Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh-scríbhinne. VI.
Title
Láimh-scríbhinne. VI.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMH-SCRÍBHÍNNE. VI. Ar leathanach a 35 tá "Sciath-lúithreach Mhuire" thíos ag Mac Uí Bhriain. Tá sé seo coitchianta ins na láimhscríbhinne, agus ní gádh é chur annso. Ní'l sé go léir aige. Sid é an chéad rann: Stiúruigh mé dhod mholadh Cé nach ollamh mé im' éigeas A ghnúis ainglidhe gan locht Thug sugh h'uchta dhom shaoradh. Ar leathannaigh, 36, 37, 38, 39 tá caoineadh ar bhás Sheagháin de Hóra, file maith a bhí i gConndae an Chláir. Ní cuimhin linn é seo fheiscint i n-éan-áit roimhe seo, agus ar eagla go sleamhnoghadh sé uainn b'éidir nár mhisde é chur síos annso. Séamus Mac Cunsaidín cct. ar éag Sheagháin de Hóra. Do bhás a Hóraigh ghreannamhair D'fhúig atuirseach na táinte id dhéidh, Gan ráidhte spóirt ná aiste suilt Mar chleachtadar gach tráth id' réim; Ní'l fagháil ar sceól ná ar aiste againn, Is anbhfainneach lucht dánta 's dréacht, Tré thásc mo leogain is eagal dúinn Gur chailleamair an Dáimh go léir. Is ádhbhar bróin is mearabhail, N-ár bhfearannaibh 'dir thuaith is chléir, Is gártha gleó le rachta guil, Is stracadh fuilt le buaireamh saobh, An sáir-fhear spóirt ba cheannasach Ag freastal suilt i dTuamhain aéird Go tláth i gcomhrainn ceangailte Gur leagamair go fuar i gcré.
Sin árd-shliocht Fódla seachmallach Ar dhearmaid cár shíolruigh a gcréim, Is táin de phór na Breatainne N-a mbailte puirt go fíor i bpréimh; Gan bláth na n-éolach gceannasach Go hacmhuinneach ag innsint scéil 'S an fáth ar seóladh Galla-phuic I bhfearantais na saoithibh Gaedheal. Cé thárla an Hórach seasamhach I n-aiginteacht 's i dtabharthas tréan, 'S i gclár na gcódaibh seanachuis Gur bhreathnuigh mar do ph(l)annda Gaedhil, Níor cháin direóil go tarcuisneach Ar thairbhe ná ar thabhartas chlaon, Is níor thárthuigh stór ná taisce ar bhith, An cheachaireacht níor shanntuigh sé. Ar chlár an óil go rachmallach Ag spreagadh suilt do bhíodh mo laoch De ghnáth le spórt ag radaireacht, Is gasara de shíor n-a dhéidh; Níor árduigh gleó ná acharann Le hainbhfios ná coimheascar scléip, Is ba ghrádhmhar córach leanabach A chaidireamh go críoch a shaoghail. Do cháil, a Sheóin, níor chealgach Ba charthannach do chroidhe gan mheang; An t-álmhach dhreóil níor thaithneamh leat, 'S ar dhanaracht ní bhíodh do ghreann; Má's fearrde an ród go Parrathas Ó bheartaibh uilc bheith síoch gach am, Tá mo dhóth id anam-sa Gan acharann go scaoilfar ann. Is daor an slad le héigean creach San taobh do chleacht an sáir-fhear grinn, Do shaothruigh meas gan chlaon gan chleas I gcéin 's i ngar i gcáil 's i ngníomh, Gáire 's gean na mbéith gan snas Le héigean searc dod ráidte grinn, An t-éag do leag go faon gan phreab Gan téacht ar n-ais go bráth aríst. Is dealbh sinne feasta anois I mbaille-chrith go faon ganteann, Ó scaradh linn le feartaibh neimhe Fear na bhfriotal saor gan mheang; Dalta gil gan easbha ar bith Fuair lachta cnis na naoi mban seang Bheith ceangailte faoi gharbh-lic D'fhág aicme shuilt mar mé gan greann. Tásc dearbhtha gur chailleamair an Hórach grinn D'fhág atuirseach ar mearabhall go brónach sinn; Fáidh aigionta ba ghreannamhar 's ba chórach gníomh, I ndáil tagartha na ranna suilt tug spórt do'n tír. A Thír Thuamhain ir uaigneach 's is dealbh atáir, Ar díth suaircis gan suaimhneas mar chleachtais de ghnáth; Is díol buaidhrimh dod chuallacht tú i gcreathaibh mar táir, 'S gan puinn d'uaisle ná shuadhaibh go gairid le fagháil. Ní'l fagháil ar aiste againn feasta ná ar laoithibh suairc; Is fánach eadrainn ceannaphuirt saoithibh suadha; Táim-se i n-eagla go meathfaid san tír go buan Mo Sheaghán mo dheacair ó leagadh gan bhrigh san uaigh. I n-uaigh fé líg go claoidhte i ndaingean cumhdaigh Tá an suadh-fhear grinn ba líonta d'aistibh subhchais, Ba shuaimhneach síoch a ghníomh 's a bheartaibh ionnraic, Ó chluanta an tsaoighil gur scinn fe bhearta an Dúilimh. A Dhúilimh, aitchim ort freagair mo ghuidhe go buan Mo ghlúine feacaim ag agalmhadh id líon go (gan?) cluain, Gnúis an anama scarais lem' shaoi gan ghruaim I gcúirt na n-aingeal go nglacair de shíor ar cuaird. AN CEANGAL. Ó scaradh linn ár seanach suilt D'fhág ceannaphuirt ár nÉigse fann 'S go meastar linn le heasbhaidh 'n fhir gur chailleamair gan bhréag ár dteann, Aitchim uile ar Dhalta Mhuire An Mac a d'fhuiling céasadh ar chrann, A anam sin do thabhairt saor Ó pheacad ar bith go tréad na rann. Sin é críoch aiste Shéamuis Mac Cunsaidín. Ar leathanaigh 40, 41 agus 42 tá urnuidhe éigin. Ní'l sé ró-shlachtmhar ar fad. "Hymn Bheannuighthe," atá mar ainm air. Ní'l éan-rud scríobhtha ar leathanaigh 43 agus 44, agus tugann soin go dtí deireadh na láimh- scríbhinne seo sinn. Sin chughaibh, a phobail, an preabuire Ó Máille, A chuirfeadh díon i n-aisge do'n sagart paráiste, Ní bheidh spléidh le fearthainn, sneachta, ná báisteach, Go mba buan do mhairfidh, is nár chaillidh sé a shláinte.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services