Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal Greanamhar.
Title
Sgéal Greanamhar.
Author(s)
Ua hArgáin, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL GREANAMHAR. Bhí fear bocht 'na chomhnuidhe fadó i dTuath na Droman, agus do phós sé bean ghrástamhail cheanamhail, agus do mhaireadar i dteannta a chéile go grádhmhar subháilceach deagh-shamplach, gan aon tsaghas buadhartha ná easnamh ortha. D'éirigh an saoghal leó, acht nuair a bhíodar timcheall le dhá bhliadhain déag pósda, tháinig brón mór éigin ar an bhfear. Thagadh sé isteach agus imthigheadh sé amach gan focal 'á labhairt aige, agus bhí sé chómh dúr dothalach sain ná raibh a fhios ag aoinne cad a bhí air. Bhí sé an-ghruama agus goirgeach, agus ní réidhteóghadh aon rud leis; acht b'é bun is bárr a thubaiste go léir ná raibh aon chlann aige. Aon tSamhradh amháin, tháinig breóiteacht éigin air. Bhí sé an-leice, agus chuaidh sé siar go Beanntraighe ar feadh coighcís mar mhaitheas dá shláinte. Bhí sé chun teacht a-bhaile arís gan aon fheabhas tagaithe air; ach' díreach agus é ag cur a chuid éadaigh uime, tar éis teacht amach ó bheith ag snámh, cé thiocfadh amach ó'n uisge chuige 'ná an Mhaighdean Mhara. Do labhair sí leis, agus labhair seisean léi, agus d'fhiafruigh sí dhe cad a bhí air, nó cad fé ndeara an bhuadhairt go léir; agus d'innis sé a sgéal ó thúis deire. "Airiú! liaghfad-sa thú," ar sise, "má dhéanfair mar a déarfad leat. Imthigh a bhaile anois," ar sisi, "agus beidh mac óg ag do bhean i gceann trí ráithe, acht caith- fir an mac úd a thabhairt chugham-sa nuair a bheidh sé bliadhain is fiche d'aois." Do dhein sé an margadh, agus d'imthigh sé abhaile go háthasach, agus, nuair a chuala a bhean bunadhas a sgéil, bhí sí fiche uair níos measa 'ná é. Bhí iongnadh an domhain ar na comharsan- aibh, agus bhí iongnadh níosa mó ortha nuair a bhí an mac óg aca, agus ní raibh lánamhain 'sa' pharóiste chomh meidhreach leó. Bhí go maith, agus d'fhás an leanbh suas, agus thugadar léigheantas agus sampladh maith dho. Ní raibh aon gharsúin 'sa' sgoil chomh chliste ná chomh sean-chríonna leis, ná aon bhua- chaill níos umhlaí dá athair is dhá mháthair 'ná é, ná aon bhuachaill i gConndae Chorcaighe a b'fheárr rith agus léim 'ná é, ná aon ghaisge lúith ná nirt ná thiocfaidís suas leis. Ní raibh aon bhuachaill 'sa' chomhchlán níosa feárr 'ná é chum liathróide d'imirt nó rinnce do dhéanamh. Bhí cion agus grádh ag gach aoinne air; agus, rud eile, ní fheaca duine riamh i dtigh an tábhairne é nó i n-aon bhruighean ná acharann. Aon lá amhain tháinigh sé isteach chun a dhínnéir, agus bhí a athair agus a mháthair ag gol istigh roimis. D'fhiarfuigh sé dhíobh ca' 'n-a thaobh go rabhadar ag gol, agus d'innseadar dó annsoin gach nídh fé mar a thuit amach, agus go gcaithfeadh sé dul siar go Beanntraighe uatha, mar bheadh sé bliadhain is fiche i mbáireach. "Airiú!" ars'an buachaill, "ní raghad- sa léi an fhaid a bheidh fód tirm i nÉirinn." D'fhág sé slán agus beannacht aca lá'r na bháireach, agus thug sé aghaidh ar Bhaile Mhúirne. Nuair a bhí sé ag dul treasna Poll na mBró, d'airigh sé fothram éigin i dtaobh thall do'n abhainn. Chuaidh sé anonn, agus cad do bheadh ann 'ná céirseach, smólach agus lon- dubh, agus iad ag marbhughadh a chéile mar gheall ar chorpán ainmhidhe éigin. "Cad é seo ar siubhal agaibh?" ar seisean leó.
