Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar géilleadh ag Dún an Óir.
Title
Mar géilleadh ag Dún an Óir.
Author(s)
Ua Loingsigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"MAR GÉILLEADH AG DÚN AN ÓIR." (Duais). Tar éis bháis Shéamuis Mac Muiris, bhí 'na cheannurradh chúmhachtach ar an arm Caitliceach 'san Mumhain toghadh Seaghán, dearbhráthair Iarla na Deas-Mhumhan 'n-a phríomh-thaoiseach i n-a ionad le toil an Phápa. D'órduigh Mac Muiris féin, roimh bhás do, Seaghán a bheith 'n-a cheannurradh 'n-a dhiaidh; mar bhí a fhios aige ná raibh fear eile ins an Mumhain ba mhó cumas 'ná é, nó do b'fhearr chum sluagh fear do threórughadh. Mhothuigh an t-iarla mar an gcéadna gur mhó chongbhuigheadh a dhear- bhráthair fir fé n-a smacht 'ná é féin, agus gur mhó í a acfuinn. Ní raibh cur i n-aghaidh a dhearbhráthar aige dá réir sin. Do dhlúith-cheangladar na dearbhráithreacha le n-a chéile, agus do chinneadar iad féin a chosnamh ar dhroich-mhian na Sacsan. Do cuireadh Iarla Ur-Mhumhan le sluagh mór chum a raibh aca do mhilleadh. Bhí an ceann feadhna Uinter agus a chabhlach ag faire ar miollaibh Chiarraighe ar eagla go ngeóbhadh na Spáinnigh port ann, acht b'éigin dó filleadh a-bhaile le heasbhaidh lóin agus fós mar gheall ar dhroch-aimsir gharbh. Do chuir Rí na Spáinne 'san am gcéadna ocht gcéad fear ag triall ar Sheaghán Mac Gearailt chum congnaimh a thabhairt dó. Thángadar i dtír i gCiarraighe agus do ghabhadar seilbh i nDún an Óir a bhí déanta ar bhárr carraige ós cionn chuain Árd na Caithne (Smerwick) ar an dtaobh thiar thuaidh de Dhaingean Uí Chúis. Seo thíos mar labhrann Annála Ríoghachta na hÉireann 'n-a dtaobh: "Tháinig cabhlach Spáinneach agus Iodáileach i mí mheadhon an Fhóghmhair 'san mbliadhain 1580. Ba mhó a n-ainm ar dtúis ná a gcúmhacht, mar bhi clú chómh mór sin tugtha amach ortha dá mbadh go Luimnigh, nó go Gaillimh, nó go Corcaigh a thiocfaidís, go bhfágfaidhe na bailte móra so béal-osgailte dhóibh gan chosaint. Do ghabhadar port ag Oileán an Óir, an áit do chuir Séamus Mac Muiris chum a cosanta an bhliadhain roimhe seo. Chuir Rí Pilibh an cabhlach soin go hÉireann chum cabhruighthe leis na Gearaltachaibh, ar chlos do go rabhadar-san i ngábhatar chruaidh ag iarraidh an chreidimh Chaitlicigh do chosnamh. Tháinig Iarla Ur- Mhumhan 'n-a gcoinnibh. Níor stad go ráinig Ciarraighe. Bhí sluagh breagh Gearaltach roimhe annsoin, acht níor theagmhuigheadar le n-a chéile. Do fágadh an tslighe osgailte ag an Iarla, ámh, ionnus go ndeachaidh sé go dtí an cnoc ós cionn an Dúin. D'fhéach sé uaidh ar na ratha ró-dhoimhne agus ar na daingionaibh do-chlaoidhte do thóg na Spáinnig timcheall an oileáin. Do cheap sé 'n-a intinn nár bh'ean-tairbhe dhó cath a thabhairt, agus d'fhill sé thar n-ais an bóthar céadna. Tháinig an Tighearna Iústís 'na choinne i nUíbh Chonaill Gabhra, agus ní fhéadfadh an t-Iarla cosc do chur leis gan dul ag féachaint ar Dhún an Óir. Tháinig i bhfogus do'n oileán, acht ní rug a shluagh 'na ghoire. Déanadh annsoin an iomad tairsgiona ar an dá thaobh agus tugadh geallamhaint a gcumhadaigh do na Spáinnigh." Ar chloistint do Ghrae, an fear ionaid, cad do bhí ar siubhal, do bhailigh chuige a chuid fear agus thaobhuigh le hIarla Ur- Mhumhan. Tháinig an ceann feadhna Uinter mar an gcéadna le cabhlach chun carbhughadh leó. D'ionnsuigheadar an áit ar a lán- dícheall ar feadh dá fhichid lá, acht níor éirigh leó a thógáil ar an bhfeadh soin.
Fuireann "An Dochtúir." Sid iad na daoine do tháinig ó Thamhain i gConntae na Ghaillimhe go Baile Átha Cliath, agus do chuir sinn go léir ins na trithíbh ag gáiridhe. Ní taise dho'n tSeóinín feasta, is iomdha bhuille dian a bhuailfar air.
