SINN FÉIN
Is é Pádraig Ó hArgáin ó Chraobh na Paróiste
Thuaidh do bhuaidh ár nduais an mhí seo. Sgéal greann-
amhar gan mearathal is eadh atá ag Pádraig 'á inn-
sint, agus, dar linn-ne, is fearr sult agus greann 'ná
gruamdhacht. Gheobhaimíd tuilleadh de'n ghreann ó
Phádraig.
Ní baoghal ná go mbeidh ár gceólthóirí sásta le
"Cnocáinín Aerach na Biolaraighe." Sean-phort breagh
Gaedhealach is eadh é. Tá ceann eile fachta againn ó
Anna Ní Raghallaigh, agus cuirfeam i gcló é chomh maith
leis seo. Ní gábhadh dhúinn a rádh go bhfuilmíd an-
bhuidheach dhi.
Tá sgéal eile againn an taca so ó "Ghruagach an
Tobair". Is gnáthach an-chuid suilt i sgéalta an
Ghruagaigh, agus ní'l an ceann so ar deireadh. Is dain-
gean an ghreim atá aige ar an nGaedhilge, agus is é atá
ábalta ar í chasadh go cliste. Is deas ar fad an
imtheacht atá ar an sgéal so - imtheacht nádurtha atá
air.
Ba dhóigh leat gur cois teine ag éisteacht le ceann
de na sean-sgéaluidhthe a bheitheá nuair bheitheá ag
léigheamh sgéalta an gruagaigh. Tá slighe deas sim-
plidhe aige chum gach aon rud a rádh.
Is follus fós as a chuid sgríbhneoireacht go bhfuil
a aigne Gaedhealach agus go smaoineann sé i nGaedhilg.
Muna ndéanfadh, bheadh a rian ar a chuid sgríbhneoir-
eachta - sé sin rian an Bhéarlachais.
Tá alt againn an taca so ó "Chonchubhar Ó Deas-
mhumhna, "Mangaire na Té", agus is dóigh linn go bhfuil
buaidhte aige ar "Bhean na Bó Riabhaice" féin, dá
fheabhas é. Is beag sgríbhneóir Gaedhilge go bhfuil
cainnt aige chomh líomhtha nádurtha is tá ag Conchubhar,
agus nuair a raghaidh sé i dtaithighe scríbhneóireacht ní'l
éan-mhearathal ann ná go gcloisfear uaidh.