Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Marcaigheacht Seagháin Uí Aodha.
Title
Marcaigheacht Seagháin Uí Aodha.
Author(s)
Ua Conchubhair, Micheál,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MARCAIGHEACHT SHEAGHÁIN UÍ AODHA. Bhíomar bailighthe timcheall na teine i dtigh Sheagháin Uí Aodha. Níor bh'é an chéad uair againn ann é. Go deimhin ba mhinic a bhí sgoruidheacht sa tigh céadna sarar bunuigheadh riamh Connradh na Gaedhilge. Bhí gasra mhaith againn ann an oidhche seo. Sa chúinne le hais na teine, bhí Seaghán féin 'n-a shuidhe, a phíop na bhéal agus caipín oidhche ar a cheann, ullamh le dul chum codlata. Ní raibh bróg na stoca anois air, agus bhí an rian air, is breágh breac- luirsgneach a bhí sé. Ar thaobh an tighe bhí Máire a bhean, ag sníomh, súil aici ar an dtúrann agur leath-chluas uirthi ag éisteacht lé n-ár gcomhrádh-na. Ní raibh de chúram orainne gach n-oidhche, acht ag baint spórt as Seaghán, mar b'é an fear ba mhó éithigh a chumadh a thárlaidh riamh liom. Níor bh'fhuruirt é chur chum suidhte, acht nuair bhogadh sé b'fhiú dhuit dul dhá mhíle ó bhaile chun éisteacht leis. Chrom Tadhg Ruadh ar chainnt ar na daoine maithe. D'innis sé sgéilín dúinn ar rud éigin a thuit amach ar chómhursain leis oidhche bhí sé déidheannach ar an mbóthar 'n-a aonar ag teacht a-bhaile ón aonach. "Agus," arsa Tadhg, ag críochnughadh a sgéil, "ní ghéillfeadh sé ón lá soin go dtí an lá tá indiu ann ná gur b'é an púca a thárlaidh leis agus d'imir cleas ar. Níl amhras ar bith nár chuireadh sgannradh uathbhásach ar. Ar mhíle bó ní bhéarfá amuigh ó shoin ar t'réis tuitim na hoidhche." "Cuir uait, a Thaidhg" ar Séamus an Phuic, ógánach de bhuachaill aimsire le feirm- eóir san áit; "níl a leithéid i n-éan-chor sa tsaoghal." B'é seo an chéad oidhche ag Séamus i n-ár measg, agus, dá bhrigh sin, ní raibh fhios aige gur le sgéal a fhagháil as Seaghán Ua hAodha a bhí Tadhg mar sin. D'árduigh Seaghán a cheann agus d'fhéach ar Shéamus. "Thugais t'éitheach a gharsúin," ar sé, "agus glac cómhairle uaim-se anois. Ná bog do phus choidhche ar rud ná fuil eólas agat air. Is mór an truagh gan do leithéid a bheith sa chliabhán fós, agus is ann a bheitheá-sa leis mara mbeadh daoireacht adhmaid. Síleann gach preabaire agaibh gur fear é chómh luath is tá sé ábalta ar a bhalcaisí a ghléasadh air féin." "Á, a Sheagháin," arsa Muiris an Rinnce, "ná bí ró-chruaidh ar an mbioránach. Ní le droch-mheas ar éinne adubhairt sé an méid sin. 'San am chéadna má's é a chreideamh ná fuil púcaí 'sa tsaoghal, táim-se leis, mar ná tugaim géilleadh dhóibh." "B'fhearra dhuit go mór is go fada, aire thabhairt dod' ghnótha féin, a Mhuirisín, a dhalta," arsa Seaghán. "Níor cheart duit an méid sin cainnte a rádh i nguth a b'aoirde ná cogar. Inneósad-sa sgéal díbh anois, agus mara gcreidfidh tú tréis é chlos go bhfuil púcaí ann, tugaim fógra dhuit, agus ní minic im' fháidh mé, go mbeidh atharrughadh puirt agat sara ndúnfaidh an uaidh os do chionn." Ní raibh uainne acht soin. Bhí Seaghán corruighthe anois, agus is geárr go mbeadh sé ar sodar ag sgaothaireacht dúinn. Chuir Muiris a' Rinnce a theanga 'n-a phluic, agus thosnuigh Seaghán ar an sgéal so a leanas. "Dáfhichid bliadhain ó shoin bhí feirm thalmhan ag m'athair i bParóiste an Daingin. Bhíodh féar hocht mbó aige ann, de thalamh áluinn, agus ní de thaobh chnuic fé mar atá agam-sa anois, fóríor. Tá fhios agaibh ar fad cionnus ar cuireadh as é i n-aimsir an droch-shaoghail.