Bhíodar go lán-tuirseach de 'sa' deireadh, agus bhí eagla ortha roimh chruadhtan an gheimhridh, mar d'aithnigheadar go raibh lón agus cisde armála a ndóthain ag lucht cosanta an dúin. Do theip ortha chómh fada so, acht cheapadar an bhuaidh bheith aca ar ais nó ar éigin. Ní raibh breith aca acht feall a dhéanamh. Cé go raibh Dún an Óir do- chlaoidhte le neart, ní raibh sé láidir a dhóthain chum seasaimh i n-aghaidh feill agus airgid. San Ióseph do b'ainm do threóruidhe na Spáinneach. I n-ionad bheith ag cur meisnigh ar a chuid tréan-fhear chum bheith seasmhach le chéile agus chum cur i n-aghaidh na námhad go dian, cródha, d'iarr sé socrughadh ar fhear ionaid na Sasanach. Deireann Léland 'n-a stair "go raibh eagla ar Shan Ióseph agus gur chinn sé ar thabhairt suas mar ná faca sé aon arm Ghaedhealach ag teacht chum taobhuighthe leis, ná aon chongnamh ag teacht air ó'n Spáin." Leanann Léland air ag rádh "go ndubhairt Grae gur i n-aghaidh méirleach agus lucht feill bhí sé ag troid agus gur eitigh sé dá bhrigh sin geallamhain ar bith a thabhairt dóibh. Fá dheireadh stríocadar gan geall gan banna." Ar an dtaobh eile deireann lucht seanchuis na hÉireann gur gealladh a saoirse agus a n-anama do na saighdiúríbh coigcríocha. Is n-mheasta nár ghéilleadar do Ghrae gan geallamhain d'fhagháil ar dtúis uaidh cead a bheith aca dul a-bhaile gan dochar. Deirtear go raibh Éireannach i measc buidhne na Spáine. Pluincéad do b'ainm do. Bhí sé ag iarraidh a chur 'n-a luighe ar Shan Ióseph gan géilleadh, acht ní raibh maith dhó ann. Chuaidh sé i n-éinfheacht le San Ióseph annsoin chum réidhteachas d'eidir- mhíniughadh. Níor aistrigh sé na focail i gceart. Dubhairt sé le San Ióseph go mbeadh sé riachtanach do an áit do thabhairt suas gan coinghioll, gan geallamhain anama d'éinne. Bhí iongantas ar Shan Ióseph mar gheall air sin, nuair smaoinigh sé go raibh Dún an Óir ar na dúnaibh ba láidre bhí i nÉirinn. Do leig Pluincéad air le Grae go ndubhairt San Ióseph ná géillfeadh sé ar na coinghiollaibh a thairg seisean do. Acht chonnaic Grae 'sa deireadh go raibh cochall San Ióseph ag éirghe agus bhí amhras aige i dtaobh aistrighthe na bhfocal a labhair sé. Do cuireadh Pluincéad fá ghéibhionnaibh agus do réidhtigh an bheirt le n-a chéile annsoin. Do ghéill San Ióseph, cé go raibh a dhóthain airm agus lóin 'san Dún aige do chúig mhíle fear - cé gur aithin go raibh camtha Gearaltach - chúig céad déag - ag teacht 'na ghoire, agus congnamh eile le fagháil ó'n Sráin aige sula fada. De bhrigh gur aithin sé sin go léir, tá sé bheagnách cinnte nár bh'amadán chómh mór soin é agus géilleadh gan choingheall do'n fhear ionaid, nó dá mbeadh d'fhonn air féin géilleadh go gcuirfeadh na hoifigigh eile go dian 'n-a aghaidh mar bhíodar ag gearán cheana, agus níor mhaith leó San Ióseph do ghéilleadh i n-éan-chor. Bímís cinnte ná toileóghadh siad do a n-anama go léir do chur i lámhaibh Ghrae gan éan-choingheall. Tar éis géilleadh do marbhadh iad go léir acht San Ióseph amháin, agus do caitheadh amach thar na carraigeachaibh 'san bhfairrge a gcuirp. Labhrann Annála Ríoghachta na hÉireann mar leanas 'n-a dtaobh: "Tháinig muinntir an Bhreithimh anall go dtí an t-oileán agus do ghabhadar ag marbhughadh na nIodáileach. Do mhill sé daingin an oileáin ionnus ná beadh ionad teacht chum tíre nó áit foluighthe d'aon mhéirleach níos sia ann. I mí na Samhna do
rinneadh sin, agus d'fhill an Breitheamh ar ais go Luimnigh." Bhí Aodh Ua Néill ag troid ar thaobh na Sacsan ag an foslongphort soin, acht ní le n-a thoil é. Troid ar a dtaobh-san do b'éigin dó fós. Cad d'fhéadfadh aon fhear amháin a dhéanamh 'n-a n-aghaidh dá n-éireóghadh sé amach? Rud ar bith acht díoghbháil dó féin. Dá n-ionntóghadh sé a chúl ortha an t-am úd, ní bheadh "Béal an Átha Buidhe" agus "Cluain an Tiobraid" againn indiu i stair na hÉireann - catha a choimeádfaidh ainm Aodha Uí Néill i ndíl- chuimhne in ár measg go bráth. Bhí Graia Fides nó "onóir Ghrae," 'n-a ghnáth-rádh ar fuaid mhóir-thíre na hEórpa as soin amach. Féach cionnus do dhéanaid Sasannaigh seasamh dá mionnaibh agus dá ngeallamhnaibh. Níos measa 'ná na halltaigh is mó fá luighe na gréine. "Tá an fhairrge doimhin ins an gcuan soin, agus tá na taoidí lúthmhar mear," ar san staruidhe, Mac Aodha, "acht ní fhuil sí doimhin a dhóthain chum an claon-bheart áidhbhéileach sin do chur i bhfolach, ná chum salachar na fola a doirteadh gan riachtanas annsúd do nighe a cuimhne lucht a doirtithe." SEAGHÁN UA LOINGSIGH. Roinnt Naoimh Mhuire, Magh Nuadhat.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services