"Ó!" ars' an triúr i dteannta a chéile, "is liom-sa an rud so, agus táid siad so ag déanamh éagcóir orm." Bhí dúil 'sa' mhacántacht riamh aige, thóg sé sgian as a póca, agus dhein sé trí treana dhe, agus thug sé trian do gach ceann. Bhíodar chomh sásta leis an obair seo, agus bhí an oiread sain d'ionntaoibh aca air, gur thug an céirseach cumhacht dó go mbeadh sé ar an bhfear ba láidre do mhair riamh, agus an lon-dubh go bhféadfadh sé lon-dubh a dhéanamh de féin aon am ba mhaith leis, agus an smólach an ceól ba bhinne do chuala duinne riamh. Bhí nós éachtach 'sa' tír an t-am so. B'é sin, nuair a bheadh aon chailín óg chum pósadh, fógradh a chur amach go raibh a leithéid seo chun pósadh a leithéid seo de ló. Bhí árdán adhmuid déanta 'sa' pháirc ba ghiorra do'n tigh. Thagadh na fir óga, mór dtimcheall an árdáin seo, raghadh an cailín óg i n-áirde, agus tógadh sí a rogha fear ó'n sluagh, agus chaithfeadh gach aoinne bheith sásta. Bhí fear éigin de shliocht Labhra Ua Loingsigh 'n-a Fhlaith Iar-Mhumhan ag mair- eachtaint i mBaile Mhúirne an t-am so, agus bhí triúr inghíon aige, agus bhíodar chun pósadh lá'r na bháireach, agus bhí gach rud ullamh. Nuair d'fhág an buachaill óg na héan- laithe, is ar éigin do chreid sé iad. Bhí sé tuirseach suaidhte, agus dubhairt sé leis féin ná siubhalóghadh sé a thuilleadh. Dhein sé lon-dubh de féin, agus níor stad sé riamh nó choidhche chun gur eitil sé go tigh an fhlatha so, agus chuaidh sé i n-áirde ar bharra crainn liobháin bhí ag fás ar chlaidhe an gháirdín. Do thosnuigh sé ag cantain an cheóil ba bhinne d'ár chualadh riamh roimis sin nó ó shoin i mBaile Mhúirne. Bhí na cailíní óga 'n-a suidhe ar shuidheachán 'sa' gháirdín, agus iad ag tabhairt comhairle dá chéile mar gheall ar na fir a gheobhaidís i mbáireach. Nuair chualadar ceól binn an lon-duibh, do léimeadar 'n-a seasamh, ag iarraidh bhreith air. Tháinig sé anuas ar na scairtibh spiunána, agus leog sé air go raibh sé ag déanamh a dhíchill chun imtheacht uatha. Nuair bhíodar cortha agus stracaithe ó bheith ag rith 'n-a dhiaidh, do rug an inghean do b'óige air, agus é tachtathe, mar dh'eadh, ó'n tóir bhí 'n-a dhiaidh. Do gháir sí is do liúigh sí, agus bhí éad an domhain ar an mbeirt eile, mar b'fhearr le haon cheann aca an lon-dubh 'ná an t-óg- ánach b' áilne i gCúige Mumhan. Fuair sí an siúniéir a b'fhearr 'sa'tigh, agus deineadh sgiath-theach álainn láithreach dhó. Ní dhéan- fadh aon áit an gnó chun é choimeád acht istigh 'n-a seómra féin, ar eagla go ngoid- feadh éinne é. Níor thaithin bun ná bárr an sgith-theach leis an lon-dubh, agus, nuair tháinig an oidhche, tháinigh sé amach. Ní raibh fhios aige cá raibh sé. Bhí sé an-chortha. Thosnuigh sé ag cuardach an tseomra, fuair sé leaptha bhreágh, agus shín sé isteach ann, agus níor bhfada go raibh sé 'n-a chodhladh. Nuair bhí an cailín ag dul a chodladh, do chonnaic sí an fear sa' leabaigh chomh luath agus chuaidh sí isteach, agus, mo dhá léir! do sgread sí is do liúigh sí, agus tháinig an uile dhuine 'sa' tigh ag rith chúiche. Do mhúsgail an bioránach bocht, agus ní raibh sé i n-a leithéid de theannta riamh. Chuaidh sé le deithneas isteach 'sa' sgiath-theach 'n-a lon-dubh - díreach nuair bhí athair an chailín ag osgailt an dorais. "Cad é seo ort?" ar seisean. "Ó!" ar sise, "bhí fear annso nuair
