Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh-scríbhinne. V.
Title
Láimh-scríbhinne. V.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMH-SCRÍBHINNE. V. Sgeól dainimhe nach dlighe duais Is guirte lem' chluais nach slighte sés (réir) Ó theasda cia dar déanta cás Fád' bhuille a bháis ní churtha spéis. Ní churtha spéis a saoth ná síon go brath Na gcuir an t-éag de scléipibh scaoilte ar chách. 'S gan luibh dá aerde gléire brigh ná bláth Gur muirt dá éis, 's go dtéid gan sgíth a sgáth. Ó theasda(dh) ár sgaith 's ár sgéimh Tug fá sgéird an earradh ar sguain Dár gclann nach tuigfe a cás mar rug an Bás ár gcuimirc uainn. 'Uain ochta an chirt ós follus mar duaighim tu tfhéidhin 'S gur dual toghtha thu do thobharc as tuar crú thréan Luagh molta dhuit a bhfocalaibh gé chuaidh tú i réim Ná duaidh t'fhola reic ní obruim ós suarcus (?) dham é. Ní mhaoite do sheanchadh saor Dar bh'aithne do chraobhadh anuas Mordhacht do mhaith-mhéin Do chaithréim do chiall do chnuas. Is sgeól doirbh deórachis doilge dáil Ler fógradh meath Fódla go follus go bráth; Ceap córa agus óirchisd na bpobal mar tá, Gér lóchrann nár leónadh le storm ná státt. Dá maireadh le saoth na storm, Dá dheire ghorm níor bhaoghal tuirnn; Mairg ó ndeachaidh an tonn calma (t-on ?), Gé'r throm tharraing a garg dhuirnn. Níor chaol-stlat chríon na fíodhbha feóidhte fiar, Acht Cedar dhíreach díona dóthach dian, Do éag fá ríor má díoth a chóir do'n chriaidh, Is céim do'n chríoch gan Laoighseach beó 'n-a dhiaidh. I ndiaidh Dhonnchadh móir Uí Tháil Is Laoighseach Iardáin a n-úir, Ní tráth dár gcaghaill, a Dhé, Ar slán feasta dhá n-éis fúibh. D'éis Laoighsigh beith sínte agus Donnchadh aniú (i n-uaigh), Éag díse thug taoide na tubaiste ar Thuamhain, Éir dhíreach na Muimhneach is mogall na mbuadh, Is béim díogla d'fhuil Mhíleadh mar chodlaid go buan Is buan an bhorb-ghoimh gan bháigh Ár n-onchoin ag dul a gcriaidh, 'S go mb'fhearr bheith marbh 's ár ndul leó 'Ná anamhain leath-bheó 'n-a ndiaidh.
Dia leat, a thriath-fhlaith, ler cosnadh cíos, Is red' dhian-mhac nar bhliadhna(igh), gér bh'fhortail a ngaois, Fial tslat nár fiaradh ó thosnadh a aois, Is d'iarrfainn dá bhfiadainn an ola do'n dís. Dís do ba díon-ghloine dlús, Cá dís ba dile 'ná an dís Och cá bhfuigheam-na aithghin dóibh Má's fada geárr ár marthain bíos. Dís do b'áille gáire gnúis is gnaoi Dís nár fánadh a ndálaibh dúra an dlighe Dís nár bheárnach bláth is tug clú do'n chríoch Is dian-ghoimh áir do'n Ádhamh-fhuil úir a ndíth. AN tAMHRÁN CEANGAIL. Mo mhíle crádh 's mo cháin fá chúig arís I gcill ceannáird ceall-áth na súla thíos Is fillte fágbhadh ad lár fá clúdaibh líog Ár mbrígh 's ár mbláth ler chneádh gach clúid do'n chríoch. Is críoch gan áird tú a Chláir Luirc úd do-chím Fá sgeimhlibh sgráb go bráth ar chúl do chinn Ní shaoilim lá geal dáil (d'fhagháil) gan dubhchas croidhe Ó chríochna an bás do sgáthlan duthchais dínn. Ó thigheacht dár slána sár-fhlaith súir gach saoith Aois Mhic Máire an tráth do chiúnuigh a gclí D. 