Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - An Gabhar.

Title
Scoil na Suadh - An Gabhar.
Author(s)
Ó Ciarsaigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN GABHAR.



Is air aonach na Beárnadh lá seal d'á rabhas,
Is beag a shíleas an lá úd go gceannóghainn aon
ghabhar;
Thugas chum Mháire í ó do tháinig sí trom,
Agus bhí sí lán d'áthas ag ól a cuid neamhair.



A's chuireas 'sa ngáirdín í le fáilte dá fheabhas,
Fiú an phlannda gabáiste níor ghág sí 'gam ann;
Acht ag imtheacht a' plánáracht air árd-bharraí
crann,
Ag cur na ghcomharsan is Máire gach lá air bull(a)-
cheann.



"Níl tor ann a bheárfainn ná bláth as a cionn,
Ná fiú an chroicinn phráta mar cheanáil agat
romham,
Nach mé scaoileadh im' ádhmhar amach 'dir dhá ghleann,
Is gan tor ann a sáithfainn, ó'n mbáistigh mo
cheann."



Céad míle slán chum an áit úd a rabhas,
Sin comharthaí bháis ní chuirfidhe romham ann;
Nach mé chur í bpáirc shásaimh a's í fhágaint fé m'
chóir,
Nó isteach í ngort ráibe bheadh barr-ghlas go
Samhain.



Is mo leán is mo chás tá mé cráidhte gan dabht,
Seo mar moladh an chéad lá thú - "go raibh tú id'
ghabhar;
Ceanamhail is macánta is gur bhreágh do chuid
neamhar,
Is go gcrúdhfaidhe trí cháirt uait gach aon lá go
Samhain!"



Acht ní mar sin atá sé is tráighthe tá do chom,
An cnagaire lán ní thálann le fonn;
B'é súil bhí aige Máire go mbeitheá fághailt reamhar,
Ach, mo léan, ní bheadh fáscadh ag an lainncis id'
chabhail.



Faigh córda breágh láidir de'n chnáibh a bheidh reamhar,
Agus ceangail a cosa go dlúth le n-a ceann;
Is caith síos le fánaidh an diach gránda san abhainn,
Sin a n-iarrfain do Shásamh i n-áit mo chuid
gheamhair.



SEAGHÁN Ó CIARSAIGH




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services