Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar géilleadh ag Dún an Óir.

Title
Mar géilleadh ag Dún an Óir.
Author(s)
Ua Loingsigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 452


"MAR GÉILLEADH AG DÚN AN ÓIR."



(Duais).



Tar éis bháis Shéamuis Mac Muiris, bhí
'na cheannurradh chúmhachtach ar an arm
Caitliceach 'san Mumhain toghadh Seaghán,
dearbhráthair Iarla na Deas-Mhumhan 'n-a
phríomh-thaoiseach i n-a ionad le toil an
Phápa. D'órduigh Mac Muiris féin, roimh
bhás do, Seaghán a bheith 'n-a cheannurradh
'n-a dhiaidh; mar bhí a fhios aige ná raibh
fear eile ins an Mumhain ba mhó cumas 'ná
é, nó do b'fhearr chum sluagh fear do
threórughadh. Mhothuigh an t-iarla mar an
gcéadna gur mhó chongbhuigheadh a dhear-
bhráthair fir fé n-a smacht 'ná é féin, agus
gur mhó í a acfuinn. Ní raibh cur i n-aghaidh
a dhearbhráthar aige dá réir sin. Do
dhlúith-cheangladar na dearbhráithreacha le
n-a chéile, agus do chinneadar iad féin a
chosnamh ar dhroich-mhian na Sacsan.



Do cuireadh Iarla Ur-Mhumhan le sluagh
mór chum a raibh aca do mhilleadh. Bhí an
ceann feadhna Uinter agus a chabhlach ag
faire ar miollaibh Chiarraighe ar eagla
go ngeóbhadh na Spáinnigh port ann, acht
b'éigin dó filleadh a-bhaile le heasbhaidh
lóin agus fós mar gheall ar dhroch-aimsir
gharbh.



Do chuir Rí na Spáinne 'san am gcéadna
ocht gcéad fear ag triall ar Sheaghán Mac
Gearailt chum congnaimh a thabhairt dó.
Thángadar i dtír i gCiarraighe agus do
ghabhadar seilbh i nDún an Óir a bhí déanta
ar bhárr carraige ós cionn chuain Árd na
Caithne (Smerwick) ar an dtaobh thiar
thuaidh de Dhaingean Uí Chúis. Seo thíos
mar labhrann Annála Ríoghachta na
hÉireann 'n-a dtaobh: "Tháinig cabhlach
Spáinneach agus Iodáileach i mí mheadhon
an Fhóghmhair 'san mbliadhain 1580. Ba mhó
a n-ainm ar dtúis ná a gcúmhacht, mar bhi
clú chómh mór sin tugtha amach ortha dá
mbadh go Luimnigh, nó go Gaillimh, nó go
Corcaigh a thiocfaidís, go bhfágfaidhe na
bailte móra so béal-osgailte dhóibh gan
chosaint. Do ghabhadar port ag Oileán
an Óir, an áit do chuir Séamus Mac
Muiris chum a cosanta an bhliadhain
roimhe seo. Chuir Rí Pilibh an cabhlach soin
go hÉireann chum cabhruighthe leis na
Gearaltachaibh, ar chlos do go rabhadar-san
i ngábhatar chruaidh ag iarraidh an chreidimh
Chaitlicigh do chosnamh. Tháinig Iarla Ur-
Mhumhan 'n-a gcoinnibh. Níor stad go
ráinig Ciarraighe. Bhí sluagh breagh
Gearaltach roimhe annsoin, acht níor
theagmhuigheadar le n-a chéile. Do
fágadh an tslighe osgailte ag an
Iarla, ámh, ionnus go ndeachaidh sé go dtí
an cnoc ós cionn an Dúin. D'fhéach sé
uaidh ar na ratha ró-dhoimhne agus ar na
daingionaibh do-chlaoidhte do thóg na
Spáinnig timcheall an oileáin. Do cheap
sé 'n-a intinn nár bh'ean-tairbhe dhó cath a
thabhairt, agus d'fhill sé thar n-ais an bóthar
céadna. Tháinig an Tighearna Iústís 'na
choinne i nUíbh Chonaill Gabhra, agus ní
fhéadfadh an t-Iarla cosc do chur leis gan
dul ag féachaint ar Dhún an Óir. Tháinig i
bhfogus do'n oileán, acht ní rug a shluagh
'na ghoire. Déanadh annsoin an iomad
tairsgiona ar an dá thaobh agus tugadh
geallamhaint a gcumhadaigh do na Spáinnigh."



