Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN



Caithfimíd ár leath-scéal a ghabháil le "Tír Fiach-
rach" "Seaghán Michíl" Seaghán Ó Muimhneacháin agus le
n-ár gcáirdibh eile, toisc an mhoill atá againn dá
cur ar a n-aistí. Acht ní féidir leis an ngobadán
an dá thráigh a fhreastal. Tá an oiread i gcló againn
is do líonfadh dhá IRISLEABHAR eile. Tiocfaid
amach i ndiaidh a chéile.



Tá ceapaithe againn beagán a dhéanamh feasta ar
son na ndaoine atá ag foghluim Sean-Ghaedhilge.
Do gheall an tOllamh Strachán a bhí i mBaile Átha
Cliath an samhradh so ghaibh tharainn, roinnt téacsanna
beaga a chur i gcóir dúinn. Tosnóghaidh sé le "Mac-
ghníomhartha Chúchulainn" as leabhar na hUidhre, agus
cuirfam a tosach i gcló san chéad IRISLEABHAR eile,
beidh nótaí agus Foclóir le n-a ais.



Tá "An Cleamhnas" dráma eile de chuid an
Chraoibhín ar láimh againn leis. Cuirfam i gcló é
chomh luath agus gheobham caoi chuige.



Tá scéal breagh sultmhar ar láimh againn ó "Dhá
Chích Dhanann." Ní dhéanfam dearmhad ort a "Dhá;"
bí ag obair ar an tarna caibidil.



Agus seo chughainn Conchubhar Ó Muimhneacháin leis.
Ní gearánta dho Mhuinntir Mhuimhneacháin pé i nÉirinn
é. Táid ag dul i dtreise do seóidh.



Bhíomair láithreach ag Feis na Mumhan agus bhí curtha
romhainn againn cunntas a thabhairt uirthi, acht foríor
ní fhéadaimíd teacht ar gach éin-nídh a dhéanamh.



Is é Micheál Ó Conchubhair, Lios Póil, Co. Ciarruidhe,
a bhuaidh ár nduais an mhí seo. Fíor-Ghaedheal agus
Gaedhilgeóir is eadh Mícheál. Tá cion fir á dheanamh
aige i gCiarruidhe ar son na Geadhilge.



Tá amhrán eile á chur i gcló againn an taca so ó
Anna Ní Raghallaigh. Cuirfidh sí tuilleadh dhíobh
chughainn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services