"Ní bhíodh im úr á dhíol an uair sin, fé mar atá anois, agus bhí a rian ar dhaoinibh, ní rabhadar n-a mbuaibh aonaigh mar tá daoine indiu. Gach nAoine beidh an bóthar nach mór dubh le haindheiseóirí ag ruith le na mblúireacha ime ar an margadh. 'San tsean-aimsir do líonadh daoine feircíní go galánta. Is minic a chonnac-sa m'athair agus sé cinn aca lán i dtaobh an tighe aige. "Aon tráthnóna Dia Céadaoin amháin fuair m'athair sgéala go raibh im éirighthe go mór. Bhí chúig feircíní ime istigh aige, agus bheartuigh sé féin agus cómhursa linn dul go Tráigh Lí lá ar n-a bháireach agus a gcuid, ime bhreith leó. Bhíodar chum baile fhágaint ar éirghe lae; dá bhrígh sin d'órduigh m'athar dom, sarar chuaidh sé féin a chodladh, an capall a tabhairt isteach as an bpáirc. D'árduigheas liom cúil-cheannrach, acht níor chuadhas cruinn díreach ag iarraidh an chapaill, mar nuair bhíos ag ghabháilt thar doras Thomáis Uí Chonchubhair - bh'é sin athair Máire annso - ghabhas isteach leath-sgéal éigin agus chaitheas uair nó dhá uair a chluig ann ag cur nidhthe tré chéile le Máire agus a hathair. "Gan amhras bhí sé ag druidim go géar leis an dó-dhéag nuair sgaras ag an doras le Máire. Oidhche spéir-ghealaighe a b'eadh í agus creid mé leis ná rabhas ag cuimhneamh ar shídhe na ar phúca. Is beag an mearathall a bhíodar ag cur orm. Fuaras an pháirc mar a raibh an capall. Shuidheas ar an gclaidhe chun gal a bhaint as an bpíop, mar, má's é bhur dtoil é, bhíodh gal agam as mo dhúidín féin i gan fhios dom' athair. I gcionn tamaill d'éirgheas im' sheasamh agus chuadhas fé dhéin a'n chapaill. Samhluigheadh dom gur mhó é ná mar badh cheart dó, acht dubhart liom fhéin gur sgáth-shúil éigin a bí orm 'san droch-sholas. Rud nár ghnáthach leis bhí sé mór-dheacair le breith air. Sa deire ráinig liom, agus bhuaileas an chúil- cheannrach air. Nuair léimeas i n-áirde ní chasfadh an diabhar ná an deamhan a aghaidh a-bhaile. Acht i ndeire thiar, thall tháinig mí-fhoidhne agam leis agus bhuaileas idir an dá chluais é le slaitín a bhí im' láimh. "B'fhéidir gur bhog so é. Léim sé glan ó'n dtalamh, agus nuair tháinig sé ar a chosaibh, chur sé dhe acht ní a-bhaile. Níor aithnigheas go dtí seo nár bh'é mo chapall féin a bhí fúm. Ní mór nár thuiteas anuas ar an dtalamh nuair buaileadh im aigne gur bh'é an púca bhí fúm. Bíodh geall ná rabhas istigh liom fhéin, agus go mb'fheárr liom ná rud maith go mbeinn anuas. Ní mór nár strac sé na géaga dhíom nuair bhuaileas é. Soir uaim a bhí an tigh acht siar ar a dTráigh Bhig a thug an bitheamhnach aghaidh. D'imthigh sé
ar nós gaoithe na Márta. Gan aon bhréag ní dócha go bhfeacathas riamh sa tsaoghal a leithéid de shiubhal is bhí fúinne. Chonncabhair an sguab a thugann seabhac na hAille Sgriosta uaireannta; d'imthigh eamair níosa thapamhla 'ná soin. Is minic a bhíos ag féachaint ar chapall ráis. Ní bhíonn sé acht ar chos a n-áirde i gcomórtas lem' chapall-sa an oidhche úd. Tá droichead gur ghabhamair thairis trí chéad troigh ar fhaid. D'fhéach sé dhomh-sa an oidhche úd go raibh timcheall faid a bhúird ann. Is amhlaidh mar tá an sgéal ná beadh curtha síos cruinn agam ar obair na hoidhche úd go ceann seachtmhaine; ar an gcrith-eagla bhí orm go gcaillfinn mo ghreim nó go dtuitfinn anuas thré neart uamhain. Dá dtuitfinn, is dóigh liom go gcaithfidhe sguab a fhagháil chun na slisneacha a bhailiughadh. Go háirithe ní stad ná staon a dhein mo bhuachaill nó go raibh sé ar bhruach Aill an dá Leac. Thug sé iarracht annsoin lem' chaitheamh síos leis an Aill, acht bhí breis mheabhrach ag teacht dom anois agus bhí greim daingean 'n-a mhaing agam. Chonnaic sé nár bh'aon mhaith dhó bheith ag iarraidh sgaramhuint mar sin liom, agus so treasna an chnuic arís leis, suas go Carraig an Mhionnáin agus síos go cinn Áird an Teampuill. Níor stad sé dhe'n rás go dtángamair go dtí an pháirc chéadna d'fhágamair. Bhíos-sa chómh tnáithte sin gur thuiteas anuas annsoin dhe. Shíleas go dtugas táth dhe'n mhaing im' láimh liom. Ní túisge thuiteas ar an dtalamh ná tháinig laige orm. "Fuair m'athair im' chodladh ann mé ar éirghe an lae, an chúil-cheannrach i láimh liom agus táithín de'n bhféar glas sa láimh eile. Níor ghéill sé dhom sgéal, acht ní fhágann soin ná gur bh'fhíor é. Is dóigh liom go raibh tinneas im' chnámhaibh go ceann mí na dhiaidh sin." MICHEÁL UA CONCHUBHAIR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services