Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Mo Shlán Chun Carraig na gCaol-Fhear.
Title
Scoil na Suadh - Mo Shlán Chun Carraig na gCaol-Fhear.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ní Raghallaigh, Anna
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MO SHLÁN CHUN CARRAIG NA gCAOL-FHEAR. Gléas F. Go maordha binn. Anna Ní Raghallaigh, do sholáthruigh. Mo shlán chun Carraig na gCaol-fhear, Mar chaitheas-sa teárm 'om Aoir, Gan gábhadh gan easbaidh san tsaoghal so Ach a' magadh sa' scléip leó bhínn. Do gheobhthaidhe aifireann Dé ann, Is teagasc ar bhréithre Chríost, 'S níl
fán ar ár sagart san naomhthacht, Tá a ghairim fé réim san tír. Do-gheobhthaidhe ainnir mhodhmhail mhaordha ann Bheadh leanbhach faobhrach mín, Is báidh go dtabharfadh dhon chéad-fhear Dhá nglacfadh sé léi mar mhnaoi. Do thógfadh mairig is léan díot Le binneas a béilín bhinn, Is gnó 'gus maitheas dá réir sin I mbruinnil na gcraobhfolt mbuidhe. Do-gheobhthaidhe gasra thréan-fhear ann Calma tréitheach groidhe Badh ró-bhreagh an taca lá aonaigh Chum bagairt nó glaodhach i mbruighin; I mbáire ar mhachaire tréadtha Ní fheicim go staonfaidís; Agus barr do-bheirim san bhféileacht Do Charraig na Séimh-fhear mín. Do-gheobhthaidhe capaill is caoirigh 'nn Ba boga laoigh is uain; Do-gheobhthaidhe muileann ar linn ann Is leabaidh do'n rígh chum suain; Do-gheobhthaidhe an fiolar 's an faoileann An druid an chearc fraoigh 's an chuach Agus éanlaith na cruinne san ngeimhreadh Do chruinnigheann san gcoill ó'n bhfuacht. Do-gheobhthaidhe an cuilleann ag fás ann Pluma breagh áirne 's ubhall An fhuinnseóg gharbh 's an cárthann Is bile breagh áluinn iubhair; Tá adhmad luinge nó báid ann Do fhanfadh ar bhárr na dtonn; Na craínn ag briseadh fé bhláth ann 'S a dtortha le fagháil ar drúcht. Dá gcasfaidhe bacach thar 'dtír chughainn Nó seanduine críonna dreóil, Máighistir scoile no rinnce No siollaire a dheinnfeadh ceól, Thar barr gó deireadh na treidhse Ar na leinibh ag roinnt an eóil 'S siúd fáilte is fiche ins gach teaghlach Gan mhairg fí mheidhir n-a gcóir. 'S do-gheobhthaidhe aiteas is aoibhneas ann Maidin bhreágh aoibhinn fhoghmhair; Do-gheobhthaidhe siolla as an bpíp ann Is baraille dighe le n-ól; Bheadh cuideachta shultmhar 'ár dtimcheall Do ghlanfadh gan maoidheamh an scór; 'S go bráth ná curtar san gcill me Go gcasfaidh mé arís n-a dtreó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services