AN SEAN-GHEARRAN BÁN.
Bhí fear 'n-a chomhnuidhe i gCondae Thír
Eoghain tamall maith ó shoin, agus má bhí,
bhí gearran bán aige. Bhí feirm bheag
thailimh aige le 'n-a chois sin, acht mar nach
raibh duine nó deoruidhe 'n-a chomhnuidhe
leis acht é féin, agur gan ainmhidhe eile beó
aige acht an gearran bán, thug an saoghal
go leór dó le déanamh. Fá dheireadh thiar
thall phós sé "bean mhaith uinreaca" agus
d'éirigh an saoghal leis ó shoin amach. Bhí
sealbhan breagh de pháisdí aca agus nuair
d'fhás siadsan suas, is gearraid go raibh
stoc go leór de achan (= gach aon) chinéal
aca. Acht mar soin féin, ní righneadh dear-
mad de'n tsean-ghearran bán. Tugadh
aire mhaith dhó i dolaibh; bheadh sé amuigh sa
pháirc rith an lae, agus bheireadh isteach go
cúramach gach oidhche é mar gheall ar an
tsean-aimsir nuair nach raibh aca acht é.
Chuaidh fear an tighe é féin amach tráth-
nóna amháin fá choinne an ghearrain le-n-a
thabhairt isteach mar ghnáthach, acht mo léan
dubh! fuair sé é sínte maol marbh 'n-a
luighe ar an fhéar ghlas gan gíog nó míog
as. Chuirfeadh sé truaigh ar chroidhe chloiche
a bheith ag amharc agus ag éisteacht leis an
fhear bhocht nuair a chonnaic sé an t-amharc
truaighmhéileach seo roimhe, agus é ag
caoineadh agus ag bualadh a bhoise fá bhás
an ghearrain bháin. Fá dheireadh tharraing
na comhursain an sean-ghearran 'n-a bhaile
agus bhain siad an croiceann de agus
díoladh an croiceann san am chéadna le
búistear a thárla bheith i measg an chruinn-
ighthe. Is beag sógh nó suaimhneas fuair
fear an tighe an oidhche sin, agus creidim
nach bhfuair sé suan codlata rith an ama so
acht ag smuaitiughadh agus ag shíor-smuait-
iughadh fá chaill an ghearrain bháin. Timcheall
na meadhán-oidhche nó beagán 'n-a dhiaidh
chonnaiceas dó gur chualaidh sé capall ag
seitridh taobh amuigh de'n doras. D'éirigh sé,
chuir sé air a chuid éadaigh, agus ag osgladh
an dorais dó, goidé do bharamhail a chonnaic
sé act cosamhlacht an ghearrain bháin n-a
sheasamh ar crith lom tárnocht roimhe, agus
gan an oiread croicinn air is chlúd-
óchadh ubh circe. Bhain an t-amharc
iongantach so geit as, agus shaoil sé a
chéad-uair gurab é an púca bhí ann, oir
chualaidh sé i gcomhnuidhe gur ghnáthach leis
an phúca bheith amuigh san oidhche i gcosamhlacht
chapaill. Chuir an smuaitiughadh so frída
chéile ar fad é, agus ghearr sé comhartha
na croiche air féin le súil go n-imtheóchadh
an taibhse ghránda so uadha. Acht, i n'áit
sin, ghluais an toirt níos giorra dó, agus
thoisigh aríst ag seitridh níos áirde na
roimhe, agus d'aithin an fear bocht fá dheireadh
nach raibh ann acht a shean ghearran bhán, a
bhain sé an croicean de tráthnóna indé!
Is cosmhail go raibh muinntir na háite ag
déanamh poitín fa'n am soin, agus gur chuir
siad bairille beag de ar folach i gcúine na
páirce i n-a raibh an gearran bán ag
ingheilt; fuair seisean amach an folach,
agus faraoir! d'ól sé de'n bhiotailte.
Mar soin de, is marbh ar meisge bhí'n
gearran bán; agus is iomdha mallacht thug
an máighistir ar lucht déanta an phoitín
nuair chonnaic sé an sgrios bhí déanta aca-
san air féin.
Acht goidé bhí aige anois le déanamh?
Bhí croiceann an ghearrain díolta agus ar
shiubhal uaidh. Acht smuaitigh sé go raibh
leath-dhoisín de chroiceanna caorach aige,
agus chuir sé go cúramach thart iomlán
chuirp an ghearrain iad; agus ar eagla go
réideochadh siad de, cheangnail sé iad air go
daingean le geochagaí glasa saileog a
ghearr sé thíos i n-íochtar an gharraidhe.
Cuireadh an gearran bán arís sa stábla,
chuaidh fear an tighe 'n-a luighe agus chodail
sé go suaimhneach socair go maidin.
Acht tá an cuid a b'fhearr de'n sgéal le
theacht; i gceann seachtmhaine 'n-a dhiaidh seo,
nó mar soin, is cosmhail go ndeachaidh an
feirmeóir ag amharc goidé mar bhí na
croiceanna caorach socraigthe ar an each;
agus ar mo chondae, fuair sé iad gream-
uighthe dho, agus ag fás air chomh maith is
chomh nádurtha is bhí a chroiceann fhéin ariamh
air!
Thairis sin, d'fhás na saileóga air mar
a gcéadna, agus ó'n lá soin anuas bhí dhá
bharr bhreaghtha aige ar mhuin an ghearrain
bháin,ionnus nach bhfacaidh an feirmeóir sin
lá bocht 'n-a dhiaidh!
Bhí an oiread olna aige gach bhliadhain is
rinne éadach dhó fhéin agus dá mhuirighin;
agus an méad saileóg is bhí a dhith ar féin
agus ar mhuinntir an bhaile le na chois.
Rinne siad dhá chliabh - ceann ar gach
thaobh - de na saileóga a d'fhás ar asnaibh
an ghearrain; agus mar bhí na cliabha so a'
fás go daingean i n-áit a righneadh iad, bhí
siad an-usáideach ag iomchar a gcuid ime
agus uibheacha go dtí aonaigh agus margaidhe, agus
a' tabhairt ar ais na hearraidhe a bhí dhíoth-
amhail ortha ó am go ham.
'Sé duine muinntreach dho fhear ar leis
an gearrán d'innis domh-sa an sgéal.
Gaedhilgeóir maith agus fíor Éireannach é,
go dearbhtha, atá 'n-a chomhnuidhe i mBaile
an Droichid, Glaschú; agus dubhairt sé liom
gurb é an cunntas deireannach a fuair sé
ó n-a charaid 'sa bhaile i dTír Eoghain gur
chuireadh síos ainm an Ghearrain Bháin le
ruith ag na rásaí i nDún Geanainn an mhí
seo chugainn.
Sin é go díreach mar fuair mise iomradh
air, agus má tá bréag ann ná tóg órm-sa é.
SEAGHÁN MHICHÍL.