thánag isteach, agus tá sé i bhfolach i n-áit éigin annso." Do chuardúigheadar an uile áit, agus tásg ná tuairisg ní bfhuaradar air. "Imthigh a chodladh," dubhairt a hathair léi. "Ag taidhreamh ataoi; agus, má dhúisigheann tú mise feadh na hoidhche arís, cuirfead an piléar 'sa' ghunna so tríot." Bhí fhios ag an gcailín cé bhí ann ámhthach, mar chonnaic sí an lon-dubh ag dul isteach 'sa' sgiath-theach; acht ar Éirinn ní 'neósfadh sí cé'r bh'é. Níor chodail sí néal an oidhche sin, agus, nuair tháinig solus an lae, do labhair an lon-dubh léi, agus dubhairt sé gur bh'é féin bhí 'sa' tseomra aréir, agus, mar a dhéan- fadh cailín maith, an fhuinneóg d'osgailt agus ní dhéanfadh sé buaidhirt dhi go bráth arís. "Tógfad ó'n áit sin thú, ar aon chuma," ar sise; "agus innis dam," ar sise, "cad 'n-a thaobh go bhfuil an draoidheacht soin ort." "Níl aon draoidheacht orm," ar' seisean, "acht féadaim, fear nó londubh do dhéanamh díom féin ar mo thoil." Dhein sé fear de féin annsan, agus ní fhaca sí fear riamh chómh breágh leis, agus dubhairt sí na haigne féin ná beadh fear go deó aici ach' é. Dh'innis sí annsan do go rabhadar chun pósadh an lá san, agus seo an margadh do dheineadar, agus an cómhartha bheadh aici air. Bhí paiste beag do'n bhóthar le feiscint, ó dheas i nGort an Imill, agus díreach ar a dó dhéag a' chlog, é a bheith ag teacht anuas an bóthar úd, ag marcuigheacht, ar chapall bhán. 'Dárduigh sí an fhuinneóg agus do sgaoil sí chun siúbhal é annsoin. Ní raibh sé i bhfad imthighthe, nuair bhí na huaisle ag teacht, agus ní raghadh láir bhán Dhómhnaill i n-éan-chomórtas le na capaillibh bhí aca súd. Nuair tháinig an t-am chuaidh an cailín ba shine i n-áirde, agus thóg sí an fear ba dheallrastaighe bhí ann, an dara cailín mar a gcéadna, agus an ceann a b'óige nuair chuaidh sí i n-áirde, dubhairt sí go raibh sí féin óg, agus bhí dóthchas aici go bhfaghadh sí tamall maith chun na huaisle d'inniúchadh: "Ó, gheódhair" a dubhradar go léir go hoidhche má's maith leat; i n-ionad bheith ag féach- aint ar na fearaibh, is thall ar bhóthar Ghort an Imil, bhí sí ag dearcadh. Sa deaireadh dubhairt sí, "An té 'tá ag teacht anuas an bóthar úd thall, ar an gcapall bán, sin é m' fhear-sa." "Airiú!" a dubhradar go léir "cá bhfios duit nó gur sean-duine críonna é siúd?" "Is cuma liom cioca," ar sise. Tháinigh sé, agus ní raibh fear sa faithche, chómh deallrathach leis, gan éan-locht, ach' go raibh capailín mí-chúmtha aige agus crudh ar sileadh leis. Pósadh an triúr láirtheach, agus bhí bain- fheis seachtmhaine aca, agus níor thaithn aon chliamhain chómh maith leó is do thaithin fear an chapaill bháin. Fuair gach cliamhain feirm mhór thailimh gan cíos ná íoc, ach' go raibh capall fiadhain ar cheann aca, tarbh fiadhain ar cheann eile, agus reithe fiadhain ar an gceann eile, aon duine do marbhóghadh ceann aca so, bheadh an fheirm saor aige. Fuair fear an chapaill bháin, feirm an reithe. Chuaidh sé fé n-a dhéin chun é mharbh- ughadh. Thóg an reithe seacht míle reatha, nuair chonaic sé iad ag teacht. Nuair bhí sé ag tabhairt an bhuic, dhein sé londubh de féin, i n-áirde ar a dhrom leis agus gheár sé an ceann de le ruidhbh. Dhein sé an cleas céadna leis an mbeirt eile agus bhí na trí feirme saor aca annsoin. Bhí ceann aca i n-aice Cheann tSáile, agus bhí an bheirt ag féachaint na feirme lá breágh samhraidh. Bhíodar ag siubhal cois na fairrge, agus go hobann cé léimfeadh rómpa
