éirigh Séamus i n-a shuidhe ná níor mhian
leis fios a bheith ag a athair nó ag Úna go
raibh sé ag imtheacht. Do chuimil sé basloch
d'á éadan, d'ith giota aráin, d'ól naigín
bláthaigh agus as go bráth leis, an sruf
(= sruth) deor ag tuitim ó n-a shúile le
teann cumhaidh agus briseadh croidhe. Bhí sé
ag dul chois croidhe leis go raibh sé ag
sgaramhaint le Úna acht ní raibh aon neart
aige air.



Bhí an aimsir go millteach. Ba hé lá na
seacht síon é. Bhí sé ag dáibhleach fear-
thainne agus bhainfeadh an sinneán gaoithe na
hadharca de bhó mhaoil acht mar sin fhéin thug
sé a aghaidh ar an tsliabh agus d'imthigh leis
i mbárr na bhfásgaidhthe. Cé nach raibh dath
na ríogh ruadh ag an stócach bocht ní iarrfadh
sé dadaidh ar dhuine ar bith. Bhí faoi dhul
treasna an tsléibhe go Laighne héinte go
bhfuigheadh sé obair annsin. Níor mhaith leis
dhul thar sáile go dtí an tOileán Úr ná go
Sasana mar bhí dúil aige slighe bheathadh a
bhaint amach i n-a thír fhéin.



Ba hé an geimhreadh a bhí ann agus ba
gearr iad na laetheannta. Shiubhal sé ar a
mhine-ghéire i ndiaidh a chinn roimhe go dtí
go raibh sé ar an taoibh ó dheas de Chroc an
Chroidhe nuair, le donas a chur ar an sgéal,
thuit ceo tiugh go tobann anuas air.
Cuireadh fóidín meara air agus níor léir
dhó trí troighthe roimhe.



Acht is mairg a chaillfeadh a mhisneach
cibé sáinne a mbéadh sé ann agus níorbh
mar sin dom' ghíománach calma. Ghluais
sé ar aghaidh go haireach, acht mo léan géar!
Níorbh' fhada chuaidh sé gur baineadh barr-
thruisle as. Thuit sé de phlimp thar
strompán giúise. Gortuigheadh ceann d'á
rúitíní go dona agus dheamhan mórán nár
basgadh é.



Bhí sé dorcha faoi 'n am seo agus níor
bh'fhéidir leis gluaiseacht ní b'fhuide. Ba
bhuidhe bocht leis dhul i bhfasgadh ó'n ngairbh-
shíon faoi charraic mhóir, áit nach raibh
límisdéar aige ann acht le suidhe ar a
ghogaide ar feadh na hoidhche agus an
aimsir ag éirghe ní ba mhilltighe gach mói-
méad i ndiaidh a chéile.



Bhí márr-léathair air leis an bhfuacht agus
an fliuchán agus mheas sé go raibh a chnaipe
déanta anois thar ariamh agus é réidh le
graithe an tsaoghail seo. Acht faoi bhreacadh
an lae bhris na sgamaill agus ghlan an
aimsir suas.



Thainic sé amach ó fhasgadh na carraige
agus rinne sé é fhéin a sheargaireacht. Ní
raibh ann acht gur bh'fhéidir leis seasamh.
Ní raibh tarraint na gcos 'sa bhfear bocht
agus hobair gur thuit sé síos le teann
laige.



Dhearc sé 'n-a thimcheall agus thug sé
faoi deara go raibh sé i bhfoigseacht urchair
cloiche de'n bhóthar agus i gceann cúpla
móiméad chonnaic sé cairt ag tigheacht le
fánaidh an chnuic 'n-a airicis. Sgairt sé
ar an tiománaidhe. Thainic an fear faoi
n-a dhéin agus thug congnamh dhó le dul ar
an gcairt agus annsin thug sé marcuigheacht
dó chomh fada le Tobar an Choire.



Ní túisge do shroich sé an áit sin 'ná bhuail
taom thinnis é de bhárr an chaoi a raibh
sé préachta leis an bhfuacht agus an fliuchán
agus stiúcaidhthe leis an ocras i rith an lae
agus na hoidhche roimhe sin. Bhí sé faoi na
sguilthí ar feadh coicíse, acht annsin thainic
biseach air agus faoi dheoigh thainic sé slán
as.



Bhí súil aige annsin go bhfuigheadh sé rud
eicínt le déanamh i dTobar an Choire, acht


L. 457


ba hí sin Sighle chaoch air agus b'éigin dó
siubhal roimhe aríst ar lorg oibre. Ba
han-deacair dadaidh fhághail. Bhí an sgurach
bocht i gcruaidh-chás. Dheamhan sgealb a bhí
aige, acht ag cur an lae indiú 'un an lae i
mbárach. Bhí an-chaoi ar mhuintir na tuaithe
de bhárr an dubhacháin a bheith ar na fataí agus
ní raib mórán oibre le fághail, acht faoi
dheireadh thiar thall nuair bhí sé i ndáil le
bheith caithte cuireadh aimsir air le bheith 'n-a
bhuachaill bó ar fheilim i n-aice le Bealach
an Doirín.



