Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Is é Pádraig Ó hArgáin ó Chraobh na Paróiste Thuaidh do bhuaidh ár nduais an mhí seo. Sgéal greann- amhar gan mearathal is eadh atá ag Pádraig 'á inn- sint, agus, dar linn-ne, is fearr sult agus greann 'ná gruamdhacht. Gheobhaimíd tuilleadh de'n ghreann ó Phádraig. Ní baoghal ná go mbeidh ár gceólthóirí sásta le "Cnocáinín Aerach na Biolaraighe." Sean-phort breagh Gaedhealach is eadh é. Tá ceann eile fachta againn ó Anna Ní Raghallaigh, agus cuirfeam i gcló é chomh maith leis seo. Ní gábhadh dhúinn a rádh go bhfuilmíd an- bhuidheach dhi. Tá sgéal eile againn an taca so ó "Ghruagach an Tobair". Is gnáthach an-chuid suilt i sgéalta an Ghruagaigh, agus ní'l an ceann so ar deireadh. Is dain- gean an ghreim atá aige ar an nGaedhilge, agus is é atá ábalta ar í chasadh go cliste. Is deas ar fad an imtheacht atá ar an sgéal so - imtheacht nádurtha atá air. Ba dhóigh leat gur cois teine ag éisteacht le ceann de na sean-sgéaluidhthe a bheitheá nuair bheitheá ag léigheamh sgéalta an gruagaigh. Tá slighe deas sim- plidhe aige chum gach aon rud a rádh. Is follus fós as a chuid sgríbhneoireacht go bhfuil a aigne Gaedhealach agus go smaoineann sé i nGaedhilg. Muna ndéanfadh, bheadh a rian ar a chuid sgríbhneoir- eachta - sé sin rian an Bhéarlachais. Tá alt againn an taca so ó "Chonchubhar Ó Deas- mhumhna, "Mangaire na Té", agus is dóigh linn go bhfuil buaidhte aige ar "Bhean na Bó Riabhaice" féin, dá fheabhas é. Is beag sgríbhneóir Gaedhilge go bhfuil cainnt aige chomh líomhtha nádurtha is tá ag Conchubhar, agus nuair a raghaidh sé i dtaithighe scríbhneóireacht ní'l éan-mhearathal ann ná go gcloisfear uaidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services