Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - An Gabhar.
Title
Scoil na Suadh - An Gabhar.
Author(s)
Ó Ciarsaigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GABHAR. Is air aonach na Beárnadh lá seal d'á rabhas, Is beag a shíleas an lá úd go gceannóghainn aon ghabhar; Thugas chum Mháire í ó do tháinig sí trom, Agus bhí sí lán d'áthas ag ól a cuid neamhair. A's chuireas 'sa ngáirdín í le fáilte dá fheabhas, Fiú an phlannda gabáiste níor ghág sí 'gam ann; Acht ag imtheacht a' plánáracht air árd-bharraí crann, Ag cur na ghcomharsan is Máire gach lá air bull(a)- cheann. "Níl tor ann a bheárfainn ná bláth as a cionn, Ná fiú an chroicinn phráta mar cheanáil agat romham, Nach mé scaoileadh im' ádhmhar amach 'dir dhá ghleann, Is gan tor ann a sáithfainn, ó'n mbáistigh mo cheann." Céad míle slán chum an áit úd a rabhas, Sin comharthaí bháis ní chuirfidhe romham ann; Nach mé chur í bpáirc shásaimh a's í fhágaint fé m' chóir, Nó isteach í ngort ráibe bheadh barr-ghlas go Samhain. Is mo leán is mo chás tá mé cráidhte gan dabht, Seo mar moladh an chéad lá thú - "go raibh tú id' ghabhar; Ceanamhail is macánta is gur bhreágh do chuid neamhar, Is go gcrúdhfaidhe trí cháirt uait gach aon lá go Samhain!" Acht ní mar sin atá sé is tráighthe tá do chom, An cnagaire lán ní thálann le fonn; B'é súil bhí aige Máire go mbeitheá fághailt reamhar, Ach, mo léan, ní bheadh fáscadh ag an lainncis id' chabhail. Faigh córda breágh láidir de'n chnáibh a bheidh reamhar, Agus ceangail a cosa go dlúth le n-a ceann; Is caith síos le fánaidh an diach gránda san abhainn, Sin a n-iarrfain do Shásamh i n-áit mo chuid gheamhair. SEAGHÁN Ó CIARSAIGH
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services