Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimh-scríbhinne. V.

Title
Láimh-scríbhinne. V.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LÁIMH-SCRÍBHINNE.



V.
Sgeól dainimhe nach dlighe duais
Is guirte lem' chluais nach slighte sés (réir)
Ó theasda cia dar déanta cás
Fád' bhuille a bháis ní churtha spéis.



Ní churtha spéis a saoth ná síon go brath
Na gcuir an t-éag de scléipibh scaoilte ar chách.
'S gan luibh dá aerde gléire brigh ná bláth
Gur muirt dá éis, 's go dtéid gan sgíth a sgáth.



Ó theasda(dh) ár sgaith 's ár sgéimh
Tug fá sgéird an earradh ar sguain
Dár gclann nach tuigfe a cás
mar rug an Bás ár gcuimirc uainn.



'Uain ochta an chirt ós follus mar duaighim tu
tfhéidhin
'S gur dual toghtha thu do thobharc as tuar crú thréan
Luagh molta dhuit a bhfocalaibh gé chuaidh tú i réim
Ná duaidh t'fhola reic ní obruim ós suarcus (?) dham é.



Ní mhaoite do sheanchadh saor
Dar bh'aithne do chraobhadh anuas
Mordhacht do mhaith-mhéin
Do chaithréim do chiall do chnuas.



Is sgeól doirbh deórachis doilge dáil
Ler fógradh meath Fódla go follus go bráth;
Ceap córa agus óirchisd na bpobal mar tá,
Gér lóchrann nár leónadh le storm ná státt.



Dá maireadh le saoth na storm,
Dá dheire ghorm níor bhaoghal tuirnn;
Mairg ó ndeachaidh an tonn calma (t-on ?),
Gé'r throm tharraing a garg dhuirnn.



Níor chaol-stlat chríon na fíodhbha feóidhte fiar,
Acht Cedar dhíreach díona dóthach dian,
Do éag fá ríor má díoth a chóir do'n chriaidh,
Is céim do'n chríoch gan Laoighseach beó 'n-a dhiaidh.



I ndiaidh Dhonnchadh móir Uí Tháil
Is Laoighseach Iardáin a n-úir,
Ní tráth dár gcaghaill, a Dhé,
Ar slán feasta dhá n-éis fúibh.



D'éis Laoighsigh beith sínte agus Donnchadh aniú (i
n-uaigh),
Éag díse thug taoide na tubaiste ar Thuamhain,
Éir dhíreach na Muimhneach is mogall na mbuadh,
Is béim díogla d'fhuil Mhíleadh mar chodlaid go buan



Is buan an bhorb-ghoimh gan bháigh
Ár n-onchoin ag dul a gcriaidh,
'S go mb'fhearr bheith marbh 's ár ndul leó
'Ná anamhain leath-bheó 'n-a ndiaidh.


L. 417


Dia leat, a thriath-fhlaith, ler cosnadh cíos,
Is red' dhian-mhac nar bhliadhna(igh), gér bh'fhortail a
ngaois,
Fial tslat nár fiaradh ó thosnadh a aois,
Is d'iarrfainn dá bhfiadainn an ola do'n dís.



Dís do ba díon-ghloine dlús,
Cá dís ba dile 'ná an dís
Och cá bhfuigheam-na aithghin dóibh
Má's fada geárr ár marthain bíos.



Dís do b'áille gáire gnúis is gnaoi
Dís nár fánadh a ndálaibh dúra an dlighe
Dís nár bheárnach bláth is tug clú do'n chríoch
Is dian-ghoimh áir do'n Ádhamh-fhuil úir a ndíth.



AN tAMHRÁN CEANGAIL.



Mo mhíle crádh 's mo cháin fá chúig arís
I gcill ceannáird ceall-áth na súla thíos
Is fillte fágbhadh ad lár fá clúdaibh líog
Ár mbrígh 's ár mbláth ler chneádh gach clúid do'n
chríoch.



Is críoch gan áird tú a Chláir Luirc úd do-chím
Fá sgeimhlibh sgráb go bráth ar chúl do chinn
Ní shaoilim lá geal dáil (d'fhagháil) gan dubhchas
croidhe
Ó chríochna an bás do sgáthlan duthchais dínn.



Ó thigheacht dár slána sár-fhlaith súir gach saoith
Aois Mhic Máire an tráth do chiúnuigh a gclí
D. 's M. bheárnach bhláith agus cúpla C.
Is I. 'n-a dhá chuid árd is U. fá thrí.



'S do'n mhí má's áil leat an lá créachta úd do ríomh
Nar síne a (m)báin-chneas áig fá chlú san gcill
Scríbh do ghnáith ar sáil na Samhn' gan sgíth
Dhá mhín-chrois bhlátha bhárr-chas U. agus I.



