MARCAIGHEACHT SHEAGHÁIN UÍ AODHA.
Bhíomar bailighthe timcheall na teine i
dtigh Sheagháin Uí Aodha. Níor bh'é an chéad
uair againn ann é. Go deimhin ba mhinic
a bhí sgoruidheacht sa tigh céadna sarar
bunuigheadh riamh Connradh na Gaedhilge. Bhí
gasra mhaith againn ann an oidhche seo. Sa
chúinne le hais na teine, bhí Seaghán féin
'n-a shuidhe, a phíop na bhéal agus caipín
oidhche ar a cheann, ullamh le dul chum
codlata. Ní raibh bróg na stoca anois air,
agus bhí an rian air, is breágh breac-
luirsgneach a bhí sé. Ar thaobh an tighe bhí
Máire a bhean, ag sníomh, súil aici ar an
dtúrann agur leath-chluas uirthi ag éisteacht
lé n-ár gcomhrádh-na. Ní raibh de chúram
orainne gach n-oidhche, acht ag baint spórt
as Seaghán, mar b'é an fear ba mhó éithigh a
chumadh a thárlaidh riamh liom. Níor bh'fhuruirt
é chur chum suidhte, acht nuair bhogadh sé
b'fhiú dhuit dul dhá mhíle ó bhaile chun éisteacht
leis.
Chrom Tadhg Ruadh ar chainnt ar na daoine
maithe. D'innis sé sgéilín dúinn ar rud
éigin a thuit amach ar chómhursain leis oidhche
bhí sé déidheannach ar an mbóthar 'n-a aonar
ag teacht a-bhaile ón aonach. "Agus," arsa
Tadhg, ag críochnughadh a sgéil, "ní ghéillfeadh
sé ón lá soin go dtí an lá tá indiu ann ná
gur b'é an púca a thárlaidh leis agus d'imir
cleas ar. Níl amhras ar bith nár chuireadh
sgannradh uathbhásach ar. Ar mhíle bó ní
bhéarfá amuigh ó shoin ar t'réis tuitim na
hoidhche."
"Cuir uait, a Thaidhg" ar Séamus an
Phuic, ógánach de bhuachaill aimsire le feirm-
eóir san áit; "níl a leithéid i n-éan-chor sa
tsaoghal." B'é seo an chéad oidhche ag
Séamus i n-ár measg, agus, dá bhrigh sin,
ní raibh fhios aige gur le sgéal a fhagháil as
Seaghán Ua hAodha a bhí Tadhg mar sin.
D'árduigh Seaghán a cheann agus d'fhéach
ar Shéamus. "Thugais t'éitheach a gharsúin,"
ar sé, "agus glac cómhairle uaim-se anois.
Ná bog do phus choidhche ar rud ná fuil eólas
agat air. Is mór an truagh gan do leithéid
a bheith sa chliabhán fós, agus is ann a
bheitheá-sa leis mara mbeadh daoireacht
adhmaid. Síleann gach preabaire agaibh
gur fear é chómh luath is tá sé ábalta ar a
bhalcaisí a ghléasadh air féin."
"Á, a Sheagháin," arsa Muiris an Rinnce,
"ná bí ró-chruaidh ar an mbioránach. Ní le
droch-mheas ar éinne adubhairt sé an méid
sin. 'San am chéadna má's é a chreideamh
ná fuil púcaí 'sa tsaoghal, táim-se leis,
mar ná tugaim géilleadh dhóibh."
"B'fhearra dhuit go mór is go fada, aire
thabhairt dod' ghnótha féin, a Mhuirisín, a
dhalta," arsa Seaghán. "Níor cheart duit
an méid sin cainnte a rádh i nguth a b'aoirde
ná cogar. Inneósad-sa sgéal díbh anois,
agus mara gcreidfidh tú tréis é chlos go
bhfuil púcaí ann, tugaim fógra dhuit, agus
ní minic im' fháidh mé, go mbeidh atharrughadh
puirt agat sara ndúnfaidh an uaidh os do
chionn."
Ní raibh uainne acht soin. Bhí Seaghán
corruighthe anois, agus is geárr go mbeadh
sé ar sodar ag sgaothaireacht dúinn. Chuir
Muiris a' Rinnce a theanga 'n-a phluic,
agus thosnuigh Seaghán ar an sgéal so a
leanas.
"Dáfhichid bliadhain ó shoin bhí feirm
thalmhan ag m'athair i bParóiste an Daingin.
Bhíodh féar hocht mbó aige ann, de thalamh
áluinn, agus ní de thaobh chnuic fé mar atá
agam-sa anois, fóríor. Tá fhios agaibh ar
fad cionnus ar cuireadh as é i n-aimsir an
droch-shaoghail.
"Ní bhíodh im úr á dhíol an uair sin, fé
mar atá anois, agus bhí a rian ar dhaoinibh,
ní rabhadar n-a mbuaibh aonaigh mar tá
daoine indiu. Gach nAoine beidh an bóthar
nach mór dubh le haindheiseóirí ag ruith le
na mblúireacha ime ar an margadh. 'San
tsean-aimsir do líonadh daoine feircíní go
galánta. Is minic a chonnac-sa m'athair
agus sé cinn aca lán i dtaobh an tighe aige.