Bhí bród mór air amháin an obair seo
fhághail agus chaith sé ráithe 'n-a bun nuair
mhuithigh sé i mbéal an earraigh go raibh múin-
teoir taistesalach ag teastáil ó mhuintir na
Gaedhilge i gConndae Roscomain. Ar sin
a chluinsteál dó níor leis do b'fhaillilghe é
agus níor bhain sé méar d'á shrón nó gur
bhuail sé isteach ins an áit a rabhthas ag
tóruigheacht an mhúinteóra.



Chuir sé faisnéis annsin faoi Rúnaire
Chonnartha na Gaedhilge. Chuaidh sé faoi
n-a dhéin agus leig aige a ainm, a ghrath
agus an fáth a dtainic sé. Thaithnigh
Séamus go mór le lucht na Gaedhilge agus
níor bheag leis fhéin an tuarasdal a tair-
geadh dhó. Cuireadh aimsir air go ceann


L. 458


bliadhna agus thoisigh sé ar an toirt ag 'ul
annseo agus annsiúd ar fud an cheanntair
agus é ag múnadh na Gaedhilge agus ag
brostúghadh ar na daoinibh.



Faoi'n am sin fuair sé fáirnis go raibh a
athair l'éis údhacht a dhéanamh agus gur fhág
sé gach a raibh ar an saoghal aige ag Úna ar
a mian fhéin. Níor fágadh bun sgreas ag
Séamus bocht. Chualaidh sé freisin ó
bhiadánaidhe eicínt go raibh súil na glas-
óige ag Úna i ndiaidh mic feilméir 'sa
gcomharsanacht agus d'éirigh dóghadh éada
agus iarpais nimhe neanntaighe i n-a
chroidhe i n-aghaidh an chailín bhoicht, nach raibh
aon anachain innti chor le naoidheanán na
cíche, ná is é do shíl sé gurbh isi ba cionn-
tsiocair leis an imreas a bhí eadar é fhéin
agus a athair ar chaoi go mbéadh an fheilm
agus an t-airgead faoi n-a comhairle fhéin
aici agus go mbéadh faill aici an buachaill
eile a phósadh agus é fhéin caithte i dtreap-
aisí.



Ag bordáil is bliadhain 'n-a dhiaidh sin
fuair sé tuairisg lá go raibh ruaig thinnis
ag gabhail d'á athair agus go raibh baramhail
go raibh sé i riocht báis. Do ghléas sé air
go tapaidh agus as go bráth leis ar áit na
mbonn. Thug sé a aghaidh ar Thír-Fhiachrach
agus chuir an bóthar dhe chomh maith is bhí i n-a
chosa ná, dh'á dhonacht d'á raibh an droch-
láimhsiughadh a thug an sean-fhear dhó, bhí dúil
aige é fheiceál sul a bhfághadh sé bás.



Shroich sé an teach le linn smáil na
hoidhche. Thug sé 'un cruinnis go raibh
fuinneog an tseomra leaptha ar fosgailt
agus go raibh coinneal ar lasadh ar an
mbórd. Mhuithigh sé guthanna agus dhearc
sé isteach.



Bhí an dochtúir agus Úna i séis comhrádh cois na
leabhta agus bhí an dochtúir ag ráidht go
raibh Tadhg i ndeireadh na déithe. Ní
túisge bhí na focla as a bhéal ná phreab an
duine breoite 'n-a shuidhe 'sa leabaidh.
Stróic sé an dabhdín oidhche d'á chlaigeann.
Dhearc sé 'ná thimcheall go fiadháin agus
ghoir sé amach de ghlór a chuirfeadh cosgradh
ar chroidhe cloiche - "a Shéamuis, a Shéamuis!
Óra, mo léan géar! Cá bhfuil mo mhac?
Cá bhfuil mo mhac?"



L'éis na focla sin a ráidht dó thuit sé
siar d'aon phlimp amháin sa leabaidh agus
cosamhlacht bháis air. Chuir an dóchtúir a
mhéar ar chaol láimhe Thaidhg agus annsin
dubhairt sé le Úna go raibh an dé as.



D'imthigh an Dochtúir agus fágadh Úna i
n-éinfheacht le n-a hiongóir aosta, sean-
chailleach a bhí stronctha leis an aois.
Thoisigh an bheirt ag caoineadh go truaigh-
mhéileach. D'fhan Séamus taobh amuigh de'n
fhuinneoig go ceann tamaill bhig agus ann-
sin chuaidh sé go dtí an doras agus bhuail
sé isteach.



