Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sean-Ghearrán Bán.
Title
An Sean-Ghearrán Bán.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SEAN-GHEARRAN BÁN. Bhí fear 'n-a chomhnuidhe i gCondae Thír Eoghain tamall maith ó shoin, agus má bhí, bhí gearran bán aige. Bhí feirm bheag thailimh aige le 'n-a chois sin, acht mar nach raibh duine nó deoruidhe 'n-a chomhnuidhe leis acht é féin, agur gan ainmhidhe eile beó aige acht an gearran bán, thug an saoghal go leór dó le déanamh. Fá dheireadh thiar thall phós sé "bean mhaith uinreaca" agus d'éirigh an saoghal leis ó shoin amach. Bhí sealbhan breagh de pháisdí aca agus nuair d'fhás siadsan suas, is gearraid go raibh stoc go leór de achan (= gach aon) chinéal aca. Acht mar soin féin, ní righneadh dear- mad de'n tsean-ghearran bán. Tugadh aire mhaith dhó i dolaibh; bheadh sé amuigh sa pháirc rith an lae, agus bheireadh isteach go cúramach gach oidhche é mar gheall ar an tsean-aimsir nuair nach raibh aca acht é. Chuaidh fear an tighe é féin amach tráth- nóna amháin fá choinne an ghearrain le-n-a thabhairt isteach mar ghnáthach, acht mo léan dubh! fuair sé é sínte maol marbh 'n-a luighe ar an fhéar ghlas gan gíog nó míog as. Chuirfeadh sé truaigh ar chroidhe chloiche a bheith ag amharc agus ag éisteacht leis an fhear bhocht nuair a chonnaic sé an t-amharc truaighmhéileach seo roimhe, agus é ag caoineadh agus ag bualadh a bhoise fá bhás an ghearrain bháin. Fá dheireadh tharraing na comhursain an sean-ghearran 'n-a bhaile agus bhain siad an croiceann de agus díoladh an croiceann san am chéadna le búistear a thárla bheith i measg an chruinn- ighthe. Is beag sógh nó suaimhneas fuair fear an tighe an oidhche sin, agus creidim nach bhfuair sé suan codlata rith an ama so acht ag smuaitiughadh agus ag shíor-smuait- iughadh fá chaill an ghearrain bháin. Timcheall na meadhán-oidhche nó beagán 'n-a dhiaidh chonnaiceas dó gur chualaidh sé capall ag seitridh taobh amuigh de'n doras. D'éirigh sé, chuir sé air a chuid éadaigh, agus ag osgladh an dorais dó, goidé do bharamhail a chonnaic sé act cosamhlacht an ghearrain bháin n-a sheasamh ar crith lom tárnocht roimhe, agus gan an oiread croicinn air is chlúd- óchadh ubh circe. Bhain an t-amharc iongantach so geit as, agus shaoil sé a chéad-uair gurab é an púca bhí ann, oir chualaidh sé i gcomhnuidhe gur ghnáthach leis an phúca bheith amuigh san oidhche i gcosamhlacht chapaill. Chuir an smuaitiughadh so frída chéile ar fad é, agus ghearr sé comhartha na croiche air féin le súil go n-imtheóchadh an taibhse ghránda so uadha. Acht, i n'áit sin, ghluais an toirt níos giorra dó, agus thoisigh aríst ag seitridh níos áirde na roimhe, agus d'aithin an fear bocht fá dheireadh nach raibh ann acht a shean ghearran bhán, a bhain sé an croicean de tráthnóna indé! Is cosmhail go raibh muinntir na háite ag déanamh poitín fa'n am soin, agus gur chuir siad bairille beag de ar folach i gcúine na páirce i n-a raibh an gearran bán ag ingheilt; fuair seisean amach an folach, agus faraoir! d'ól sé de'n bhiotailte. Mar soin de, is marbh ar meisge bhí'n gearran bán; agus is iomdha mallacht thug an máighistir ar lucht déanta an phoitín nuair chonnaic sé an sgrios bhí déanta aca- san air féin. Acht goidé bhí aige anois le déanamh? Bhí croiceann an ghearrain díolta agus ar shiubhal uaidh. Acht smuaitigh sé go raibh leath-dhoisín de chroiceanna caorach aige, agus chuir sé go cúramach thart iomlán chuirp an ghearrain iad; agus ar eagla go réideochadh siad de, cheangnail sé iad air go daingean le geochagaí glasa saileog a
ghearr sé thíos i n-íochtar an gharraidhe. Cuireadh an gearran bán arís sa stábla, chuaidh fear an tighe 'n-a luighe agus chodail sé go suaimhneach socair go maidin. Acht tá an cuid a b'fhearr de'n sgéal le theacht; i gceann seachtmhaine 'n-a dhiaidh seo, nó mar soin, is cosmhail go ndeachaidh an feirmeóir ag amharc goidé mar bhí na croiceanna caorach socraigthe ar an each; agus ar mo chondae, fuair sé iad gream- uighthe dho, agus ag fás air chomh maith is chomh nádurtha is bhí a chroiceann fhéin ariamh air! Thairis sin, d'fhás na saileóga air mar a gcéadna, agus ó'n lá soin anuas bhí dhá bharr bhreaghtha aige ar mhuin an ghearrain bháin,ionnus nach bhfacaidh an feirmeóir sin lá bocht 'n-a dhiaidh! Bhí an oiread olna aige gach bhliadhain is rinne éadach dhó fhéin agus dá mhuirighin; agus an méad saileóg is bhí a dhith ar féin agus ar mhuinntir an bhaile le na chois. Rinne siad dhá chliabh - ceann ar gach thaobh - de na saileóga a d'fhás ar asnaibh an ghearrain; agus mar bhí na cliabha so a' fás go daingean i n-áit a righneadh iad, bhí siad an-usáideach ag iomchar a gcuid ime agus uibheacha go dtí aonaigh agus margaidhe, agus a' tabhairt ar ais na hearraidhe a bhí dhíoth- amhail ortha ó am go ham. 'Sé duine muinntreach dho fhear ar leis an gearrán d'innis domh-sa an sgéal. Gaedhilgeóir maith agus fíor Éireannach é, go dearbhtha, atá 'n-a chomhnuidhe i mBaile an Droichid, Glaschú; agus dubhairt sé liom gurb é an cunntas deireannach a fuair sé ó n-a charaid 'sa bhaile i dTír Eoghain gur chuireadh síos ainm an Ghearrain Bháin le ruith ag na rásaí i nDún Geanainn an mhí seo chugainn. Sin é go díreach mar fuair mise iomradh air, agus má tá bréag ann ná tóg órm-sa é. SEAGHÁN MHICHÍL.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services