Ar chloistint do Ghrae, an fear ionaid,
cad do bhí ar siubhal, do bhailigh chuige a
chuid fear agus thaobhuigh le hIarla Ur-
Mhumhan. Tháinig an ceann feadhna Uinter
mar an gcéadna le cabhlach chun carbhughadh
leó. D'ionnsuigheadar an áit ar a lán-
dícheall ar feadh dá fhichid lá, acht níor
éirigh leó a thógáil ar an bhfeadh soin.


L. 453


Fuireann "An Dochtúir."



Sid iad na daoine do tháinig ó Thamhain i gConntae na Ghaillimhe go Baile Átha Cliath, agus do chuir sinn go léir ins na
trithíbh ag gáiridhe. Ní taise dho'n tSeóinín feasta, is iomdha bhuille dian a bhuailfar air.


L. 454


Bhíodar go lán-tuirseach de 'sa' deireadh,
agus bhí eagla ortha roimh chruadhtan an
gheimhridh, mar d'aithnigheadar go raibh lón agus
cisde armála a ndóthain ag lucht cosanta
an dúin. Do theip ortha chómh fada so, acht
cheapadar an bhuaidh bheith aca ar ais nó ar
éigin. Ní raibh breith aca acht feall a
dhéanamh. Cé go raibh Dún an Óir do-
chlaoidhte le neart, ní raibh sé láidir a
dhóthain chum seasaimh i n-aghaidh feill agus
airgid.



San Ióseph do b'ainm do threóruidhe na
Spáinneach. I n-ionad bheith ag cur meisnigh
ar a chuid tréan-fhear chum bheith seasmhach
le chéile agus chum cur i n-aghaidh na námhad
go dian, cródha, d'iarr sé socrughadh ar
fhear ionaid na Sasanach. Deireann
Léland 'n-a stair "go raibh eagla ar Shan
Ióseph agus gur chinn sé ar thabhairt suas
mar ná faca sé aon arm Ghaedhealach ag
teacht chum taobhuighthe leis, ná aon chongnamh
ag teacht air ó'n Spáin." Leanann Léland
air ag rádh "go ndubhairt Grae gur i n-aghaidh
méirleach agus lucht feill bhí sé ag troid
agus gur eitigh sé dá bhrigh sin geallamhain
ar bith a thabhairt dóibh. Fá dheireadh
stríocadar gan geall gan banna."



Ar an dtaobh eile deireann lucht seanchuis
na hÉireann gur gealladh a saoirse agus a
n-anama do na saighdiúríbh coigcríocha. Is
n-mheasta nár ghéilleadar do Ghrae gan
geallamhain d'fhagháil ar dtúis uaidh cead a
bheith aca dul a-bhaile gan dochar.