"Aon tráthnóna Dia Céadaoin amháin
fuair m'athair sgéala go raibh im éirighthe go
mór. Bhí chúig feircíní ime istigh aige, agus
bheartuigh sé féin agus cómhursa linn dul
go Tráigh Lí lá ar n-a bháireach agus a gcuid,
ime bhreith leó. Bhíodar chum baile fhágaint
ar éirghe lae; dá bhrígh sin d'órduigh
m'athar dom, sarar chuaidh sé féin a chodladh,
an capall a tabhairt isteach as an bpáirc.
D'árduigheas liom cúil-cheannrach, acht níor
chuadhas cruinn díreach ag iarraidh an
chapaill, mar nuair bhíos ag ghabháilt thar
doras Thomáis Uí Chonchubhair - bh'é sin athair
Máire annso - ghabhas isteach leath-sgéal
éigin agus chaitheas uair nó dhá uair a chluig
ann ag cur nidhthe tré chéile le Máire agus
a hathair.
"Gan amhras bhí sé ag druidim go géar
leis an dó-dhéag nuair sgaras ag an doras
le Máire. Oidhche spéir-ghealaighe a b'eadh
í agus creid mé leis ná rabhas ag cuimhneamh
ar shídhe na ar phúca. Is beag an mearathall
a bhíodar ag cur orm. Fuaras an pháirc
mar a raibh an capall. Shuidheas ar an
gclaidhe chun gal a bhaint as an bpíop, mar,
má's é bhur dtoil é, bhíodh gal agam as
mo dhúidín féin i gan fhios dom' athair. I
gcionn tamaill d'éirgheas im' sheasamh agus
chuadhas fé dhéin a'n chapaill. Samhluigheadh
dom gur mhó é ná mar badh cheart dó, acht
dubhart liom fhéin gur sgáth-shúil éigin a bí
orm 'san droch-sholas. Rud nár ghnáthach
leis bhí sé mór-dheacair le breith air. Sa
deire ráinig liom, agus bhuaileas an chúil-
cheannrach air. Nuair léimeas i n-áirde ní
chasfadh an diabhar ná an deamhan a aghaidh
a-bhaile. Acht i ndeire thiar, thall tháinig
mí-fhoidhne agam leis agus bhuaileas idir
an dá chluais é le slaitín a bhí im' láimh.
"B'fhéidir gur bhog so é. Léim sé glan
ó'n dtalamh, agus nuair tháinig sé ar a chosaibh,
chur sé dhe acht ní a-bhaile. Níor aithnigheas
go dtí seo nár bh'é mo chapall féin a bhí
fúm. Ní mór nár thuiteas anuas ar an
dtalamh nuair buaileadh im aigne gur bh'é
an púca bhí fúm. Bíodh geall ná rabhas
istigh liom fhéin, agus go mb'fheárr liom ná rud
maith go mbeinn anuas. Ní mór nár strac
sé na géaga dhíom nuair bhuaileas é. Soir
uaim a bhí an tigh acht siar ar a dTráigh Bhig
a thug an bitheamhnach aghaidh. D'imthigh sé
ar nós gaoithe na Márta. Gan aon bhréag
ní dócha go bhfeacathas riamh sa tsaoghal a
leithéid de shiubhal is bhí fúinne.
Chonncabhair an sguab a thugann seabhac
na hAille Sgriosta uaireannta; d'imthigh
eamair níosa thapamhla 'ná soin. Is minic
a bhíos ag féachaint ar chapall ráis. Ní
bhíonn sé acht ar chos a n-áirde i gcomórtas
lem' chapall-sa an oidhche úd. Tá droichead
gur ghabhamair thairis trí chéad troigh ar
fhaid. D'fhéach sé dhomh-sa an oidhche úd go
raibh timcheall faid a bhúird ann. Is
amhlaidh mar tá an sgéal ná beadh curtha
síos cruinn agam ar obair na hoidhche úd
go ceann seachtmhaine; ar an gcrith-eagla
bhí orm go gcaillfinn mo ghreim nó go
dtuitfinn anuas thré neart uamhain. Dá
dtuitfinn, is dóigh liom go gcaithfidhe
sguab a fhagháil chun na slisneacha a
bhailiughadh.
Go háirithe ní stad ná staon a dhein mo
bhuachaill nó go raibh sé ar bhruach Aill an
dá Leac. Thug sé iarracht annsoin lem'
chaitheamh síos leis an Aill, acht bhí breis
mheabhrach ag teacht dom anois agus bhí greim
daingean 'n-a mhaing agam. Chonnaic sé
nár bh'aon mhaith dhó bheith ag iarraidh
sgaramhuint mar sin liom, agus so treasna
an chnuic arís leis, suas go Carraig an
Mhionnáin agus síos go cinn Áird an
Teampuill. Níor stad sé dhe'n rás go
dtángamair go dtí an pháirc chéadna
d'fhágamair. Bhíos-sa chómh tnáithte sin
gur thuiteas anuas annsoin dhe. Shíleas go
dtugas táth dhe'n mhaing im' láimh liom.
Ní túisge thuiteas ar an dtalamh ná tháinig
laige orm.
"Fuair m'athair im' chodladh ann mé ar
éirghe an lae, an chúil-cheannrach i láimh liom
agus táithín de'n bhféar glas sa láimh eile.
Níor ghéill sé dhom sgéal, acht ní fhágann
soin ná gur bh'fhíor é. Is dóigh liom go raibh
tinneas im' chnámhaibh go ceann mí na dhiaidh
sin."
MICHEÁL UA CONCHUBHAIR.