's M. bheárnach bhláith agus cúpla C. Is I. 'n-a dhá chuid árd is U. fá thrí. 'S do'n mhí má's áil leat an lá créachta úd do ríomh Nar síne a (m)báin-chneas áig fá chlú san gcill Scríbh do ghnáith ar sáil na Samhn' gan sgíth Dhá mhín-chrois bhlátha bhárr-chas U. agus I. Sin é an caoineadh díreach mar atá san láimh- scríbhinn. Dá mbeadh cóip eile ar fagháil badh mhaith an rud cóimh-mheas a dhéanamh idir é féin agus an ceann thuas. Nach mór an chreach é go bhfuiltear ag dear- mhad Aindrias agus na filidhe greanta eile do mhair le n-a linn nó tamall n-a dhiaidh i gCo. an Chláir. Seadh, sé an céad rud eile atá thíos ins an láimh- scríbhinn úd, ná caoineadh eile do cheap Aindrias ar an bhfear gcéadna. Is fada nar léigheamair ceann ba deise, agus b'éidir nár misde é go léir a chur síos annso. Sid é é: - Do b'annamh thú a Chláir lughaidh go héagnach Gan cobhnach cian d'fhuil Bhriain in' aodhaire ort Indiu cé táir go tráighte traochta Id' chonair chuain is chuaird i n-éinfheacht Thugais lá 's gur bh'áluinn aobh tú Gur dhubh do bhán tré thál gach spéirling Id' mháigh fé bláth ó'n Áth go Léim-chon Is truipibh Táil n-a bhfálaibh cléibh ort Is caointe an dáil, ochán a Dhé ghil Is cá dáil is truaighe 'ná an chuaine n-éagcruth Má's móide ár gciach 'n-a ndiaidh 's ár ndéine Mar fánadh fúin fá'n úir i n-éinfheacht Go dhligh siad uainn ar uain a chéile D'éis gach ármhaigh airce is éigin Dá dtárla do'n táin tsoirbh aobhdha Ár ngártha 's ár mbláth-fuilt do réabadh. Cé, indiu ní cruth do'n chéadna Ní díol grod-ghuil an cuire ár gclaona Is silte fuil 'n-a tuiltibh tréana Ó's deimhin gur thuit ár dtruislibh téagair. 'S gur tóirneadh le fóirneart an éaga Ár leoghain idir óg is aosta. Mo mhíle pudhair mo bhú mo léir-chreach Do bhí mo shúil go dlúth leat 'Éire. Mo lá leóin ó's sceól gan scéimh sin Cia d'fhóirfeas ód' bhróin-cheas tú a mhéirdreach Ná a thógfas an ceó so de Ghaedhealaibh Ar mbeith dár stór 's dár n-ór-ciosta traochta. So báiliog tráith do'n tál-fhuil tréadach 'S nach fuil i rádh na bhfáige acht baosra; Mo cheist dlúth ar ughdair aobhdha, Cad d'fhéadfam ná dhéanfam dá n-éagmais? Acht fóill a Rígh bheir brígh do'n bhraon-mhuir, Gé chuirfhios síos go dís na tréan-tuir, Níor bhearta díobh mo laoidh-se bhréagna 'S a nóirnídh arís a Rígh 's a réimeas. 'S ge hiomdha trághlacht tán is tréada Fuair tráth ó'n am go chéile, Níor bhuanuigh meirg ar sheilg a shaor-cheap Go dul monuar, dá n-uaithne déidheannach. Donnchadh Ó Briain flaith-thriath na léime, Is lóchrann dromólladh nár léanadh, Dá bhfaghadh (a) uaisle uain ó'n éag do Do bhearadh an Rí ceart síne saoghail do. 'S dá bhfaghadh fós aon tsórt do'n daon-fhuil Cáirde cian ón gcriaidh n-a gcaomhna, De dhruim beannacht na n-anbhfann n-éighleach Ba(dh) deócha dho bith-bheódhacht Elias. Bile buadha (búch) dho'n fhiú(gha) dob' aerde Ó shile sugha na siúntaibh saora, Ba ghile gnúis 's ba lonnrach réal(t) ruisg, 'S ba dile dúil ag múchadh méirleach.