Baineadh geit as Úna agus phreab sí 'n-a
seasamh. Chuaidh sí i n-airicis Shéamuis agus
a lámh sínte amach aici, acht nuair chonnaic
sí a éadan stad sí go tobann. Do dhearc
siad ar a chéile go ceann cúpla móimméad,
acht níor labhair ceachtar aca smig ná smaig.



"Tá brón orm," ar sise faoi dheireadh,
"faoi nach raibh fhios agam an áit a raibh tú
'do chomhnaidhe ann le go gcuirfinn fios ort
sul a bhfághadh sé bás."



"Tá amhras agam nach raibh an brón chomh
mór sin ort gan mise bheith annseo," arsa
Séamus agus gruaim ar a mhalaidh, "b'fhéidir
go mb' fhearr leat mé bheith as láthair."



"Is follasach go bhfuil droch-amhras agat
orm, a Shéamuis," ars' an cailín agus í
brónach go leor, "creidim gurab é do
bharamhail gur mise chuir ágód isteach id'
aghaidh agus gur chuir mé i gceann d'athar
do dhíbirt amach as an teach le n-a chuid


L. 459


airgid fhághail dom péin. sic Acht bíodh fhios
agat gur ag déanamh éagcóra orm atá tú.
Bhí meilm diabhluigheacht' i gcroidhe an
duine do chuir é sin i meabhair dhuit."



"B'fhéidir sin," arsa Séamus, agus streille
air, "acht is fíor go bhfuil an teach, an
talamh agus an t-airtead go h-iomlán
fágtha agat-sa agus gan dath na ríogh ruadh
agamsa, acht an chulaidh éadaigh atá ar mo
dhruim. Cé h-é do chuir faoi deara é sin?



"Ní mise," d'fhreagair an cailín agus í
ag silt na ndeor. "Rinneas mo dhícheall
báis agus beathadh le tabhairt air fios a chur
ort agus gach a raibh aige a fhágáil agat-sa,
acht ní raibh maitheas i mo ghlór agus ní
dhearna mo chaint dadaidh, acht fearg a chur
air."



"Is dócha go bhfuil tú sásta anois," arsa
Séamus agus faobhar ar a ghuf (= ghuth), "tá
tú saidhbhir agus tig leat Seagháinín Ó
Briain a phósadh."



"Maise, ní'l fhios agam faoi thalamh na
hÉireann goidé chuir an bharamhail sin i do
chlaigeann," adeir Úna, "ní'l baint ar bith
agam le Seagháiníin Ó Briain. Éist liom,
a Shéamuis. Tá cúpla bliadhain ó shin ann
d'iarr tú orm do phósadh. Do dhiúltaigh
mé thú an t-am sin faoi rádh is go raibh mé
'mo chailín bhocht, gan bun sgreas agam,
agus gur mhac sgolóige saidhbhre a bhí
annat-sa. Tá a mhalruit de sgéal ann
anois. Is mise atá saidhbhir agus is tusa
atá bocht. Is toil liom do phósadh anois
má tá an tsuim chéadna agat annaim i
gcomhnaidhe. Mara bhfuil, ag seo údhacht
d'athar. Cuir ar an teinidh í. Bíodh an
talamh agus an t-airgead ar mhaol do mhainge
agat. Gabhfaidh mise amach ar an domhan agus
tig liom slighe bheathadh a sheibhtiughadh dhom
péin mar chailín aimsire."



'Ghá ráidht sin dí tharraing sí páipéar
amach as a brollach agus thairg sí do
Shéamus é. Níor chuir seisean blas áird
ar an bpáipéar acht shín sé amach a lámha agus
do las a shúile le aoibhneas. Rith an cailín
chuige agus thóg Séamus d'á chroidhe í.
Phreab a gcroidhe le teann bróid agus sóláis
agus mur' beag bás an tsean-fhir is
iad-san a bhéadh lúthgháireach ceochánta an
tráthnóna sin.



L'éis an t-athair a bheith curtha 'sa roilig
'sa Scrín d'fhill Séamus ar ais go Co.
Roscomáin le críoch a chur ar obair na
bliadhna agus nuair bhí sí sin déanta aige
pósadh le Úna é.



Tá séan agus sonas ortha ó shin i leith.
Tá Séamus 'n-a rúnaire ar Chonnradh na
Gaedhilge i n-a pháráisde fhéin agus ní'l
aon chall orm a ráidht go mbíonn sé ag
obair de lá is d'oidhche ag iarraidh spioraid
an Ghalldachais agus spioraid na seoinín-
teacht' a dhíbirt - eadar ghob, cleite agus
sgiatháin - as talamh glas na hÉireann agus
Éire Ghaedhealach a chur faoi réim. Tá
beirt ghasúr aca anois agus, dar an
leabhar, ní misde a ráidht nach baoghal ortha-
san gan bheith 'n-a nGaedhilgeoirí clisde
nuair a bhéas siad i n-oirfirt. Bail
ó Dhia ortha eilie (uile) go léir.


19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services