Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimh-scríbhinne.

Title
Láimh-scríbhinne.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LÁIMH-SCRÍBHINNE.



b. I.



Tá láimh-scríbhinn eile ar láimh againn. Is é
Seaghán Ó Luingsigh, Corcaigheach atá n-a chomhnuidhe i
mBaile Átha Cliath, do thug dúinn é. Leabhar le
Domhnall Ó Síothcháin, Barley Hill, Newmarket, Conn-
tae Chorcaighe, is eadh é. Bé Donnchadh Ó Síothcháin,
athair nó sean-athair Dhomhnaill, do scríobh an leabhar
so timcheall na bliadhna 1835.



Tá suas le trí chéad leathannach ann; an scríbh-
neóireacht go soiléir, acht gan an litriughadh bheith ar
fóghnamh; ní'l éan-chlúdach air; agus tá giotaí sáithte
isteach annso 's annsúd tríd an leabhar. Ní thagann
comhaireamh na leathannach i ndiaidh a chéile ó thúis go
deireadh ann. Badh dhóigh le duine gur dhá leabhar a
bhí ann ar dtúis, agus annsoin gur ceangladh le chéile
iad. Tá ocht leathannaigh i dtosach an leabhair gan
éan-chomhaireamh déanta ortha.



Tá an rann agus an nóta so thíos sscríobhta, i láimh
iasachta, ar an gcéad leathannach:



Gan ghruaim beir leat fé bhrataibh Mhuire go fial
Suas ar Neamh mo phearsain ó stuirm an diabhail,
Fuascail m'anam tarr óm chomairc san tsliabh,
Is Luan na mBreatha glac mé id' chuideachta, a Dhia.



Pilib Ó Conchubhair; agus go dtugaidh Dia déirc
dá thrócaire dá anam, agus d'anmnacha Caitlicí an
domhain. Amen.



Ar leathannaigh a dó, a trí, agus a ceathair tá rudaí i
mBéarla, ainmneacha daoine, etc..



Ar leathannaigh 5, 6, 7, agus 8 tá an freagra do
cheapadh ar "Eachtra an Bhaitsiléara, cct., ag comhair-
liughadh na bhfear," a thugann Donnchadh Ó Síothcháin
air. Tá rann is fiche ann agus ceangal n-a dhiaidh; acht,
ó thá sé coitchiannta go leór ins na láimhscríbhinne,
ní ghábhadh a chur annso acht cuid de.



Gach óigfhear cliste tá singil gan snaidhm ó'n gcléir
S tá i gcóir na hInide i bhfuirm go díonmhar daor,
Má seóltar na friotail seo chuige n-a radharc le
léigheamh,
Mo chomhairle tuigeadh is deineadh sé í le céill.



Go céillidhe glacadh mo theagasc i gcóir 's i gceart,
'S ní baoghal do bheith cathach ná i n-aithreachas bróin
go lag,
Gan spré dá mhealladh chum ceangail le hóinsigh
leamh
Gan mhéinn gan mhaitheas gan mhaise gan snódh gan
chreat.



Gan chreat gan chuma, má thugair an bh'e úd leat
Le taithneamh dá cuid 's a gearracht do théidheann sé
is seas,
Má thagann san imirt gan tusa bheith caomh led' bhean
Beidh cathanna cuiripe is imreas claon 'nbhur measc.



(Ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services