Sin é an caoineadh díreach mar atá san láimh-
scríbhinn. Dá mbeadh cóip eile ar fagháil badh mhaith
an rud cóimh-mheas a dhéanamh idir é féin agus an ceann
thuas. Nach mór an chreach é go bhfuiltear ag dear-
mhad Aindrias agus na filidhe greanta eile do mhair le
n-a linn nó tamall n-a dhiaidh i gCo. an Chláir.



Seadh, sé an céad rud eile atá thíos ins an láimh-
scríbhinn úd, ná caoineadh eile do cheap Aindrias ar
an bhfear gcéadna. Is fada nar léigheamair ceann
ba deise, agus b'éidir nár misde é go léir a chur síos
annso. Sid é é: -



Do b'annamh thú a Chláir lughaidh go héagnach
Gan cobhnach cian d'fhuil Bhriain in' aodhaire ort
Indiu cé táir go tráighte traochta
Id' chonair chuain is chuaird i n-éinfheacht



Thugais lá 's gur bh'áluinn aobh tú
Gur dhubh do bhán tré thál gach spéirling
Id' mháigh fé bláth ó'n Áth go Léim-chon
Is truipibh Táil n-a bhfálaibh cléibh ort



Is caointe an dáil, ochán a Dhé ghil
Is cá dáil is truaighe 'ná an chuaine n-éagcruth
Má's móide ár gciach 'n-a ndiaidh 's ár ndéine
Mar fánadh fúin fá'n úir i n-éinfheacht



Go dhligh siad uainn ar uain a chéile
D'éis gach ármhaigh airce is éigin
Dá dtárla do'n táin tsoirbh aobhdha
Ár ngártha 's ár mbláth-fuilt do réabadh.



Cé, indiu ní cruth do'n chéadna
Ní díol grod-ghuil an cuire ár gclaona
Is silte fuil 'n-a tuiltibh tréana
Ó's deimhin gur thuit ár dtruislibh téagair.



'S gur tóirneadh le fóirneart an éaga
Ár leoghain idir óg is aosta.
Mo mhíle pudhair mo bhú mo léir-chreach
Do bhí mo shúil go dlúth leat 'Éire.



Mo lá leóin ó's sceól gan scéimh sin
Cia d'fhóirfeas ód' bhróin-cheas tú a mhéirdreach
Ná a thógfas an ceó so de Ghaedhealaibh
Ar mbeith dár stór 's dár n-ór-ciosta traochta.



So báiliog tráith do'n tál-fhuil tréadach
'S nach fuil i rádh na bhfáige acht baosra;
Mo cheist dlúth ar ughdair aobhdha,
Cad d'fhéadfam ná dhéanfam dá n-éagmais?



Acht fóill a Rígh bheir brígh do'n bhraon-mhuir,
Gé chuirfhios síos go dís na tréan-tuir,
Níor bhearta díobh mo laoidh-se bhréagna
'S a nóirnídh arís a Rígh 's a réimeas.



'S ge hiomdha trághlacht tán is tréada
Fuair tráth ó'n am go chéile,
Níor bhuanuigh meirg ar sheilg a shaor-cheap
Go dul monuar, dá n-uaithne déidheannach.



Donnchadh Ó Briain flaith-thriath na léime,
Is lóchrann dromólladh nár léanadh,
Dá bhfaghadh (a) uaisle uain ó'n éag do
Do bhearadh an Rí ceart síne saoghail do.



'S dá bhfaghadh fós aon tsórt do'n daon-fhuil
Cáirde cian ón gcriaidh n-a gcaomhna,
De dhruim beannacht na n-anbhfann n-éighleach
Ba(dh) deócha dho bith-bheódhacht Elias.



Bile buadha (búch) dho'n fhiú(gha) dob' aerde
Ó shile sugha na siúntaibh saora,
Ba ghile gnúis 's ba lonnrach réal(t) ruisg,
'S ba dile dúil ag múchadh méirleach.


L. 418


Posta cúla na Cúige a chaomhnadh,
Fosgach fionntach clumhail caithréimeach,
Cisde dlúis nár dhúin a ghéag gheal,
Treabhthach tr(i)úrach tionsgach tréadach.



Má's misde dhúinn flaith-phrionnsa is Phoénics,
Nár airg Úird 's nár chumhdaigh éigceart,
Nar chreach i gcúirt an truagh ná an tréith-lag.
Is long gan stiúir ár ndúithche in' éagmais.



Má's misde fós flaith mór mar é dhul,
Do thuit ár ndóigh 's ár nglór i n-éinfheacht;
Gé mhairfid go fóill 'n-a lóchrann léighte
I leabhraibh Suadh dá luadh idir Éigse.



Do nós Bhriain ar dhiadhacht 's ar dhéine;
Ar nós Ghuaire ar uaill 's ar fhéile;
Do nós Eoghain ar mhórdhacht mhéine;
Is do nós Mhurchadh ar uise 's ar éachtaibh.



