Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Mo Shlán Chun Carraig na gCaol-Fhear.

Title
Scoil na Suadh - Mo Shlán Chun Carraig na gCaol-Fhear.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ní Raghallaigh, Anna
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 410


MO SHLÁN CHUN CARRAIG NA gCAOL-FHEAR.



Gléas F. Go maordha binn. Anna Ní Raghallaigh, do sholáthruigh.



Mo shlán chun Carraig na gCaol-fhear, Mar chaitheas-sa teárm 'om Aoir, Gan
gábhadh gan easbaidh san tsaoghal so Ach a' magadh sa' scléip leó bhínn. Do
gheobhthaidhe aifireann Dé ann, Is teagasc ar bhréithre Chríost, 'S níl


L. 411


fán ar ár sagart san naomhthacht, Tá a ghairim fé réim san tír.



Do-gheobhthaidhe ainnir mhodhmhail mhaordha ann
Bheadh leanbhach faobhrach mín,
Is báidh go dtabharfadh dhon chéad-fhear
Dhá nglacfadh sé léi mar mhnaoi.
Do thógfadh mairig is léan díot
Le binneas a béilín bhinn,
Is gnó 'gus maitheas dá réir sin
I mbruinnil na gcraobhfolt mbuidhe.



Do-gheobhthaidhe gasra thréan-fhear ann
Calma tréitheach groidhe
Badh ró-bhreagh an taca lá aonaigh
Chum bagairt nó glaodhach i mbruighin;
I mbáire ar mhachaire tréadtha
Ní fheicim go staonfaidís;
Agus barr do-bheirim san bhféileacht
Do Charraig na Séimh-fhear mín.



Do-gheobhthaidhe capaill is caoirigh 'nn
Ba boga laoigh is uain;
Do-gheobhthaidhe muileann ar linn ann
Is leabaidh do'n rígh chum suain;
Do-gheobhthaidhe an fiolar 's an faoileann
An druid an chearc fraoigh 's an chuach
Agus éanlaith na cruinne san ngeimhreadh
Do chruinnigheann san gcoill ó'n bhfuacht.



Do-gheobhthaidhe an cuilleann ag fás ann
Pluma breagh áirne 's ubhall
An fhuinnseóg gharbh 's an cárthann
Is bile breagh áluinn iubhair;
Tá adhmad luinge nó báid ann
Do fhanfadh ar bhárr na dtonn;
Na craínn ag briseadh fé bhláth ann
'S a dtortha le fagháil ar drúcht.



Dá gcasfaidhe bacach thar 'dtír chughainn
Nó seanduine críonna dreóil,
Máighistir scoile no rinnce
No siollaire a dheinnfeadh ceól,
Thar barr gó deireadh na treidhse
Ar na leinibh ag roinnt an eóil
'S siúd fáilte is fiche ins gach teaghlach
Gan mhairg fí mheidhir n-a gcóir.



'S do-gheobhthaidhe aiteas is aoibhneas ann
Maidin bhreágh aoibhinn fhoghmhair;
Do-gheobhthaidhe siolla as an bpíp ann
Is baraille dighe le n-ól;
Bheadh cuideachta shultmhar 'ár dtimcheall
Do ghlanfadh gan maoidheamh an scór;
'S go bráth ná curtar san gcill me
Go gcasfaidh mé arís n-a dtreó.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services