Deirtear go raibh Éireannach i measc
buidhne na Spáine. Pluincéad do b'ainm
do. Bhí sé ag iarraidh a chur 'n-a luighe ar
Shan Ióseph gan géilleadh, acht ní raibh maith
dhó ann. Chuaidh sé i n-éinfheacht le San
Ióseph annsoin chum réidhteachas d'eidir-
mhíniughadh. Níor aistrigh sé na focail i
gceart. Dubhairt sé le San Ióseph go
mbeadh sé riachtanach do an áit do thabhairt
suas gan coinghioll, gan geallamhain anama
d'éinne. Bhí iongantas ar Shan Ióseph mar
gheall air sin, nuair smaoinigh sé go raibh
Dún an Óir ar na dúnaibh ba láidre bhí i
nÉirinn. Do leig Pluincéad air le Grae
go ndubhairt San Ióseph ná géillfeadh sé
ar na coinghiollaibh a thairg seisean do.
Acht chonnaic Grae 'sa deireadh go raibh
cochall San Ióseph ag éirghe agus bhí amhras
aige i dtaobh aistrighthe na bhfocal a labhair
sé. Do cuireadh Pluincéad fá ghéibhionnaibh
agus do réidhtigh an bheirt le n-a chéile
annsoin.



Do ghéill San Ióseph, cé go raibh a dhóthain
airm agus lóin 'san Dún aige do
chúig mhíle fear - cé gur aithin go
raibh camtha Gearaltach - chúig céad
déag - ag teacht 'na ghoire, agus congnamh
eile le fagháil ó'n Sráin aige sula fada.
De bhrigh gur aithin sé sin go léir, tá sé
bheagnách cinnte nár bh'amadán chómh mór
soin é agus géilleadh gan choingheall do'n
fhear ionaid, nó dá mbeadh d'fhonn air féin
géilleadh go gcuirfeadh na hoifigigh eile go
dian 'n-a aghaidh mar bhíodar ag gearán
cheana, agus níor mhaith leó San Ióseph do
ghéilleadh i n-éan-chor. Bímís cinnte ná
toileóghadh siad do a n-anama go léir do
chur i lámhaibh Ghrae gan éan-choingheall.



Tar éis géilleadh do marbhadh iad go léir
acht San Ióseph amháin, agus do caitheadh
amach thar na carraigeachaibh 'san bhfairrge
a gcuirp. Labhrann Annála Ríoghachta na
hÉireann mar leanas 'n-a dtaobh:



"Tháinig muinntir an Bhreithimh anall go
dtí an t-oileán agus do ghabhadar ag
marbhughadh na nIodáileach. Do mhill sé
daingin an oileáin ionnus ná beadh ionad
teacht chum tíre nó áit foluighthe d'aon
mhéirleach níos sia ann. I mí na Samhna do


L. 455


rinneadh sin, agus d'fhill an Breitheamh ar
ais go Luimnigh."



Bhí Aodh Ua Néill ag troid ar thaobh na
Sacsan ag an foslongphort soin, acht ní le
n-a thoil é. Troid ar a dtaobh-san do
b'éigin dó fós. Cad d'fhéadfadh aon fhear
amháin a dhéanamh 'n-a n-aghaidh dá
n-éireóghadh sé amach? Rud ar bith acht
díoghbháil dó féin. Dá n-ionntóghadh sé a
chúl ortha an t-am úd, ní bheadh "Béal an
Átha Buidhe" agus "Cluain an Tiobraid"
againn indiu i stair na hÉireann - catha a
choimeádfaidh ainm Aodha Uí Néill i ndíl-
chuimhne in ár measg go bráth.



Bhí Graia Fides nó "onóir Ghrae," 'n-a
ghnáth-rádh ar fuaid mhóir-thíre na hEórpa
as soin amach. Féach cionnus do dhéanaid
Sasannaigh seasamh dá mionnaibh agus dá
ngeallamhnaibh. Níos measa 'ná na halltaigh
is mó fá luighe na gréine.



"Tá an fhairrge doimhin ins an gcuan
soin, agus tá na taoidí lúthmhar mear," ar
san staruidhe, Mac Aodha, "acht ní fhuil sí
doimhin a dhóthain chum an claon-bheart
áidhbhéileach sin do chur i bhfolach, ná chum
salachar na fola a doirteadh gan riachtanas
annsúd do nighe a cuimhne lucht a doirtithe."



SEAGHÁN UA LOINGSIGH.
Roinnt Naoimh Mhuire, Magh Nuadhat.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services