A ghrinn-fhlaith gan ísle gan aerde,
Ní mhaoidhim ort id' ghníomhartha do ghléire,
Do dhírghe do shaoire do shéimhe,
Ná (a) mbíodh d'fhearaibh aoibhne fád' ghéille.



Ní mhaoidhim fós do mhórdhacht méine
Do chiall do chonn ná glonn do chéadfa,
Ní mhaoidhim gradam ná gairm do réime,
Is go deimhin bhí fírinne id' bhréithir.



Ná gach tabhartas trom is tréithe
Is gluine is glonn ar bhronn Mac Dé dhuit,
Acht amháin ó táim dot éileamh
Gur bh'aithghin díreach d'fhuigheal na nGaedheal tu.



'S a sháir-fhir ó sháruigh an t-éag thu,
'S gur fhágbhais na táinte go tréith lag,
Ní curtha cás go bráth san saoghal so,
Ná gcuir an bás ar cách de sgléipibh.



De bhrígh go dtúrnann tnúth gach tréin-fhir
'S go dtéid gach meidhir mar leigheas-luibh éan-chnuic,
'S gan cruth dá áille bláth dar féachadh
Nach téid de ghnáth mar sgáth na gréine.



'S is aithnid dam do sheanachus do léir-chur,
'S go bhfuaireas iúl do ghlúine géag-gheal,
A uaithne fuigheall na taoide tréine
Duadh do Gaoidhil im' laoidh ní dhéanam.



De bhrígh nár fhás do rádh gach éigcheas (éigeas)
Fiadhaile feadha ná gcárthan cao ionnat,
Acht dosaibh díona dírghe déigh-theast
Ar lorg righne righ-cheap réaguin.



Ná luadh molta dhuit ní obraim ar éan-chor,
Gé dhuainfinn duit duain mhaisesach déanta,
Is ní duain tsáis ná phláis ná bhaosra
Acht duain chráite 's cáis is éagna.



Cé d'fháisg dealg trasna na n-ae ionnam
Ó rángais fé shásamh an éaga,
Is cráite atá an Gall agus an Gaedheal de
Gan t'árd-mhac id' dheáidh is dár gcaomhnadh.



'S ó thárlaidh an t-ármhach sin déanta
'S á shlánadh tré ghlámaibh nach féidir,
Ní tráth dhuit bheith cásach a Dhé ghil
Ár slán feasta ó'n lá sin go héag fúibh.



De bhrigh go mb'fhearr dhúinn bheith báithte i n-éinfheacht
'Ná bheith 'n-a ndeáidh go cráite tréith-lag,
Dár gcárnadh faoi dhásacht gach péine
Dá dtráchtann an Parliament maolach.



Acht fágbhaim an áit is éist liom,
Is tráchtam ar Chlár Luirc go héagnach,
Dod' stialladh idir fhiacla gach faol-chon
Dá dtriallann tar grian-tsleasaibh Théitis.



Is diachrach d'fhág dian-achtaibh Dé sibh
Gan tiagharna gan Iarla ná aodhaire ort;
Gé tá mo shúil go dlúth led' fhaosamh,
Dob' annamh thú (a) Chláir Lughaidh go héagnach.




Tugann soin go dtí bun an dara leathanaigh déag
ar fhichid sinn. Deir Seaghán Ó Briain annso: "An
Feartlaoi agus Aois an Tighearna; féach thall." Ar an
gcéad. Leathanach eile gheibhmíd feart-laoidh an dáin
thuas. Sid í í:




Aois an Árd-fhlath an tan do théarna(dh)
Donnchadh Ó Briain, flaith-thriath na Léime;
Míle slán ar sgáth seacht gcéada,
Re seacht lán-bhliadhna diana déaga;
An seachtmhadh lá lom-chráite ar aon deich
Adúis an gheimhre bhíoga bhraona;
Ar mbíodh gan tlás faoi bhláth ar an saoghal so
Seachtmhadh sa seacht cídh seasg mo sgéal-sa.



Deir Seaghán Ó Briain annso: "Foirceann mar
fuaireas:" agus mar nóta fá n-a bhun thíos adeir:
"Má tá aon nídh cam im' dhiaidh bíodh a mhilleán ar
Dhiarmaid. Seaghán Ó Briain. Aois an Tighearna
1826." Fé n-a bhun go léir scríobh sé a ainm arís.
Sid é an t-éan-áit amháin go bhfuil dáta san láimh-
scríbhinn. D'fhágadh íochtar an leathanaigh seo follamh,
agus níor scriobhadh éan-rud ar an leathanach n-a dhiaidh
.i. Leathanach 34.



(Ní Críoch).



"A Fhódla phráis is nár nach follus díbh-se,
Gur chóra tál ar sháir-shliocht mhódhuil Mhílidh;
Deoir níor fágadh i gclár do bhrollaigh mhínghil,
Nár dheolsad ál gach cránach coigcríche."



DOCHTÚIR CÉITINN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services