Posta cúla na Cúige a chaomhnadh, Fosgach fionntach clumhail caithréimeach, Cisde dlúis nár dhúin a ghéag gheal, Treabhthach tr(i)úrach tionsgach tréadach. Má's misde dhúinn flaith-phrionnsa is Phoénics, Nár airg Úird 's nár chumhdaigh éigceart, Nar chreach i gcúirt an truagh ná an tréith-lag. Is long gan stiúir ár ndúithche in' éagmais. Má's misde fós flaith mór mar é dhul, Do thuit ár ndóigh 's ár nglór i n-éinfheacht; Gé mhairfid go fóill 'n-a lóchrann léighte I leabhraibh Suadh dá luadh idir Éigse. Do nós Bhriain ar dhiadhacht 's ar dhéine; Ar nós Ghuaire ar uaill 's ar fhéile; Do nós Eoghain ar mhórdhacht mhéine; Is do nós Mhurchadh ar uise 's ar éachtaibh. A ghrinn-fhlaith gan ísle gan aerde, Ní mhaoidhim ort id' ghníomhartha do ghléire, Do dhírghe do shaoire do shéimhe, Ná (a) mbíodh d'fhearaibh aoibhne fád' ghéille. Ní mhaoidhim fós do mhórdhacht méine Do chiall do chonn ná glonn do chéadfa, Ní mhaoidhim gradam ná gairm do réime, Is go deimhin bhí fírinne id' bhréithir. Ná gach tabhartas trom is tréithe Is gluine is glonn ar bhronn Mac Dé dhuit, Acht amháin ó táim dot éileamh Gur bh'aithghin díreach d'fhuigheal na nGaedheal tu. 'S a sháir-fhir ó sháruigh an t-éag thu, 'S gur fhágbhais na táinte go tréith lag, Ní curtha cás go bráth san saoghal so, Ná gcuir an bás ar cách de sgléipibh. De bhrígh go dtúrnann tnúth gach tréin-fhir 'S go dtéid gach meidhir mar leigheas-luibh éan-chnuic, 'S gan cruth dá áille bláth dar féachadh Nach téid de ghnáth mar sgáth na gréine. 'S is aithnid dam do sheanachus do léir-chur, 'S go bhfuaireas iúl do ghlúine géag-gheal, A uaithne fuigheall na taoide tréine Duadh do Gaoidhil im' laoidh ní dhéanam. De bhrígh nár fhás do rádh gach éigcheas (éigeas) Fiadhaile feadha ná gcárthan cao ionnat, Acht dosaibh díona dírghe déigh-theast Ar lorg righne righ-cheap réaguin. Ná luadh molta dhuit ní obraim ar éan-chor, Gé dhuainfinn duit duain mhaisesach déanta, Is ní duain tsáis ná phláis ná bhaosra Acht duain chráite 's cáis is éagna. Cé d'fháisg dealg trasna na n-ae ionnam Ó rángais fé shásamh an éaga, Is cráite atá an Gall agus an Gaedheal de Gan t'árd-mhac id' dheáidh is dár gcaomhnadh. 'S ó thárlaidh an t-ármhach sin déanta 'S á shlánadh tré ghlámaibh nach féidir, Ní tráth dhuit bheith cásach a Dhé ghil Ár slán feasta ó'n lá sin go héag fúibh. De bhrigh go mb'fhearr dhúinn bheith báithte i n-éinfheacht 'Ná bheith 'n-a ndeáidh go cráite tréith-lag, Dár gcárnadh faoi dhásacht gach péine Dá dtráchtann an Parliament maolach. Acht fágbhaim an áit is éist liom, Is tráchtam ar Chlár Luirc go héagnach, Dod' stialladh idir fhiacla gach faol-chon Dá dtriallann tar grian-tsleasaibh Théitis. Is diachrach d'fhág dian-achtaibh Dé sibh Gan tiagharna gan Iarla ná aodhaire ort; Gé tá mo shúil go dlúth led' fhaosamh, Dob' annamh thú (a) Chláir Lughaidh go héagnach. Tugann soin go dtí bun an dara leathanaigh déag ar fhichid sinn. Deir Seaghán Ó Briain annso: "An Feartlaoi agus Aois an Tighearna; féach thall." Ar an gcéad. Leathanach eile gheibhmíd feart-laoidh an dáin thuas. Sid í í: Aois an Árd-fhlath an tan do théarna(dh) Donnchadh Ó Briain, flaith-thriath na Léime; Míle slán ar sgáth seacht gcéada, Re seacht lán-bhliadhna diana déaga; An seachtmhadh lá lom-chráite ar aon deich Adúis an gheimhre bhíoga bhraona; Ar mbíodh gan tlás faoi bhláth ar an saoghal so Seachtmhadh sa seacht cídh seasg mo sgéal-sa. Deir Seaghán Ó Briain annso: "Foirceann mar fuaireas:" agus mar nóta fá n-a bhun thíos adeir: "Má tá aon nídh cam im' dhiaidh bíodh a mhilleán ar Dhiarmaid. Seaghán Ó Briain. Aois an Tighearna 1826." Fé n-a bhun go léir scríobh sé a ainm arís. Sid é an t-éan-áit amháin go bhfuil dáta san láimh- scríbhinn. D'fhágadh íochtar an leathanaigh seo follamh, agus níor scriobhadh éan-rud ar an leathanach n-a dhiaidh .i. Leathanach 34. (Ní Críoch). "A Fhódla phráis is nár nach follus díbh-se, Gur chóra tál ar sháir-shliocht mhódhuil Mhílidh; Deoir níor fágadh i gclár do bhrollaigh mhínghil, Nár dheolsad ál gach cránach coigcríche." DOCHTÚIR CÉITINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services