LÁIMH-SCRÍBHÍNNE.
VI.
Ar leathanach a 35 tá "Sciath-lúithreach Mhuire"
thíos ag Mac Uí Bhriain. Tá sé seo coitchianta ins
na láimhscríbhinne, agus ní gádh é chur annso. Ní'l
sé go léir aige. Sid é an chéad rann:
Stiúruigh mé dhod mholadh
Cé nach ollamh mé im' éigeas
A ghnúis ainglidhe gan locht
Thug sugh h'uchta dhom shaoradh.
Ar leathannaigh, 36, 37, 38, 39 tá caoineadh ar bhás
Sheagháin de Hóra, file maith a bhí i gConndae an
Chláir. Ní cuimhin linn é seo fheiscint i n-éan-áit
roimhe seo, agus ar eagla go sleamhnoghadh sé uainn
b'éidir nár mhisde é chur síos annso.
Séamus Mac Cunsaidín cct. ar éag Sheagháin
de Hóra.
Do bhás a Hóraigh ghreannamhair
D'fhúig atuirseach na táinte id dhéidh,
Gan ráidhte spóirt ná aiste suilt
Mar chleachtadar gach tráth id' réim;
Ní'l fagháil ar sceól ná ar aiste againn,
Is anbhfainneach lucht dánta 's dréacht,
Tré thásc mo leogain is eagal dúinn
Gur chailleamair an Dáimh go léir.
Is ádhbhar bróin is mearabhail,
N-ár bhfearannaibh 'dir thuaith is chléir,
Is gártha gleó le rachta guil,
Is stracadh fuilt le buaireamh saobh,
An sáir-fhear spóirt ba cheannasach
Ag freastal suilt i dTuamhain aéird
Go tláth i gcomhrainn ceangailte
Gur leagamair go fuar i gcré.
Sin árd-shliocht Fódla seachmallach
Ar dhearmaid cár shíolruigh a gcréim,
Is táin de phór na Breatainne
N-a mbailte puirt go fíor i bpréimh;
Gan bláth na n-éolach gceannasach
Go hacmhuinneach ag innsint scéil
'S an fáth ar seóladh Galla-phuic
I bhfearantais na saoithibh Gaedheal.
Cé thárla an Hórach seasamhach
I n-aiginteacht 's i dtabharthas tréan,
'S i gclár na gcódaibh seanachuis
Gur bhreathnuigh mar do ph(l)annda Gaedhil,
Níor cháin direóil go tarcuisneach
Ar thairbhe ná ar thabhartas chlaon,
Is níor thárthuigh stór ná taisce ar bhith,
An cheachaireacht níor shanntuigh sé.
Ar chlár an óil go rachmallach
Ag spreagadh suilt do bhíodh mo laoch
De ghnáth le spórt ag radaireacht,
Is gasara de shíor n-a dhéidh;
Níor árduigh gleó ná acharann
Le hainbhfios ná coimheascar scléip,
Is ba ghrádhmhar córach leanabach
A chaidireamh go críoch a shaoghail.
Do cháil, a Sheóin, níor chealgach
Ba charthannach do chroidhe gan mheang;
An t-álmhach dhreóil níor thaithneamh leat,
'S ar dhanaracht ní bhíodh do ghreann;
Má's fearrde an ród go Parrathas
Ó bheartaibh uilc bheith síoch gach am,
Tá mo dhóth id anam-sa
Gan acharann go scaoilfar ann.
Is daor an slad le héigean creach
San taobh do chleacht an sáir-fhear grinn,
Do shaothruigh meas gan chlaon gan chleas
I gcéin 's i ngar i gcáil 's i ngníomh,
Gáire 's gean na mbéith gan snas
Le héigean searc dod ráidte grinn,
An t-éag do leag go faon gan phreab
Gan téacht ar n-ais go bráth aríst.
Is dealbh sinne feasta anois
I mbaille-chrith go faon ganteann,
Ó scaradh linn le feartaibh neimhe
Fear na bhfriotal saor gan mheang;
Dalta gil gan easbha ar bith
Fuair lachta cnis na naoi mban seang
Bheith ceangailte faoi gharbh-lic
D'fhág aicme shuilt mar mé gan greann.
Tásc dearbhtha gur chailleamair an Hórach grinn
D'fhág atuirseach ar mearabhall go brónach sinn;
Fáidh aigionta ba ghreannamhar 's ba chórach gníomh,
I ndáil tagartha na ranna suilt tug spórt do'n tír.
A Thír Thuamhain ir uaigneach 's is dealbh atáir,
Ar díth suaircis gan suaimhneas mar chleachtais de
ghnáth;
Is díol buaidhrimh dod chuallacht tú i gcreathaibh mar
táir,
'S gan puinn d'uaisle ná shuadhaibh go gairid le
fagháil.
Ní'l fagháil ar aiste againn feasta ná ar laoithibh
suairc;
Is fánach eadrainn ceannaphuirt saoithibh suadha;
Táim-se i n-eagla go meathfaid san tír go buan
Mo Sheaghán mo dheacair ó leagadh gan bhrigh san uaigh.
I n-uaigh fé líg go claoidhte i ndaingean cumhdaigh
Tá an suadh-fhear grinn ba líonta d'aistibh subhchais,
Ba shuaimhneach síoch a ghníomh 's a bheartaibh ionnraic,
Ó chluanta an tsaoighil gur scinn fe bhearta an
Dúilimh.
A Dhúilimh, aitchim ort freagair mo ghuidhe go buan
Mo ghlúine feacaim ag agalmhadh id líon go (gan?)
cluain,
Gnúis an anama scarais lem' shaoi gan ghruaim
I gcúirt na n-aingeal go nglacair de shíor ar cuaird.
AN CEANGAL.
Ó scaradh linn ár seanach suilt
D'fhág ceannaphuirt ár nÉigse fann
'S go meastar linn le heasbhaidh 'n fhir
gur chailleamair gan bhréag ár dteann,
Aitchim uile ar Dhalta Mhuire
An Mac a d'fhuiling céasadh ar chrann,
A anam sin do thabhairt saor
Ó pheacad ar bith go tréad na rann.
Sin é críoch aiste Shéamuis Mac Cunsaidín. Ar
leathanaigh 40, 41 agus 42 tá urnuidhe éigin. Ní'l sé
ró-shlachtmhar ar fad. "Hymn Bheannuighthe," atá
mar ainm air. Ní'l éan-rud scríobhtha ar leathanaigh
43 agus 44, agus tugann soin go dtí deireadh na láimh-
scríbhinne seo sinn.
Sin chughaibh, a phobail, an preabuire Ó Máille,
A chuirfeadh díon i n-aisge do'n sagart paráiste,
Ní bheidh spléidh le fearthainn, sneachta, ná báisteach,
Go mba buan do mhairfidh, is nár chaillidh sé a
shláinte.