Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh-scríbhinne.
Title
Láimh-scríbhinne.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMH-SCRÍBHINNE. b. I. Tá láimh-scríbhinn eile ar láimh againn. Is é Seaghán Ó Luingsigh, Corcaigheach atá n-a chomhnuidhe i mBaile Átha Cliath, do thug dúinn é. Leabhar le Domhnall Ó Síothcháin, Barley Hill, Newmarket, Conn- tae Chorcaighe, is eadh é. Bé Donnchadh Ó Síothcháin, athair nó sean-athair Dhomhnaill, do scríobh an leabhar so timcheall na bliadhna 1835. Tá suas le trí chéad leathannach ann; an scríbh- neóireacht go soiléir, acht gan an litriughadh bheith ar fóghnamh; ní'l éan-chlúdach air; agus tá giotaí sáithte isteach annso 's annsúd tríd an leabhar. Ní thagann comhaireamh na leathannach i ndiaidh a chéile ó thúis go deireadh ann. Badh dhóigh le duine gur dhá leabhar a bhí ann ar dtúis, agus annsoin gur ceangladh le chéile iad. Tá ocht leathannaigh i dtosach an leabhair gan éan-chomhaireamh déanta ortha. Tá an rann agus an nóta so thíos sscríobhta, i láimh iasachta, ar an gcéad leathannach: Gan ghruaim beir leat fé bhrataibh Mhuire go fial Suas ar Neamh mo phearsain ó stuirm an diabhail, Fuascail m'anam tarr óm chomairc san tsliabh, Is Luan na mBreatha glac mé id' chuideachta, a Dhia. Pilib Ó Conchubhair; agus go dtugaidh Dia déirc dá thrócaire dá anam, agus d'anmnacha Caitlicí an domhain. Amen. Ar leathannaigh a dó, a trí, agus a ceathair tá rudaí i mBéarla, ainmneacha daoine, etc.. Ar leathannaigh 5, 6, 7, agus 8 tá an freagra do cheapadh ar "Eachtra an Bhaitsiléara, cct., ag comhair- liughadh na bhfear," a thugann Donnchadh Ó Síothcháin air. Tá rann is fiche ann agus ceangal n-a dhiaidh; acht, ó thá sé coitchiannta go leór ins na láimhscríbhinne, ní ghábhadh a chur annso acht cuid de. Gach óigfhear cliste tá singil gan snaidhm ó'n gcléir S tá i gcóir na hInide i bhfuirm go díonmhar daor, Má seóltar na friotail seo chuige n-a radharc le léigheamh, Mo chomhairle tuigeadh is deineadh sé í le céill. Go céillidhe glacadh mo theagasc i gcóir 's i gceart, 'S ní baoghal do bheith cathach ná i n-aithreachas bróin go lag, Gan spré dá mhealladh chum ceangail le hóinsigh leamh Gan mhéinn gan mhaitheas gan mhaise gan snódh gan chreat. Gan chreat gan chuma, má thugair an bh'e úd leat Le taithneamh dá cuid 's a gearracht do théidheann sé is seas, Má thagann san imirt gan tusa bheith caomh led' bhean Beidh cathanna cuiripe is imreas claon 'nbhur measc. (Ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services