Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Caithfimíd ár leath-scéal a ghabháil le "Tír Fiach- rach" "Seaghán Michíl" Seaghán Ó Muimhneacháin agus le n-ár gcáirdibh eile, toisc an mhoill atá againn dá cur ar a n-aistí. Acht ní féidir leis an ngobadán an dá thráigh a fhreastal. Tá an oiread i gcló againn is do líonfadh dhá IRISLEABHAR eile. Tiocfaid amach i ndiaidh a chéile. Tá ceapaithe againn beagán a dhéanamh feasta ar son na ndaoine atá ag foghluim Sean-Ghaedhilge. Do gheall an tOllamh Strachán a bhí i mBaile Átha Cliath an samhradh so ghaibh tharainn, roinnt téacsanna beaga a chur i gcóir dúinn. Tosnóghaidh sé le "Mac- ghníomhartha Chúchulainn" as leabhar na hUidhre, agus cuirfam a tosach i gcló san chéad IRISLEABHAR eile, beidh nótaí agus Foclóir le n-a ais. Tá "An Cleamhnas" dráma eile de chuid an Chraoibhín ar láimh againn leis. Cuirfam i gcló é chomh luath agus gheobham caoi chuige. Tá scéal breagh sultmhar ar láimh againn ó "Dhá Chích Dhanann." Ní dhéanfam dearmhad ort a "Dhá;" bí ag obair ar an tarna caibidil. Agus seo chughainn Conchubhar Ó Muimhneacháin leis. Ní gearánta dho Mhuinntir Mhuimhneacháin pé i nÉirinn é. Táid ag dul i dtreise do seóidh. Bhíomair láithreach ag Feis na Mumhan agus bhí curtha romhainn againn cunntas a thabhairt uirthi, acht foríor ní fhéadaimíd teacht ar gach éin-nídh a dhéanamh. Is é Micheál Ó Conchubhair, Lios Póil, Co. Ciarruidhe, a bhuaidh ár nduais an mhí seo. Fíor-Ghaedheal agus Gaedhilgeóir is eadh Mícheál. Tá cion fir á dheanamh aige i gCiarruidhe ar son na Geadhilge. Tá amhrán eile á chur i gcló againn an taca so ó Anna Ní Raghallaigh. Cuirfidh sí tuilleadh dhíobh chughainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services