Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tÓspuidéal.
Title
An tÓspuidéal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN tÓSPUIDÉAL. Bhí sé de mhí-ádh orann a bheith láithreach ag Seiseón na Suadh i gCorcaigh aimsir Feise na Mumhan; do rugadh de ghreim ghleamaigh orainn agus do cuireadh ag stiúrughadh gnó na hoidhche sinn. Do bhí an scéal go maith againn go dtí gur éirigh scafaire de dhraoi uasal oirdheirc árd-aigeanta "darbh chomhainn" Gruagach an Tobair, agus chrom sé ar bheith ag gearán i dtaobh droch-Ghaedhilge bheith á cur i gcló, agus ná fuil éinne ann do thabharfadh comhairle do scríbhneóirí óga agus do'n dream atá ag tosnughadh ar aistí scríobhadh i nGaedhilg. Dubhairt sé leis gur cheart dúinn féin Óspuidéal a chur ar bun chun créachta agus othair a leigheas. Do gheallamair annsoin i láthair na suadh, go gcuirfimís an tÓspuidéal ar bun, agus déanfam ár ndícheall feasta ar shlighe fhagháil do san Irisleabhar. Cuirfimíd draoi eile darab ainm Tórna i bhfeidhil an dorais agus gach éinne gheobhaidh bheith istigh uaidh-sean ní baoghal ná go bhfuighidh sé fáilte is freastal is comhairle mhaith i n-aisce. Seo litir do fuaireamair ó'n nGruagach mar gheall ar an Óspudéal. Tá sé ag cur a smaointe féin i n-umhail dúinn i dtaobh na ceiste seo. Badh mhaith linn dá gcuirfeadh daoine eile a smaointe féin ar an gceist i n-umhail dúinn mar an gcéadna. Raghadh soin go mór i dtairbhe do'n Óspuidéal agus do'n Ghaedhilg. Aon fhocal amháin eile; ní ragham féin magcuaird ag iarraidh othar; tugathar chughainn iad. A Chara, Tá cúis mhór ghearáin le fada ag ár scríbhneóiríbh óga ar Chonnradh na Gaedhilge; agus siúd is nách "óg" feasta mise, go bhfóridh Dia orm, is tosnuigh- theóir ar Ghaedhilg do scríobhadh mé ar a shon-san, agus tá an chúis gearáin chéadna agam. Acht is duine mé ná féadann a bhéal do choimeád dúnta. Is minic do bhínn beó-ghlórach go leór ag cur ár gcás i n-umhail, agus táim ghá chur chómh fada leis na páipéaraibh sa deireadh, Is ag tagairt do'n ghearán so bhíos i gCorcaigh an lá fé dheireadh, nuair do léigheas aiste beag ós cómhair na Suadh a bhí i Seiséon sa chathair sin; agus do b'é port mo scéil do sna huaislibh ann ná raibh lucht stiúrtha an Chonnartha cúramach a ndóthain ins an bPrós do bhí againne ghá scríobhadh. Is bhéarlóirí - is cuma dhe cad é an rát - sinn go léir, agus ní gádh dhom a rádh, nuair bhíonn Gaedhilg ar ár bpeann agus Béarla i n-ár gceann gur minic do théidhid siad trí n-a chéile orainn. Cé thá chun é sin do thaisbeáint dúinn? Ó thógamair suas le galldachas tá formhór cómhgaireacht cainnte ár sinnsesar caillte againn. Dá sciob faidhe uainn ar maidin sean-fhocail Chúige
Múmhan uile, cá bhfuil an fear i n-ár measc d'fhéadfadh a leithéid do cheapadh arís? Nó dá mbeadh ar Chonnradh na Gaedhilge ainmhneacha nuadha do chur ar gach páirc is faill is cnoc i n-éan- pháróiste amháin, cá bhfaighfidhe fear a dhéanfadh é? Tá an ciúta Gaedhealach imthighthe uainn - nó mhá tá aon ghreim beag i n-éan-chor againn air, is ar bhárr a earbaill é, Nuair thugaimíd-na, tosnuightheóirí fé ár smaointe do chur síos is minic gur ar tuathal a dheinimíd é. Ní bhfaghad léightheóir Gaedhealach níos mó pléisiúir gá léigheadh ár n-diadh ná gheobhadh léightheóir Gallda as leabhar do bheadh iompuighthe síos suas. Nuair théidhmíd-na ar lár i d-tuathalacht mar seo cá bhfuil an té tharraiceothaidh sinn as? Do shíleas féin go n-déanfadh an tOireachtas, i dteannta chongnaimh na bhFeiseann, cuid de'n ghnó so pé scéal é. Do chonnac scríbhneóireachta do ghaibh trí lámha na mbreitheamhan ag an Oireachtas agus ag feiseannaibh, agus ní raibh éin-rian cómharthuighthe ortha chómh beag is tá ar ghabhraibh fiaidhne na Ceachan. 'Se m'oipineón féin gur chun eagairtheóiríbh ár bpáipéar bad cheart dúinn dul anois chun leighis d'fagháil. Is minic do chuirid siad Gaedhilg lochtach go leór isteach chun coráiste an gharsúin do scríbh í do choimeád suas. Níor cheart, amhach, gan na lochtái do thaisbeáint agus an garsún do chómhair- liughadh bheith ar a sheachaint féin feasta ortha. Muna ndeintear é seo tá léightheóirí i gcontabhairt droch- aicíde éigin do thógaint as na páipéir. Is mdhó galar a sholárthuigheas féin asta ar an gcuma soin. Do cheapas i gCorcaigh gur chóir Óspuidéal do chur ar bun ag baint leis gach aon pháipéar míosamhail, agus fear go mbeadh leigheas 'n-a órdóig do chur ós a chionn. Annsoin do bheadh a fhios againne cá raghaimís chun ár n-othar do leigheas. Tá ár mbuachaillí óga ana-neamhshuimeamail anois. Ní mór gur cuma leó cionnus do scríobhaid siad. Chuirfeadh eagla an óspuidéil imshníomh ortha; agus b'fhéidir, as an imshníomh, go bhfuighidís greim níos sia isteach ná bárr an earbaill ar shean-chiúta na nGaedheal arís. GRUAGACH AN TOBAIR. An té bhíos gan muc, gan mart, gan gráine i ndéis, Is mór 'san solus é, 's is folus do chách a mhéid, Acht an té bhíos go socair, sochma 'n-a árus féin, Faghann sé cuire Nodlag agus fáilte an lae. Tomhas: - Chomh hárd le balla, chomh bán le bainne, Chomh dearg le fuil, chómh milis le mil? UBHALL.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services