Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tÓspuidéal.

Title
An tÓspuidéal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN tÓSPUIDÉAL.



Bhí sé de mhí-ádh orann a bheith láithreach ag Seiseón
na Suadh i gCorcaigh aimsir Feise na Mumhan; do
rugadh de ghreim ghleamaigh orainn agus do cuireadh
ag stiúrughadh gnó na hoidhche sinn. Do bhí an scéal
go maith againn go dtí gur éirigh scafaire de dhraoi
uasal oirdheirc árd-aigeanta "darbh chomhainn"
Gruagach an Tobair, agus chrom sé ar bheith ag gearán i
dtaobh droch-Ghaedhilge bheith á cur i gcló, agus ná fuil
éinne ann do thabharfadh comhairle do scríbhneóirí
óga agus do'n dream atá ag tosnughadh ar aistí
scríobhadh i nGaedhilg. Dubhairt sé leis gur cheart
dúinn féin Óspuidéal a chur ar bun chun créachta agus
othair a leigheas.



Do gheallamair annsoin i láthair na suadh, go
gcuirfimís an tÓspuidéal ar bun, agus déanfam ár
ndícheall feasta ar shlighe fhagháil do san Irisleabhar.
Cuirfimíd draoi eile darab ainm Tórna i bhfeidhil
an dorais agus gach éinne gheobhaidh bheith istigh uaidh-sean
ní baoghal ná go bhfuighidh sé fáilte is freastal is
comhairle mhaith i n-aisce.



Seo litir do fuaireamair ó'n nGruagach mar gheall
ar an Óspudéal. Tá sé ag cur a smaointe féin i
n-umhail dúinn i dtaobh na ceiste seo. Badh mhaith
linn dá gcuirfeadh daoine eile a smaointe féin ar
an gceist i n-umhail dúinn mar an gcéadna. Raghadh
soin go mór i dtairbhe do'n Óspuidéal agus do'n
Ghaedhilg. Aon fhocal amháin eile; ní ragham féin
magcuaird ag iarraidh othar; tugathar chughainn iad.



A Chara,



Tá cúis mhór ghearáin le fada ag ár scríbhneóiríbh
óga ar Chonnradh na Gaedhilge; agus siúd is nách
"óg" feasta mise, go bhfóridh Dia orm, is tosnuigh-
theóir ar Ghaedhilg do scríobhadh mé ar a shon-san, agus
tá an chúis gearáin chéadna agam. Acht is duine mé
ná féadann a bhéal do choimeád dúnta. Is minic do
bhínn beó-ghlórach go leór ag cur ár gcás i n-umhail,
agus táim ghá chur chómh fada leis na páipéaraibh sa
deireadh,



Is ag tagairt do'n ghearán so bhíos i gCorcaigh an
lá fé dheireadh, nuair do léigheas aiste beag ós
cómhair na Suadh a bhí i Seiséon sa chathair sin; agus
do b'é port mo scéil do sna huaislibh ann ná raibh
lucht stiúrtha an Chonnartha cúramach a ndóthain ins
an bPrós do bhí againne ghá scríobhadh.



Is bhéarlóirí - is cuma dhe cad é an rát - sinn go
léir, agus ní gádh dhom a rádh, nuair bhíonn Gaedhilg ar ár
bpeann agus Béarla i n-ár gceann gur minic do
théidhid siad trí n-a chéile orainn. Cé thá chun é sin
do thaisbeáint dúinn?



Ó thógamair suas le galldachas tá formhór
cómhgaireacht cainnte ár sinnsesar caillte againn.
Dá sciob faidhe uainn ar maidin sean-fhocail Chúige


L. 438


Múmhan uile, cá bhfuil an fear i n-ár measc
d'fhéadfadh a leithéid do cheapadh arís? Nó dá
mbeadh ar Chonnradh na Gaedhilge ainmhneacha nuadha
do chur ar gach páirc is faill is cnoc i n-éan-
pháróiste amháin, cá bhfaighfidhe fear a dhéanfadh é?
Tá an ciúta Gaedhealach imthighthe uainn - nó mhá tá
aon ghreim beag i n-éan-chor againn air, is ar bhárr a
earbaill é, Nuair thugaimíd-na, tosnuightheóirí fé
ár smaointe do chur síos is minic gur ar tuathal
a dheinimíd é. Ní bhfaghad léightheóir Gaedhealach
níos mó pléisiúir gá léigheadh ár n-diadh ná gheobhadh
léightheóir Gallda as leabhar do bheadh iompuighthe
síos suas.



Nuair théidhmíd-na ar lár i d-tuathalacht mar seo
cá bhfuil an té tharraiceothaidh sinn as?



Do shíleas féin go n-déanfadh an tOireachtas, i
dteannta chongnaimh na bhFeiseann, cuid de'n ghnó
so pé scéal é. Do chonnac scríbhneóireachta do ghaibh
trí lámha na mbreitheamhan ag an Oireachtas agus ag
feiseannaibh, agus ní raibh éin-rian cómharthuighthe
ortha chómh beag is tá ar ghabhraibh fiaidhne na Ceachan.



'Se m'oipineón féin gur chun eagairtheóiríbh ár
bpáipéar bad cheart dúinn dul anois chun leighis
d'fagháil. Is minic do chuirid siad Gaedhilg lochtach
go leór isteach chun coráiste an gharsúin do scríbh
í do choimeád suas. Níor cheart, amhach, gan na
lochtái do thaisbeáint agus an garsún do chómhair-
liughadh bheith ar a sheachaint féin feasta ortha. Muna
ndeintear é seo tá léightheóirí i gcontabhairt droch-
aicíde éigin do thógaint as na páipéir. Is mdhó
galar a sholárthuigheas féin asta ar an gcuma soin.



Do cheapas i gCorcaigh gur chóir Óspuidéal do chur
ar bun ag baint leis gach aon pháipéar míosamhail, agus
fear go mbeadh leigheas 'n-a órdóig do chur ós a
chionn. Annsoin do bheadh a fhios againne cá raghaimís
chun ár n-othar do leigheas. Tá ár mbuachaillí óga
ana-neamhshuimeamail anois. Ní mór gur cuma leó
cionnus do scríobhaid siad. Chuirfeadh eagla an
óspuidéil imshníomh ortha; agus b'fhéidir, as an
imshníomh, go bhfuighidís greim níos sia isteach ná
bárr an earbaill ar shean-chiúta na nGaedheal arís.



GRUAGACH AN TOBAIR.




An té bhíos gan muc, gan mart, gan gráine i ndéis,
Is mór 'san solus é, 's is folus do chách a mhéid,
Acht an té bhíos go socair, sochma 'n-a árus féin,
Faghann sé cuire Nodlag agus fáilte an lae.



Tomhas: - Chomh hárd le balla, chomh bán le bainne,
Chomh dearg le fuil, chómh milis le mil?
UBHALL.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services