amach ná an Mhaighdean Mara. Bhí sí imthighthe glan as a cheann. "Anois," ar' sise, "táim ag faire ort le fada ach' táir agam sa deireadh." Bhí a bhean bhocht ag lógóireacht, agus bé toil Dé nár imthigh sí as a meabhair. Dhíol sí na trí feirme, agus fuar sí ar cheann aca sisiúr no deimheas, agus nuair a gheárrfadh sí éadach leis is amhlaidh a mhéadóghadh an t-éadach, ar cheann eile fuair sí ceirtlín snáithín, agus is amhlaidh mhéadóghadh sé seo leis nuair thógfá aon phioc as. Agus ar an gceann eile fuair sí cíor óir, agus an ceann gruaige ba mheasa bhí ar dhuine riamh chuirfeadh sé í ag sguabadh an fhéir le faid agus flúirseacht. Bhí sé ag siubhal cois na fairrge agus cailín beag 'n-a theannta, agus chonnaic an Mhaighdean Mara na rudaí iongantacha aici, agus d'iarrr sí uirthi an ndíolfadh sí iad, ná a dtabharfadh sí iad ar iasacht no cad d'iarrfadh sí ortha. "Ó," ar' sisi, "tabharfad chughat iad ach' go bhfeicfead m'fhear os cionn an uisge. "Seo, máiseadh, bíodh agat," ar sisi, á árdughadh suas ar a dá bhais. "Gíocs" ar' seisean, agus as go bráth leis na lon dubh arís. Bhí an méid sin de dheithneas agus áthas ar a mhnaoi ag rith 'n-a dhiaidh nár fhéach sí róimpi, agus bhuail sí a cos i gcoinnibh turtóige agus do thuit sí. Do rug an Mhaighdean Mara ar mhullach cinn uirthi agus do strac sí léi í isteach sa bhfairrge. Bhí an lon dubh bocht níosa mheasa ná riamh, agus chuaidh sé go seann-draoi agus d'innis sé a sgéal do. "Imthigh," a dubhairt an seann-draoi, "go dtí an lios sin thiar, agus imthigh isteach sa pholl talmhan, atá ar a thaobh dheas, agus istigh ar lár an leasa, gheóbhair slaitín draoidheachta agus ubhall óir, agus beir leat iad chun na fairrge. Buail an uisge leis an slat, agus beidh casán tirim ag dul isteach chun tigh an bhitheamhnaigh úd. Bheidh sí ag cíoradh a cinn romhat, agus nuair chífidh sí do sgáil ag teacht ar an ndoras, árdóghaidh sí a ceann agus chífir paisde dubh atá ar a sgórnach, buail an paisde sin leis an ubhall óir, agus má bhuailfir ann í ní bheidh baoghal ort." Dimthigh sé, agus dhein sé mar adubhradh leis, agus níor bh'fada go raibh sé ag doras na Maighdine Mara. Bhí sí ag níghe agus ag cíoradh a cinn, agus nuair chonnaic sí an sgáil ar an ndorus, baineadh geit mhór aisti. Bhí sí cromtha. Nuair d'árduigh sí a ceann, do chaith an fear an t-ubhall, agus bhuail sé san áit chirt í, agus thuit sí san úrlár 'n-a lathairt bhig glóthaighe. Geallaim-se go raibh fáilte ag a mhnaoi roimis, agus d'fhandar ann ar feadh coigthighis, bhí an áit chómh breágh soin. Do bhailigheadar leó gach aon rud fóghnta bhí ann agus dá mhála óir, agus níor stadadar go dtángadar go Tuath na Dromann arís. Bhí athair is máthair an fhir ana-mheidhreach, nuair choncadar é agus an bhean álainn bhí i n-a theannta. Dhein sé ríogh-bhrugh breágh ansoin, agus do mhair sé ann go séanmhar sonasach suairc, é féin agus a bhean, a athair agus a mháthair, agus d'airigheas go raibh a chlann agus chlann cloinne a chloinne ann, 'na dhiaidh- san. Acht ní'l tásg ná tuairisg ortha anois, acht tá cabhlach an tseana-thighe le feiscint fós agus simné an tseana-thighe sin 'na sheasamh leis agus tá sé chomh árd le Sean-Dún i gCor- caigh. 'Sé an ainm a ghlaodhtar air anois, ná simné mór Chathair Chéirín. Níor ghádh d'éinne acht dul go crois Tuath na Drom- ann chun é fheiscint, agus ní'l sé, faid sgréach asail ó'n áit sin. PÁDRAIG UA hARGÁIN
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services